Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh - an 11 Samhain 2015

Taifead na bpríomh-shaincheisteanna

 

Liosta na nDaoine a bhí i Láthair –

Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin), Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin, Pádraig Grant, an Coimisiún um Chaighdeáin, Áine Stapleton, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Madeleine Delaney, Oifig an Ombudsman, Martin Wallace, Dovetail, Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin.

Gert Ackermann, The Wheel, Sheila Norden, ICTR, Ian Talbot, Chambers Ireland, Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim, John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann, Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta, Pat Galvin, Eircom, Niall Shanahan, IMPACT, Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC), Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann, Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann, Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann.

Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí, Martin Lambe, Institiúid Cánachais na hÉireann, Cormac Ó Cúláin, Dlí-Chumann na hÉireann, Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin.

Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe.

  • Tá clár fairsing for-rochtana ar siúl agus thug an Coimisiún um Chaighdeáin cainteanna ag imeachtaí éagsúla ar fud na tíre. Beidh an Coimisiún um Chaighdeáin ag laghdú an lín imeachtaí for-rochtana a bheidh ar siúl idir seo agus deireadh na tréimhse tuairisceán i mí Eanáir.
  • Chuaigh an tSeirbia, an Fhrainc agus Albain i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir lena n-eispéireas agus an Clár á bhunú acu.
  • Thug an Coimisiún um Chaighdeáin cuireadh do na meáin chumarsáide freastal ar sheisiún faisnéise maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil. Tá sé socraithe don 26 Samhain.
  • Táthar ag plé deiseanna le haghaidh clúdach breise sna meáin chumarsáide idir seo agus deireadh na tréimhse tuairisceán.
  • Tá 504 chlárú ar an gcóras faoi láthair agus cuireadh 19 dtuairisceán isteach. Cuireadh roinnt tuairisceán isteach trí dhearmad agus réitigh an Coimisiún um Chaighdeáin iad a scriosadh.
  • D’fhoilsigh formhór na gcomhlachtaí poiblí sonraí faoina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe mar a cheanglaítear leis an Acht. Eisíodh litir an tseachtain seo caite chuig na comhlachtaí poiblí nach raibh na sonraí sin foilsithe acu go fóill inar cuireadh na hoibleagáidí atá orthu ina gcuimhne agus tabharfar glao leantach orthu sa tseachtain le teacht más gá.
  • Mhol an Grúpa go mbeadh sé ina chabhair dá bhfoilseodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an suíomh Gréasáin lobbying.ie liosta nasc chuig leathanach gach comhlachta phoiblí ina dtugann siad faisnéis faoina nOifigeach Poiblí Ainmnithe.
  • Tá an rannán Ceisteanna Coitianta ar an suíomh Gréasáin á nuashonrú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi láthair. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag fanacht le haistriúchán Gaeilge den doiciméad Ceisteanna Coitianta sula bhfoilseofar é.
  • Bhí fonn ar an nGrúpa buíochas a ghabháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as scaipeadh a dhéanamh ar bhileog faisnéise cúlra maidir le rún na ndréachtóirí i dtaca le halt 22 den Acht, go háirithe an sainmhíniú san Acht ar ‘duine bainteach’ mar a bhaineann sé leis an tréimhse mharana iarfhostaíochta. Tugadh faoi deara, áfach, go bhfuil sé faoin rialálaí (an Coimisiún um Chaighdeáin) an tAcht a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.
  • Tá Dovetail ag oibriú ar leagan inphriontáilte de na tuairisceáin a chur ar fáil do chláraithe.
  • Is ar bhonn cás ar chás a bhreithneofar an tsaincheist maidir le cé acu a mheastar nó nach meastar Ceisteanna Parlaiminteacha a bheith ina mbrústocaireacht.
  • Chuir an Grúpa roinnt údair imní in iúl faoi conas a léirmhíneoidh comhlachtaí poiblí an díolúine i gcás cumarsáidí a fhaightear ó chomhlachtaí ina bhfuil ról reachtúil ag an Aire agus go háirithe faoi cé chomh leathan atá an díolúine.
  • Scaipfidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tuarascáil a ullmhaíodh le déanaí ar an mbrústocaireacht. D’eisigh Comhairle na hEorpa an tuarascáil chuig an nGrúpa.
  • Tá súil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go dtabharfar tuilleadh soiléire di ar ball faoin uair a leathnófar ainmniú na nOifigeach Poiblí ainmnithe. Is dócha gur ar bhonn leibhéal tuarastail agus ní ar bhonn gráid a dhéanfar é sin. Tá an Grúpa den tuairim go mbeidh sé róluath déanamh amhlaidh tráth ar bith roimh an 1 Meán Fómhair 2016.
  • Tá súil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go dtabharfar tuilleadh soiléire di ar ball faoi cé acu a mheastar nó nach meastar comhlachtaí Thuaidh / Theas a bheith ina gcomhlachtaí seirbhíse poiblí (agus atá díolmhaithe, dá bhrí sin, ón gceanglas tuairisceáin a chlárú agus a chur isteach).
  • Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag oibriú fós ar nósanna imeachta maidir le hiarrataí de bhun fhorálacha marana iarfhostaíochta an Achta. Mholfadh an Coimisiún um Chaighdeáin d’Oifigeach Poiblí Ainmnithe ar bith atá i gcáil trína bhféadfadh sé teacht faoi raon na tréimhse marana dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus déileálfar leis ar bhonn cás ar chás.
  • D’fhiafraigh an Grúpa cé na bearta teagmhasacha atá i bhfeidhm sa chás go gclisfeadh ar an gcóras i mí Eanáir. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin agus Dovetail muiníneach go ndearnadh tástáil struis fhónta ar an gcóras. Beidh pleananna teagmhasacha i bhfeidhm, áfach, chun déileáil le deacrachtaí ar bith a d’fhéadfadh teacht aníos.
  • Tá an Coimisiún um Chaighdeáin agus na Coimisinéirí Ioncaim i mbun plé ar an stádas díolúine chánach atá ag carthanais a chláraíonn mar bhrústocairí.
  • Go déthaobhach a thabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin freagraí ar cheisteanna faoi chur i bhfeidhm an Achta arna gcur ag baill den Ghrúpa roimh an gcruinniú.
  • D’iarr an Grúpa go ndéanfar an Cód Trédhearcachta a threisiú agus béim a chur air le ranna agus le comhlachtaí poiblí.

 

An Chéad Chruinniú Eile - Dé Céadaoin an 13 Eanáir ag 2pm

D’fhéadfadh go mbeadh cruinniú leantach ar siúl an chéad seachtain i mí Feabhra.