An ionann agus gníomhaíochtaí brústocaireachta cumarsáidí idir comhaltaí de Ghrúpaí Oibre/de Shainghrúpaí?
Foráiltear leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil go bhfuil duine ag déanamh “cumarsáid iomchuí” sa chás go ndéanann sé cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe maidir le “ní iomchuí”. Más ag Grúpa “Oibre/Sainghrúpa” atá Oifigeach Poiblí Ainmnithe mar dhuine dá chuid comhaltaí, tá seans ann, mar sin, go bhfuil comhaltaí eile den Ghrúpa ag déanamh “cumarsáidí iomchuí” má tharlaíonn sé, agus iad i mbun plé, go ndéanann siad cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe maidir le ní iomchuí. Ba ghá cumarsáidí den sórt sin a chur ar áireamh i dtuairisceán an duine sin chuig an gClár Brústocaireachta. (Má rinne comhalta den ghrúpa na “cumarsáidí iomchuí” agus é ag déanamh ionadaíocht d’eagraíocht ar leith, is féidir gur gá na cumarsáidí a chur ar áireamh ansin i dtuairisceán na heagraíochta chuig an gClár Brústocaireachta.)
Tá díolúine ann a bhfuil feidhm aici maidir le cumarsáidí laistigh de ghrúpaí áirithe.Foráiltear in alt 5(5)(n) gur cumarsáidí díolmhaithe iad cumarsáidí idir comhaltaí de rud ar a dtugtar “comhlacht iomchuí” san Acht. Sainmhínítear “comhlacht iomchuí” in alt 5(6) den Acht mar chomhlacht a gceapann Aire nó Comhlacht Seirbhíse Poiblí a chomhaltaí, agus tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis:
- Áirítear ar a chomhaltaí duine amháin ar a laghad ar Oifigeach Poiblí Ainmnithe é agus duine amháin ar a laghad nach bhfuil fostaithe ná fruilithe ag Comhlacht Seirbhíse Poiblí.
- Tá athbhreithniú, measúnú nó anailís á ndéanamh ag an ngrúpa ar aon saincheist bheartais phoiblí d’fhonn tuarascáil a thabhairt don Aire den Rialtas nó don Chomhlacht Seirbhíse Poiblí maidir léi, agus
- Seolann an grúpa a chuid gníomhaíochtaí de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta
Má chomhlíonann comhlacht an sainmhíniú ar “chomhlacht iomchuí” mar atá leagtha amach thuas, ní gá cumarsáidí a dhéantar idir comhaltaí den chomhlacht sin agus a bhaineann le hobair an ghrúpa a fhoilsiú ar an gClár sa chás go bhféadfaí na cumarsáidí lena mbaineann teacht ar shlí eile faoin sainmhíniú ar “chumarsáid iomchuí”. Beidh sé faoin nGrúpa a bhreithniú cé acu a chomhlíonann sé ceanglais alt 5(6) den Acht nó nach gcomhlíonann agus cé acu a sheolfaidh sé a chuid gníomhaíochtaí de réir an Chóid Trédhearcachta nó nach seolfaidh. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le “comhlacht iomchuí” agus leis an gCód Trédhearcachta a fháil inár dTreoirlínte d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine ach le cumarsáidí a bhaineann le hobair an ghrúpa agus nach bhfuil feidhm aici maidir le cumarsáidí eile a d’fhéadfaí a dhéanamh i measc na gcomhaltaí ar ábhair eile.