Cad a tharlaíonn mura bhfuilim ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta a thuilleadh?

A luaithe a bheidh tú cláraithe ar an gClár Brústocaireachta, beidh oibleagáid ort tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach ag deireadh gach tréimhse tuairisceáin.  Beidh oibleagáid ort déanamh amhlaidh fiú amháin i gcás nár sheol tú aon ghníomhaíochtaí brústocaireachta le linn tréimhse tuairisceáin.  (Féach ceist choitianta 29 thuas maidir le tuairisceáin “nialasacha”.)

Foráiltear le halt 11(4), áfach, gurb amhlaidh, maidir le haon duine atá scortha de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh, go bhféadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin á rá go bhfuil sé scortha go buan de na gníomhaíochtaí sin a sheoladh. Tugtar ar lobbying.ie saoráid trínar féidir le duine a thaifeadadh ina sonraí clárúcháin go bhfuil sé scortha de ghníomhaíocht brústocaireachta a sheoladh.  Maidir le duine a thaifead go bhfuil sé scortha de ghníomhaíocht brústocaireachta a sheoladh, foráiltear le halt 12(2) den Acht nach gceanglófar air a thuilleadh tuairisceáin maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta (tuairisceáin nialasacha san áireamh) a chur isteach.

Dá bhrí sin, féadfaidh aon duine cláraithe ar deimhin leis go bhfuil sé scortha de ghníomhaíocht brústocaireachta a sheoladh dul i dteagmháil leis an Aonad Rialála Brústocaireachta agus a iarraidh go dtaifeadfaí ar a shonraí chlárúcháin go bhfuil sé scortha de ghníomhaíocht brústocaireachta a sheoladh.

Féadfaidh duine cláraithe a bhfuil a iontráil marcáilte mar scortha ar an gclár agus ar mian leo ina dhiaidh sin tosú arís ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta, a chur in iúl don Choimisiún gur mian leo a chlárú a athghníomhachtú. Bainfidh an Coimisiún ansin an nóta á rá go bhfuil deireadh le brústocaireacht a dhéanamh den chlárú.

 Return to FAQ