An cumarsáidí díolmhaithe iad cumarsáidí ó chomhlacht corpraithe (comhlacht tráchtála stáit nó comhlacht neamhthráchtála stáit) le hAire Rialtais nó le Roinn Rialtais?
Cumarsáidí ó chomhlacht corpraithe, nó thar ceann comhlacht corpraithe, a dhéantar le hAire (nó le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá ag fónamh i Roinn an Aire sin) a shealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht corpraithe, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige nó aici i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, is cumarsáidí "eiscthe" (díolmhaithe) iad faoi alt 5(5)(m) den Acht i gcás ina ndéantar na cumarsáidí "i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe". Ní mheastar na cumarsáidí sin a bheith ina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, dá bhrí sin.
Tagraítear san fhoclaíocht ar leith a úsáidtear in alt 5(5)(m) do chumarsáidí a dhéantar "i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe". Níl an Coimisiún um Chaighdeáin in ann a shonrú cad atá i gceist le gnáthchúrsa gnó gach comhlachta den sórt sin. Beidh sé faoi na comhlachtaí lena mbaineann a chinneadh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go ndéantar cumarsáid i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta.
D'fhéadfadh go n-áireofaí na nithe seo le samplaí de chumarsáid a dhéantar i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe: tuarascáil bhliantúil lena leagan os comhair an Oireachtais a chur ar fáil don Aire, tuairiscí ar an dul chun cinn i gcás ina bhfuil an comhlacht ag seoladh cláir thar ceann an rialtais, nó cur síos ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta nó ábhar faisnéise ina dtugtar faisnéis fhíorasach agus ar iarradh ar an gcomhlacht é a chur ar fáil don Aire nó don Roinn.
Ní fhéadfar cumarsáid nach ndéantar i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta a mheas a bheith ina cumarsáid dhíolmhaithe faoi alt 5(5)(m). Más rud é nach cumarsáid dhíolmhaithe í cumarsáid agus go mbaineann sí le ní iomchuí, féadfar an chumarsáid a mheas a bheith ina gníomhaíocht brústocaireachta ag an gcomhlacht. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le samplaí:
- Iarraidh ar chistiú breise, ar fhóirdheontas, etc.
- Iarraidh ar athrú reachtach nó ar athrú beartais
- Iarraidh ar chumhachtaí breise nó méadaithe
- Ionchur sna critéir le haghaidh comórtas tairisceana a mbeartaíonn an comhlacht tráchtála stáit dul in iomaíocht ann.
I gcás ina ndéantar cumarsáidí le hAire (nó le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá ag fónamh i Roinn Aire) nach sealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht corpraithe, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige nó aici i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní bheidh feidhm ag an díolúine in alt 5(5)(m) den Acht. Féadfar cumarsáidí den sórt sin a mheas a bheith ina ngníomhaíocht brústocaireachta más rud é go mbaineann siad le ní iomchuí agus nach bhfuil siad díolmhaithe ar shlí eile.
Is é is gníomhaíocht brústocaireachta ann ná gníomhaíocht a dhéantar go pearsanta (go díreach nó go hindíreach) le hOifigeach Poiblí Ainmnithe. Más rud é go ndéantar cumarsáid le duine nach Oifigeach Poiblí Ainmnithe é/í agus go n-iarrtar nó go mbeartaítear go dtarraingeofar an chumarsáid ar aird Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, féadfar a mheas go ndearnadh an chumarsáid go hindíreach le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.