Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh – an 15 Samhain 2016
Taifead na bpríomh-shaincheisteanna
Liosta na nDaoine a bhí i Láthair:
Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin); Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin; Elaine Laird, an Coimisiún um Chaighdeáin; Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin; Niamh O’Byrne, an Coimisiún um Chaighdeáin; Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Bernie Orr, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Mossy Breen, Dovetail
Sheila Nordon, ICTR; Ian Talbot, Chambers Ireland; John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann; Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta; Cormac Ó Cúláin, Dlí-Chumann na hÉireann; Pat Galvin, Eircom; Niall Shanahan, IMPACT; Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann; Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim
Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Madeleine Delaney, Comhairleoir Dlí; Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí; Martin Lambe, Institiúid Cánachais na hÉireann; Ivan Cooper, The Wheel; Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann; Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann; Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann
-
Labhair Sherry Perreault faoi fhorbairtí le déanaí:
o Rinneadh athbhreithniú ar chláraithe nár chomhlíon na hoibleagáidí atá orthu i dtaca le tuairisceáin a chur isteach. Is é an toradh atá ar an gcleachtadh sin gur méadaíodh an leibhéal comhlíonta agus gur sainaithníodh cásanna inar chláraigh cláraithe gan ghá nó inar scoir siad den bhrústocaireacht.
o Eiseofar litir chuig Oifigigh Phoiblí Ainmnithe ina meabhrófar dóibh cé na dea-chleachtais a thacóidh le cur chun feidhme éifeachtach an Achta. Tá sé beartaithe go seolfar na cumarsáidí sin chuig an bpobal Oifigeach Poiblí Ainmnithe gach bliain.
o Tá ceist choitianta á dréachtú d’eagraíochtaí a bhfuil aire mar scairshealbhóir acu. Tabharfar soiléiriú inti ar an díolúine do chumarsáidí a dhéantar sa “ghnáthchúrsa gnó”.
o D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin a aighneacht don Athbhreithniú Reachtach ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, ar an suíomh Gréasáin.
o TReáchtáladh roinnt imeachtaí for-rochtana chun comóradh aon bhliana an Achta a shonrú.
o Tugadh faisnéis don Ghrúpa faoi roinnt athruithe struchtúracha agus soláthar foirne laistigh de Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin. Ghlac Sherry Perreault freagracht as na réimsí eitice agus toghcháin atá faoi shainchúram an Choimisiúin, de bhreis ar fhreagracht a ghlacadh as cúrsaí brústocaireachta. Cuireadh Aonad Gearán agus Imscrúduithe nua ar bun agus soláthraíodh foireann dó.
- Thug Bernie Orr an t-eolas is deireanaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
Tá an Roinn ag obair de réir an sceidil le haghaidh an tAthbhreithniú Reachtach ar an Acht a chur i gcrích faoi mhí Feabhra 2017. Fuarthas ocht n-aighneacht is fiche ó raon leathan geallsealbhóirí san earnáil phoiblí. Postálfar iad ar shuíomh Gréasáin na Roinne.
-
Thug Aidan Moore agus Sherry Perreault an t-eolas is deireanaí ar an ullmhúchán atá á dhéanamh do thosach feidhme fhorálacha forfheidhmithe an Achta an 1 Eanáir 2017. Tugadh faoi deara go bhfuil tuairisceáin le haghaidh brústocaireachta sa tréimhse tuairiscithe reatha (an 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig) le cur isteach faoin 21 Eanáir. Beidh feidhm ag forálacha forfheidhmithe maidir le tuairisceáin dhéanacha agus le gníomhaíocht brústocaireachta neamhthuairiscithe sa tréimhse sin.
-
Thug an Grúpa dá aire an tábhacht a bhaineann le huirlisí a fhorbairt le haghaidh feidhmíocht a thomhas agus tuairisc a thabhairt uirthi.
-
Comhaontaíodh go gcuirfeadh na baill den Ghrúpa Comhairleach a n-ionchur féin ar fáil don Athbhreithniú Reachtach in ionad ionchur a chur ar fáil mar ghrúpa.
-
Chuir Sherry Perreault in iúl don Ghrúpa go rabhthas ag súil go gcuirfí tús roimh dheireadh na bliana 2017 le Cód Iompair a fhorbairt.
-
Ós rud é gur comhlíonadh príomhchuspóirí an Ghrúpa Chomhairligh maidir le cur chun feidhme an Achta, comhaontaíodh go gcuirfeadh an Grúpa a chuid gníomhaíochtaí ar fionraí. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin an Grúpa a athghairm sa todhchaí má bhíonn comhairliúchán ag teastáil. Ghabh Sherry Perreault buíochas leis na baill as a dtiomantas don ghrúpa, as páirt a ghlacadh ann agus as an méid a chuir siad leis.