Tuarascáil Bhliantúil 2024

An Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2024 PDF

 

Tá Tuarascáil Bhliantúil, 2024 foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i gcomhréir leis an Acht um Rialáil Stocaireachta.

De Luain 30th Meitheamh 2025: Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a Thuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíocht stocaireachta faoin Acht um Rialáil Brústocaireachta, 2015. Tugann an tuarascáil sonraí faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin maidir le riaradh an Achta le linn na bliana tuairiscithe 2024, lena n-áirítear gníomhartha forfheidhmiúcháin a rinneadh i rith na bliana.

Mhéadaigh líon iomlán na gcláraitheoirí ar an gclár go 2,710, méadú glan de 172 ar na 2,538 cláraitheoir ag deireadh 2023. Tráth comhlánaithe na tuarascála seo, tá níos mó ná 12,300 tuairisceán ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta curtha isteach maidir leis na trí thréimhse tuairiscithe in 2024.

Tugadh trí imscrúdú ar aghaidh ó 2023 go 2024, agus seoladh imscrúdú amháin eile i rith na bliana. Dhún an tAonad Gearán agus Imscrúduithe cás amháin agus bhí trí cinn fós ar siúl ag deireadh 2024.

Lena chois sin, thuairiscigh an Coimisiún gur fuair sé sé iarratas chun forálacha iar-fhostaíochta an Achta a tharscaoileadh nó a laghdú in 2024 agus gur iar-chomhairleoirí speisialta a rinne iad uile. Áirítear sa tuarascáil staitisticí maidir le hiarratais a fuarthas ó thosach feidhme an Achta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun tuarascáil iomlán an Choimisiúin maidir le Rialáil na Stocaireachta in 2024 a léamh, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin www.lobbying.ie.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, téigh i dteagmháil le:

Media:  media@sipo.ie

Ríomhphost:              info@lobbying.ie
Suíomh gréasáin:         
www.lobbying.ie
Twitter:           @LobbyingIE

 

Cúlra:

Tháinig an tAcht um Rialáil Brústocaireachta 2015 i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015, ag tabhairt isteach an ceanglas ar dhaoine aonair a dhéanann brústocaireacht ar oifigigh phoiblí ainmnithe a ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú gach ceithre mhí. Tháinig forálacha forfheidhmiúcháin an Achta i bhfeidhm ina dhiaidh sin, an 1 Eanáir 2017. Tá faisnéis a chuirtear isteach chuig an gClár ar fáil go poiblí ag www.lobbying.ie. Cuireann an suíomh gréasáin, ina bhfuil an clár ar líne, réimse uirlisí faisnéise ar fáil freisin chun cabhrú le brústocairí, oifigigh phoiblí ainmnithe agus an pobal an tAcht agus a cheanglais a thuiscint go hiomlán.

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí sa bhliain 2001 agus déanann sé maoirseacht ar reachtaíocht a bhaineann le heitice in oifig phoiblí, airgeadas toghcháin, caiteachas maoinithe Stáit agus rialáil stocaireachta.