Faisnéis do Chomhlachtaí Poiblí
Tá freagrachtaí sonracha ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 (an tAcht).
Déantar foráil in alt 6(1) den Acht go measfar na daoine seo a leanas a bheith ina nOifigigh Phoiblí Shainithe nó ar “na daoine a ndéantar brústocaireacht orthu” chun críocha an Achta.
a) Airí agus Airí Stáit
b) Comhaltaí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann
c) Feisirí de Pharlaimint na hEorpa do dháilcheantair sa Stát,
d) Comhaltaí údarás áitiúil
e) Comhairleoirí Speisialta a ceapadh faoi alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997
f) Fostaithe eile sa tseirbhís phoiblí atá forordaithe
g) Sealbhóirí oifige nó cur síos forordaithe daoine ar bith eile
Oifigigh Phoiblí Shainithe sa Státseirbhís
Tá rialacháin (Rialacháin an Achta um Brústocaireacht a Rialáil (Oifigigh Phoiblí Shainithe) 2015) déanta ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lena ndéantar foráil go leagtar síos mar Oifigeach Poiblí Sainithe aon duine atá i mbun poist sa Státseirbhís arb é tuarastal (neamh-PPC) de €110,014 nó níos mó nó tuarastal (PPC) de €115,576 nó níos mó an tuarastal uasta ina leith. Tá cóip de na Rialacháin thíos.Tabharfaidh na Rialacháin sin na gráid ghinearálta státseirbhíse seo a leanas faoi raon an Achta le héifeacht ó dháta tosach feidhme an Achta (an 1 Meán Fómhair 2015):
-
Ard-Rúnaí
-
Dara Rúnaí
-
Leas-Rúnaí
-
Rúnaí Cúnta
-
Stiúrthóir
Is leagtha amach i Sceideal 2 de na Rialacháin atá gráid shonracha eile ag na leibhéil tuarastail sin a leagadh síos mar Oifigigh Phoiblí Shainithe.
Oifigigh Phoiblí Shainithe in údaráis áitiúla
Déantar foráil leis na Rialacháin freisin go leagtar síos mar Oifigeach Poiblí Sainithe aon duine atá i mbun poist in údaráis áitiúla arb é tuarastal de €100,348 nó níos mó an tuarastal uasta ina leith. Tugann sé sin na gráid údaráis áitiúil seo a leanas faoi raon an Achta:
-
Príomhoifigigh Feidhmiúcháin
-
Stiúrthóirí Seirbhísí
-
Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
-
Ceann Acmhainní Daonna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtaispeántar an liosta d’oifigigh phoiblí shainithe go soiléir ar leathanach baile shuíomh Gréasáin d’eagraíochta agus go bhfuil sé furasta le fáil ann. Ba cheart nasc chuig an gClár Brústocaireachta ag http://www.lobbying.ie a bheith sa leathanach freisin.
Ceanglas maidir le sonraí Oifigeach Poiblí Sainithe a fhoilsiú
Ceanglaítear faoi alt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta a fhoilsiú ina dtaispeántar ainm, grád agus sonraí achoimre maidir le r ól agus freagrachtaí gach “oifigeach poiblí sainithe” de chuid an chomhlachta. Ní mór an liosta a choinneáil cothrom le dáta. Tá dhá chuspóir leis an liosta:
1) Chun deis a thabhairt do bhaill an phobail na daoine ar oifigigh phoiblí shainithe iad a aithint; agus
2) Mar acmhainn do bhrústocairí a bhfuil tuairisceán á chomhdú acu leis an gClár a bhféadfadh foinse sonraí ar oifigigh phoiblí shainithe a bheith de dhíth orthu.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfear an liosta um oifigigh phoiblí shainithe ar taispeáint go breá soiléir agus go n-aimseofar é go héasca ar leathanach baile shuíomh gréasáin d’eagraíochta. Ba chóir nasc a bheith ar an leathanach leis an gClár Brústocaireachta http://www.lobbying.ie
Tá nóta faisnéise foilsithe ag an gCoimisiún maidir leis na ceanglais atá ar chomhlachtaí poiblí faisnéis áirithe a bhaineann leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil a fhoilsiú