Oibleagáidí Comhlachtaí Poiblí faoi Alt 22 den Acht
Faoi alt 22.5(6) den Acht ceanglaítear ar gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí gach duine is oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí atá fostaithe ag an gcomhlacht seirbhíse poiblí sin, nó a shealbhaíonn aon oifig nó post eile ann, a chur ar an eolas, i scríbhinn, faoina n-oibleagáidí faoin Acht. Ní mór na OPA ábhartha a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoin Acht agus iad ag dul i mbun fostaíochta, oifige nó poist den sórt sin agus nuair a fhágann siad an fhostaíocht, an oifig nó an post sin.
Ina theannta sin, faoi alt 22.5(7), ceanglaítear ar gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a bheidh oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí ag fágáil a fhostaíochta, a oifig nó a phost sa chomhlacht seirbhíse poiblí. Tabharfaidh an comhlacht seirbhíse poiblí fógra don Choimisiún faoi;
-
ainm an oifigigh agus a sheoladh nó a seoladh le haghaidh comhfhreagrais, lena n-áirítear a sheoladh nó a seoladh ríomhphoist
-
grád nó céim an oifigigh
-
an dáta a chuaigh an t-oifigeach i mbun na fostaíochta, na hoifige nó an phoist sin, agus
-
an dáta a fhágfaidh nó a d’fhág an t-oifigeach an fhostaíocht, an oifig nó an post sin.