Tá m’eagraíocht á reáchtáil go hiomlán ag oibrithe deonacha – is é sin, níl aon bhaill foirne ar íocaíocht againn. Má dhéanaimid teagmháil le hOifigeach Poiblí Sainithe, an ionann é sin agus brústocaireacht?
Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ní foláir do dhaoine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus a dhéanann cumarsáid le hOifigigh Phoiblí Shainithe ar nithe iomchuí clárú agus tuairisceáin ar ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach. Is iad seo a leanas na daoine a thagann faoi raon feidhme an Achta:
- Duine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe;
- Comhlacht ionadaíoch nó comhlacht saincheist-bhunaithe ag a bhfuil fostaí amháin nó níos mó;
- Brústocaire gairmiúil a n-íoctar leis chun cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint a thagann faoi na catagóirí roimhe seo; nó
- Aon duine a dhéanann, a bhainistíonn nó a stiúrann cumarsáid ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.
Ní gnách go dtagann eagraíocht oibrithe deonacha nach bhfuil aon bhaill foirne ar íocaíocht aici faoi raon feidhme an Achta, ach amháin sa chás go bhfuil cumarsáid á déanamh aici ar fhorbairt nó ar chriosú. Mar sin féin, má dhéanann duine a shealbhaíonn, sa chomhlacht, aon oifig, a mbaineann a fheidhmeanna le gnóthaí an chomhlachta ina iomláine, na cumarsáidí, fiú má tá an duine sin neamhíoctha, ansin féadfaidh siad a bheith faoi raon feidhme an Achta.
-
Comhlacht ionadaíoch nó saincheist-bhunaithe, arna reáchtáil ag oibrithe deonacha agus gan fostaí amháin ar a laghad, ina mbeadh ar a laghad duine amháin de chomhaltaí na heagraíochta faoi raon feidhme an Achta dá mbeadh an comhalta nó na comhaltaí sin i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta lasmuigh den chomhlacht.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na Treoirlínte do Dhaoine atá ag Leanúint ar Aghaidh le Gníomhaíochtaí Brústocaireachta.