Más rud é go dtugaim óráid ag ócáid agus go bhfuil TD sa lucht féachana, an bhfuil brústocaireacht á déanamh agam?
Is é an t-ábhar agus ní an modh cumarsáide a shocraíonn cé acu ba cheart í a thaifeadadh mar ghníomhaíocht brústocaireachta. De ghnáth, ní mheasfaí gurbh ionann agus brústocaireacht teachtaireacht ar nós óráide atá dírithe ar lucht féachana ginearálta agus nach bhfuil ag díriú ar Oifigigh Phoiblí Shainithe. Más rud é, áfach, go bhfuil óráid á tabhairt go sonrach d’Oifigeach Poiblí Sainithe amháin nó níos mó nó go labhraítear leis/leo san óráid, d’fhéadfadh gurbh ionann í agus brústocaireacht, ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann ábhar na hóráide le ní iomchuí agus ar cé acu a thagann nó nach dtagann an duine atá ag tabhairt na hóráide laistigh de raon feidhme an Achta.
D’fhéadfadh sé bheith úsáideach freisin a mheas cé acu a bheadh nó nach mbeadh teachtaireachtaí eile a dhéantar san ócáid ina dteachtaireachtaí iomchuí de réir an tsainmhínithe atá in alt 5(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil.