‘Úsáideoir’ cuntais v 'Riarthóir' cuntais
Is féidir le daoine cláraithe an suíomh Gréasáin Brústocaireachta a úsáid chun tuilleadh ‘úsáideoirí’ agus ‘riarthóirí’ cuntais a chur lena gclárú. Is rud úsáideach é sin toisc go bhfágann sé gur féidir le níos mó ná duine amháin ríomhphoist mheabhrúcháin a fháil agus tuairisceáin a chur isteach thar ceann an chlárúcháin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil difríocht ann idir ‘úsáideoir’ cuntais agus ‘riarthóir’ cuntais.
‘Úsáideoir’ cuntais
- níl sé/sí in ann tuairisceáin a fhoilsiú go díreach ar an gClár beo. Ní féidir leis/léi ach tuairisceáin a chruthú lena gceadú ag a riarthóir cuntais féin, nach mór dó/di ansin an tuairisceán a fhoilsiú roimh an spriocdháta. Mura bhfoilsíonn an riarthóir cuntais an tuairisceán roimh an spriocdháta, is féidir go ngearrfar pionós €200 ar an gcláraí
- ní féidir leis/léi leasú a dhéanamh ar aon fhaisnéis a bhaineann lena c(h)lárú, lena n-áirítear seoladh, ainm cuideachta, etc.
'Riarthóir' cuntais
- is féidir leis/léi tuairisceáin a fhoilsiú go díreach ar an gClár beo gan aon cheadú eile a fháil
- is féidir leis/léi leasuithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann lena c(h)lárú.
Más rud é gur chuir tú duine eile le do chlárú agus go bhfuil sé beartaithe agat go bhfaighidh sé/sí ríomhphoist mheabhrúcháin agus go bhfoilseoidh sé/sí tuairisceáin, ba cheart duit a chinntiú gur thug tú na cearta riaracháin chuí dó/di chun é sin a dhéanamh.
Chun é sin a sheiceáil, logáil isteach i do chlárú ar www.lobbying.ie agus feicfidh tú liosta roghanna ar an taobh deas de do ‘phainéal rialaithe brústocaireachta’ ar cheart duit ‘riarachán úsáideora’ a roghnú uathu.

Seiceáil ar tugadh nó nár tugadh na cearta riaracháin cuí d’aon duine ba mhaith leat a shannadh mar ‘riarthóir’ cuntais. Is féidir leat duine ar bith ar do chlárú a athrú ó ‘úsáideoir’ go ‘riarthóir’ nó a mhalairt ach an cnaipe gorm faoina s(h)eoladh ríomhphoist a úsáid.

Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcás nach mbeidh an rogha ‘riarthóir úsáideora’ agat ar an taobh deas den leathanach nuair a logálann tú isteach i do chlárú ar www.lobbying.ie, go gciallaíonn sé sin gur ‘úsáideoir’ cuntais thú agus nach bhfaighidh tú ríomhphoist mheabhrúcháin agus nach mbeidh tú in ann tuairisceáin a fhoilsiú gan údarú a fháil ó do riarthóir cuntais féin. Más amhlaidh atá, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do riarthóir cuntais féin (an duine a chuir leis an gclárú thú) chun a iarraidh go ndeonódh sé/sí na cearta riaracháin cuí duit. Mura bhfuil an duine sin mar chuid de d’eagraíocht a thuilleadh, seol ríomhphost chuig info@lobbying.ie chun an méid sin a chur in iúl.
Tá sé faoi gach cláraí a chinneadh gur ceart atá a riarachán cuntais. Mura ndéantar amhlaidh, is féidir go ngearrfar pionóis as spriocdhátaí caillte.
Ar Ais go Ceisteanna Coitianta