Ceisteanna Coitianta


Oibleagáidí chun clárú


1)      
An bhfuil aon oibleagáidí ann ar Oifigigh Phoiblí Shainithe? An gá dóibh clárú?

San Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ní leagtar aon cheanglais ar Oifigigh Phoiblí Shainithe clárú, tuairisceáin a chur isteach ná faisnéis atá i dtuairisceáin arna gcur isteach ag brústocairí a bhailíochtú. Mar sin féin, tá oibleagáidí faoi ionstraimí eile ar Oifigigh Phoiblí Shainithe go fóill, lena n-áirítear reachtaíocht um eitic, reachtaíocht um shaoráil faisnéise, agus cóid iompair. Cé nach bhfuil aon oibleagáidí foirmiúla ar Oifigigh Phoiblí Shainithe faoin Acht, tá roinnt dea-chleachtas sainaitheanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá siad sin leagtha amach sna Treoirlínte d’Oifigigh Phoiblí Shainithe, sna Treoirlínte do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna, agus sna Treoirlínte do Bhaill d’Údaráis Áitiúla. Tá gach ceann de na cáipéisí sin ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.

2)      Tá m’eagraíocht á reáchtáil go hiomlán ag oibrithe deonacha – is é sin, níl aon bhaill foirne ar íocaíocht againn. Má dhéanaimid teagmháil le hOifigeach Poiblí Sainithe, an ionann é sin agus brústocaireacht?

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ní foláir do dhaoine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus a dhéanann cumarsáid le hOifigigh Phoiblí Shainithe ar nithe iomchuí clárú agus tuairisceáin ar ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach. Is iad seo a leanas na daoine a thagann faoi raon feidhme an Achta:

-          Duine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe;

-          Comhlacht ionadaíoch nó comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí amháin nó níos mó;

-          Brústocaire gairmiúil a n-íoctar leis chun cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint a thagann faoi na catagóirí roimhe seo; nó

-          Aon duine a dhéanann cumarsáid ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.

Ní gnách go dtagann eagraíocht oibrithe deonacha nach bhfuil aon bhaill foirne ar íocaíocht aici faoi raon feidhme an Achta, ach amháin sa chás go bhfuil cumarsáid á déanamh aici ar fhorbairt nó ar chriosú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na Treoirlínte do Dhaoine atá ag Leanúint ar Aghaidh le Gníomhaíochtaí Brústocaireachta.

3)      Más rud é gur ball de chomhlacht ionadaíoch mé agus go n-iarrann sé orm brústocaireacht a dhéanamh ar mo Theachta Dála áitiúil, cé atá freagrach as tuairisceáin a chur isteach?

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ní foláir do dhaoine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus a dhéanann cumarsáid le hOifigigh Phoiblí Shainithe ar nithe iomchuí clárú agus tuairisceáin ar ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach. Is iad seo a leanas na daoine a thagann faoi raon feidhme an Achta:

-          Duine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe;

-          Comhlacht ionadaíoch nó comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí amháin nó níos mó;

-          Brústocaire gairmiúil a n-íoctar leis chun cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint a thagann faoi na catagóirí roimhe seo; nó

-          Aon duine a dhéanann cumarsáid ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.

Is ar an duine a dhéanann, a bhainistíonn nó a threoraíonn an ghníomhaíocht brústocaireachta atá an fhreagracht as clárú agus as tuairisceáin a chur isteach. Is féidir le comhlacht ionadaíoch a bhfuil cumarsáid á déanamh aige thar ceann a chuid ball dul i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta ar leibhéal an phobail, agus aird á chuid ball á tarraingt aige ar ní ar leith. I gcás den sórt sin, is ar an gcomhlacht ionadaíoch, agus ní an ball aonair, atá an oibleagáid chun clárú agus tuairisceán ar an ngníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach.

4)      An gá dom clárú sula dtiocfaidh mé le chéile le hOifigeach Poiblí Sainithe?

Níl aon cheanglas ann chun clárú go dtí go mbeidh tús curtha ag duine le gníomhaíocht brústocaireachta. Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ceanglaítear ar duine atá i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta clárú agus tuairisceán ar ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach laistigh de 21 lá ó dheireadh na chéad tréimhse iomchuí ina dtosaíonn sé ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta. Mar shampla, más rud é gur le linn mhí Dheireadh Fómhair a dhéanann duine brústocaireacht den chéad uair, rinneadh an ghníomhaíocht sin laistigh den tréimhse iomchuí ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig. Sa chás sin, ceanglaítear ar an duine clárú agus a chéad tuairisceáin a chur isteach faoin 21 Eanáir, is é sin, 21 lá tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí.

5)     Sa chás go dtéann duine i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta thar ceann cliaint, cé hé an duine a chláróidh agus a chuirfidh tuairisceán isteach – an cliant nó an t-ionadaí gairmiúil?

Sa chás go ndéanann duine cumarsáidí iomchuí thar ceann cliaint i gcomaoin íocaíochta, nó go ndéanann sé déanamh na gcumarsáidí iomchuí a bhainistiú nó a threorú thar ceann cliaint i gcomaoin íocaíochta, ní mór don duine sin clárú agus tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach. Ní mór ainm an chliaint a bheith sonraithe sa tuairisceán. I gcás den sórt sin, ní bheadh sé cuí don chliant tuairisceán a chur isteach in áit an ionadaí ghairmiúil toisc nach mbeadh sé soiléir sa tuairisceán ón gcliant an ról a bhí ag an ngairmí sa chumarsáid a dhéanamh, a bhainistiú nó a threorú.

Má thagann an gairmí fruilithe agus an cliant faoi na haon ghníomhaíochtaí brústocaireachta, is é an gairmí an duine ar cheart dó an tuairisceán a chur isteach, rud a sainaithneofaí an cliant ann.

Féadfaidh an cliant dul i mbun gníomhaíochtaí breise brústocaireachta go neamhspleách ar an ionadaí fruilithe freisin (is é sin, sa chás gurb ionann an cliant agus an duine atá ag déanamh na cumarsáide iomchuí nó atá ag bainistiú nó ag treorú dhéanamh na cumarsáide iomchuí). Sa chás sin, ba cheart don chliant agus don ghairmí fruilithe araon tuairisceáin a chur isteach. I gcásanna den sórt sin, cuireann an cliant tuairisceán isteach maidir leis na gníomhaíochtaí brústocaireachta sin nach ionann iad agus na gníomhaíochtaí brústocaireachta a rinne an brústocaire gairmiúil thar ceann an chliaint.

Má thugann gairmí fruilithe comhairle do chliant maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta an chliaint, agus ní dhéanann sé an chumarsáid iomchuí ná ní bhainistíonn sé ná ní threoraíonn sé déanamh na cumarsáide, is é an cliant amháin nach mór dó clárú agus tuairisceán a chur isteach

6)     Ní “brústocaire” gairmiúil mé, ach bím ag déanamh cumarsáide le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe thar ceann mo chliaint. An gá dom clárú?

Féadfaidh gairmithe ó raon leathan earnálacha cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint. Ar ndóigh, féadfaidh daoine a dtugann brústocairí comhairleacha orthu féin brústocaireacht a dhéanamh thar ceann cliaint. Féadfaidh aturnaetha, gairmithe cánach, cuntasóirí, sainchomhairleoirí bainistíochta agus daoine eile déanamh amhlaidh freisin. Níl aon ghairm ar leith díolmhaithe san Acht.

Is é an tástáil atá leagtha amach in alt 5(1)(a) den Acht ná cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an duine “aon chumarsáidí iomchuí thar ceann duine eile i gcomaoin íocaíochta (in airgead nó i luach airgid) nó déanamh na gcumarsáidí sin a bhainistiú nó a threorú” sa chás go dtagann an cliant faoi chatagóirí sonraithe, is iad sin, ní mór duine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe lánaimseartha a bheith sa chliant nó ní mór comhlacht ionadaíoch nó tathanta ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad a bheith sa chliant. Má thagann an duine faoin sainmhíniú sin agus go bhfuil sé ag déanamh cumarsáide le hOifigeach Poiblí Ainmnithe thar ceann cliaint maidir le ní iomchuí, measfar go bhfuil sé i mbun gníomhaíocht brústocaireachta, is cuma cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé air féin mar bhrústocaire.

Mar achoimre, is é an aidhm atá leis an gClár Brústocaireachta gníomhaíochtaí brústocaireachta a ghabháil, lena n-áirítear iad sin a dhéanann duine thar ceann cliaint, beag beann ar ghairm an duine atá ag déanamh ionadaíochta don chliant.

7)    Má tá “bratghrúpa” agus craobhacha beaga réigiúnacha araon ag eagraíocht, cé hé an ceann a chláróidh?

Tá bratchomhlacht mór agus eagraíochtaí beaga gaolmhara ag eagraíochtaí áirithe. Is féidir go bhfuil ceanncheathrú ag cinn eile, áit a ndéantar maoirseacht ar oibríochtaí na bhfochuideachtaí.

Ina lán cásanna, is í an cheanncheathrú nó an bhrateagraíocht amháin a théann i mbun gníomhaíocht brústocaireachta thar ceann an eintitis mhóir. Mar sin féin, bíonn gníomhaíochtaí brústocaireachta níos casta ná sin i gceist le heagraíochtaí eile. Mar shampla, is féidir go dtreoróidh an bhrateagraíocht nó an cheanncheathrú gníomhaíocht brústocaireachta i measc na leibhéal eile den eagraíocht. I gcásanna eile, is í balleagraíocht nó fochuideachta a stiúrann a gníomhaíocht brústocaireachta féin. Má tá níos mó ná 10 bhfostaí ag an eintiteas mór, tiocfaidh sé faoi raon feidhme an Achta. Má tá an eagraíocht bheag comhdhéanta go príomha d’oibrithe deonacha, ní thiocfaidh sí faoi raon feidhme an Achta.

Ar aon slí, is ar an leibhéal ag a ndéantar cumarsáidí brústocaireachta nó ag a ndéantar déanamh na gcumarsáidí a bhainistiú nó a threorú atá an fhreagracht as clárú agus as tuairisceáin maidir le gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach, fad a thagann an eagraíocht lena mbaineann faoi raon feidhme an Achta. Mar sin, ní mór a mheas cé acu a thagann nó nach dtagann an leibhéal sin faoi raon feidhme an Achta.

Má tá an feachtas brústocaireachta á threorú ag an gceanncheathrú nó ag an mbratghrúpa ag a bhfuil níos mó ná 10 bhfostaí, is í an eagraíocht sin nach mór di clárú agus tuairisceán a chur isteach. Má tá an feachtas brústocaireachta á threorú ag cumann ag leibhéal níos ísle nó ag fochuideachta (ag a bhfuil níos mó ná 10 bhfostaí), is ar an eagraíocht sin, agus ní ar an gceanncheathrú, a bheidh an fhreagracht as clárú agus as tuairisceán a chur isteach. Ar deireadh, má tá an feachtas brústocaireachta á threorú ag cumann ag leibhéal níos ísle ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí (gan an ghníomhaíocht brústocaireachta a bheith á déanamh ag an mbratchomhlacht agus gan déanamh na gníomhaíochta brústocaireachta a bheith á bhainistiú ná á threorú ag an mbratchomhlacht), ní bheidh ar an gcumann ag leibhéal níos ísle clárú toisc nach dtiocfaidh sé faoi raon feidhme an Achta.

Beidh an méid sin ag brath ar an bhfeachtas brústocaireachta atá i gceist, áfach. Is féidir gur gá do leibhéil éagsúla den eagraíocht clárú go neamhspleách ar a chéile sa chás go bhfuil siad ag stiúradh gníomhaíochtaí brústocaireachta ar leith. Mar an gcéanna, is féidir gur gá gníomhaíocht atá faoi stiúir ag bratghrúpa mór a chlárú, cé nach dtiocfaidh aon ghníomhaíocht brústocaireachta atá á stiúradh ag fochuideachta dá chuid faoi raon feidhme an Achta.

8)     Má chláraíonn carthanas mar bhrústocaire, an gcaillfidh sé a stádas carthanúil nó a dhíolúine charthanúil ó cháin a íoc?

Faoin Acht Carthanas 2009, féadfar stádas carthanúil a dheonú d’eagraíochtaí áirithe. Tugtar sainmhíniú ar eagraíocht charthanúil in alt 2 den Acht sin agus déantar na cineálacha comhlachta seo a leanas (i measc comhlachtaí eile) a eisiamh go sonrach ó stádas carthanúil: páirtí polaitíochta, comhlacht a chuireann páirtí polaitíochta nó iarrthóir polaitíochta chun cinn agus comhlacht a chuireann cúis pholaitíochta chun cinn, ach amháin má bhaineann cur chun cinn na cúise sin go díreach le cur ar aghaidh chuspóirí carthanúla an chomhlachta.

D’fhéadfadh eagraíochtaí a chomhlíonann coinníollacha áirithe faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, cáiliú le haghaidh díolúine charthanúil ó cháin a íoc. Déantar é sin a mheasúnú ar leithligh ó stádas carthanúil.

Is faoin Údarás Rialála Carthanas agus/nó faoi na Coimisinéirí Ioncaim a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na bearta a dhéanann comhlacht na ceanglais le haghaidh stádas carthanúil nó le haghaidh leas a bhaint as díolúintí ó cháin a íoc.

Laistigh den chreat sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gceadaítear do charthanais brústocaireacht a dhéanamh mar thaca lena bpríomhchuspóirí carthanúla. Go deimhin, féadfaidh roinnt mhaith eagraíochtaí carthanúla brústocaireacht a dhéanamh chun dul i gcion ar chlár, ar chinneadh ar chistiú nó ar sheasamh beartais de chuid an Rialtais.

Níl aon bhac ar charthanais brústocaireacht a dhéanamh fad is a chloíonn an ghníomhaíocht brústocaireachta le forálacha an Achta Carthanas, is é sin le rá, go dtagann sí le príomhchuspóirí na heagraíochta. Ní chuirfidh eagraíocht a stádas carthanúil i mbaol más rud é go gcláraíonn sí mar bhrústocaire. Ní mór di a bhreithniú, áfach, cé acu atá an tsainghníomhaíocht brústocaireachta atá sí ag iarraidh a dhéanamh inghlactha nó nach bhfuil. Is féidir go mbeidh ar charthanais na Coimisinéirí Ioncaim agus/nó an tÚdarás Rialála Carthanas a shásamh go bhfuil a ngníomhaíocht brústocaireachta ag teacht lena bpríomhchuspóirí. Má tá sí in amhras faoi cé acu atá gníomhaíocht brústocaireachta cuí nó nach bhfuil, tugtar spreagadh don eagraíocht treoir a iarraidh ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Údarás Rialála Carthanas.  

Níl aon ní san Acht um Brústocaireacht a Rialáil a athraíonn na ceanglais san Acht Carthanas nó san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, ní mór do dhuine a bhfuil níos mó ná deichniúr á fhostú aige nó ionadaí nó comhlacht tathanta a bhfuil fostaí amháin ar a laghad aige agus atá ag déanamh cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe faoi ní iomchuí clárú agus tuairisceáin ar ghníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach. Ní ann d’aon díolúine ón gceanglas sin i gcás carthanas. Más rud é go bhfuil eagraíocht charthanúil a chomhlíonann an sainmhíniú san Acht ag déanamh cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe faoi ní iomchuí, caithfidh an eagraíocht charthanúil sin clárú mar bhrústocaire.


Nithe iomchuí


9)      
An ionann agus brústocaireacht na nithe seo a leanas a bhaineann le húdaráis áitiúla?

(a) Próisis iarratais phleanála

Is ábhair chur chun feidhme atá in iarratas pleanála a chur isteach agus atá in agóid a dhéanamh ar iarratas pleanála agus ní mheastar gurb ionann iad agus brústocaireacht dá bharr.

IS FÉIDIR go measfar gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireacht ina dtacaítear le hiarratas nó ina gcuirtear i gcoinne iarratais sa chás go bhféachtar san iarratas le beartas nó le plean reatha a mhionathrú. Mar shampla, má fhéachtar in iarratas pleanála le dhá theach a thógáil ar mhír nach gceadaítear sa phlean forbartha reatha ach do theach amháin uirthi – ní ionann an t-iarratas féin agus brústocaireacht. Mar sin féin, má dhéantar teachtaireacht chun tacú leis an iarratas, is féidir go measfar go bhfuil brústocaireacht i gceist leis toisc go bhfuiltear ag féachaint san iarratas le mionathrú a dhéanamh ar an bplean bunaithe.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na Treoirlínte maidir leis an mbrústocaireacht i dtaca le criosú agus le forbairt talún.

(b) Teagmháil a dhéanamh le comhairleoir maidir le hiarratas criosaithe

Foráiltear san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go bhfuil brústocaireacht á déanamh ag duine ar bith a sheolann cumarsáid le hOifigeach Poiblí Sainithe ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún agus nach foláir dó clárú dá bharr.

(c) Teagmháil a dhéanamh le comhairleoir ar ní pearsanta (mar shampla, cárta liachta nó tithíocht shóisialta)

Foráiltear i bhfo-alt 5(5)(a) den Acht gur díolmhaithe atá teachtaireachtaí a dhéanann duine aonair nó a dhéantar thar ceann duine aonair a bhaineann lena ghnóthaí príobháideacha féin maidir le ní ar bith seachas forbairt talún nó criosú talún (cé is moite de phríomhtheach príobháideach an duine aonair). Is díolmhaithe freisin atá gnóthaí pearsanta amhail cárta liachta agus tithíocht shóisialta.


Modhanna cumarsáide/an áit a ndéantar an chumarsáid


10)      
Má labhraím go neamhfhoirmiúil le hOifigeach Poiblí Sainithe, an ionann é sin agus brústocaireacht?

Ní dhéantar aon idirdhealú san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 maidir leis an áit a ndearnadh cumarsáid iomchuí ná maidir lena fhoirmiúla atá teachtaireacht iomchuí. Má dhéanann duine a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta cumarsáid le hOifigeach Poiblí Sainithe maidir le ní iomchuí, is ionann é sin agus brústocaireacht, is cuma cé chomh foirmiúil a bhí an comhrá agus an áit a ndearnadh é.

11)      An bhfuil feidhm ag an Acht maidir le teachtaireachtaí a dhéantar lasmuigh d’Éirinn?

Duine nó eagraíocht atá ag seoladh teachtaireachta chuig Oifigeach Poiblí Sainithe ar bith sa chás go dtagann an idirghníomhaíocht sin leis na sainmhínithe atá san Acht (is é sin, duine atá ag seoladh teachtaireachta, faoi raon feidhme an Achta, chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le ní iomchuí), ceanglaítear air/uirthi clárú mar bhrústocaire agus an teachtaireacht a thuairisciú ina thuairisceán/tuairisceán le haghaidh na tréimhse lena mbaineann. Ní dhéantar aon dealú san Acht maidir leis an áit a ndéantar an teachtaireacht.

Níl an cinneadh ar cé acu a thagann nó nach dtagann teachtaireacht lasmuigh den dlínse ag brath ar an gceist aonair faoi cé acu a dhéantar nó nach ndéantar í go fisiciúil lasmuigh den tír. Déanfar gach cás a athbhreithniú bunaithe ar a fhíricí féin chun a fháil amach cé na cúinsí ina dtiocfadh teachtaireacht laistigh de dhlínse nó lasmuigh di agus cé acu a bheadh nó nach mbeadh feidhm ag an Acht agus conas a d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an Acht maidir leis.

Aithnítear go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint le cur i bhfeidhm allchríche an Achta. Tugtar spreagadh do gach duine de na hOifigigh Phoiblí Shainithe Éireannacha lasmuigh den Stát atá i mbun brústocaireachta cloí le brí na reachtaíochta chun trédhearcacht a chinntiú.

12)      An meastar gurb ionann postálacha sna meáin shóisialta agus brústocaireacht?

Is é an t-ábhar agus ní an modh cumarsáide a shocraíonn cé acu ba cheart í a thaifeadadh mar ghníomhaíocht brústocaireachta. I gcásanna áirithe, measfar an úsáid as na meáin shóisialta a bheith ina “teachtaireacht iomchuí” de réir an tsainmhínithe atá in alt 5(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Mar shampla, ní mheasfaí de ghnáth gurbh ionann agus brústocaireacht Tvuít atá dírithe ar lucht féachana leathan agus nach bhfuil dírithe ar dhuine aonair. Mar sin féin, más rud é go seoltar Tvuít chuig faighteoir aonair nó go bhfuil Oifigeach Poiblí Sainithe clibeáilte sa Tvuít, d’fhéadfadh gur bhrústocaireacht í. Bheadh sé ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann ábhar na Tvuíte le ní iomchuí agus cé acu a thagann nó nach dtagann an duine atá á seoladh laistigh de raon feidhme an Achta.

13)      Más rud é go dtugaim óráid ag ócáid agus go bhfuil TD sa lucht féachana, an bhfuil brústocaireacht á déanamh agam?

Is é an t-ábhar agus ní an modh cumarsáide a shocraíonn cé acu ba cheart í a thaifeadadh mar ghníomhaíocht brústocaireachta. De ghnáth, ní mheasfaí gurbh ionann agus brústocaireacht teachtaireacht ar nós óráide atá dírithe ar lucht féachana ginearálta agus nach bhfuil ag díriú ar Oifigigh Phoiblí Shainithe. Más rud é, áfach, go bhfuil óráid á tabhairt go sonrach d’Oifigeach Poiblí Sainithe amháin nó níos mó nó go labhraítear leis/leo san óráid, d’fhéadfadh gurbh ionann í agus brústocaireacht, ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann ábhar na hóráide le ní iomchuí agus ar cé acu a thagann nó nach dtagann an duine atá ag tabhairt na hóráide laistigh de raon feidhme an Achta.

D’fhéadfadh sé bheith úsáideach freisin a mheas cé acu a bheadh nó nach mbeadh teachtaireachtaí eile a dhéantar san ócáid ina dteachtaireachtaí iomchuí de réir an tsainmhínithe atá in alt 5(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil.

14)      Más rud é go ndéanann Oifigeach Poiblí Sainithe teagmháil liom agus nár thosaigh mé an teagmháil, an meastar gurb ionann í sin agus brústocaireacht?

Ní dhéantar aon dealú leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 maidir leis an duine a thosaíonn teachtaireacht iomchuí. Más rud é go ndéanann Oifigeach Poiblí Sainithe teagmháil le duine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus go ndéanann an duine sin teachtaireacht iomchuí, ba ghá í a thaifeadadh, beag beann ar cén duine a thosaigh an comhrá.

15)      An díolmhaithe atá próisis chomhairliúcháin phoiblí?

Luaitear i bhfo-alt 5(5)(e) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil gur cumarsáidí “eiscthe” (díolmhaithe) iad “cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a fhoilsíonn sé” agus nach meastar iad a bheith cothrom le brústocaireacht. Ba é ba dhóichí gur chumarsáid dhíolmhaithe í aighneacht a dhéantar mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí fad is gurb é an comhlacht seirbhíse poiblí a d’iarr í agus go bhfoilsíonn an comhlacht seirbhíse poiblí í.

Is ionann cumarsáid iomchuí (gníomhaíocht brústocaireachta) agus ceann a dhéantar go pearsanta (go díreach nó go hindíreach) le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.  De ghnáth, bunaítear in iarraidh ar aighneachtaí ó chomhlacht poiblí an próiseas trína bhféadfar aighneachtaí a dhéanamh.  Féadfar seoladh ríomhphoist cineálach, seoladh poist nó faisnéis teagmhála eile nach bhfuil ainm aon oifigigh phoiblí ainmnithe ar áireamh ann/inti a chur ar fáil.  Má dhéanann duine aighneacht de réir an phróisis sin, is beag seans go mbeidh sé ag déanamh “cumarsáid iomchuí” (is é sin, gníomhaíocht brústocaireachta a sheoladh) toisc nach mbeadh an duine ag déanamh cumarsáid go pearsanta le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.

I gcásanna eile, féadfar ainm a thabhairt le haghaidh fostaí de chuid an chomhlachta phoiblí mar theagmhálaí. D’fhéadfadh sé/sí a bheith ina (h)oifigeach poiblí ainmnithe nó gan a bheith. Más rud é go ndéantar an aighneacht de réir an phróisis bhunaithe agus go bhfoilsíonn an comhlacht poiblí í, cáileoidh sí le haghaidh na díolúine. Más rud é, áfach, nach gcloíonn an duine atá ag déanamh na haighneachta leis an bpróiseas bunaithe agus go seolann sé/sí í chuig oifigeach poiblí ainmnithe in ionad an phróisis bhunaithe nó de bhreis air, measfar an aighneacht a bheith ina gníomhaíocht brústocaireachta agus ní bheidh sí díolmhaithe.

Ní mór an aighneacht a bheith foilsithe ag an gcomhlacht seirbhíse poiblí. Ní leor go bhfuil an aighneacht foilsithe ag an duine atá á déanamh. Mura bhfoilsíonn an comhlacht seirbhíse poiblí an aighneacht, ní bheidh sí ina cumarsáid dhíolmhaithe.

Ní leagtar amach san Acht an tréimhse nach mór don chomhlacht poiblí an aighneacht a fhoilsiú lena linn. Tá sé tábhachtach a dheimhniú leis an gcomhlacht poiblí cad a bheartaíonn sé a dhéanamh le haighneachtaí. Más amhlaidh gur dócha go dtitfidh an dáta foilsithe tar éis tréimhse tuairisceáin eile, is féidir gurbh fhearr leis an duine a bhreithniú cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé le leas an phobail tuairisceán gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach i leith na haighneachta.

I roinnt cásanna, is féidir nach bhfoilseoidh comhlacht poiblí an aighneacht ar fad agus go bhfoilseoidh sé achoimre ar aighneacht an duine ina háit. Más rud é nach bhfuil ach achoimre ar an aighneacht á foilsiú ag an gcomhlacht poiblí, beidh ar an duine atá ag déanamh na haighneachta a chinntiú go mbeadh an fhaisnéis atá san achoimre cosúil leis an bhfaisnéis sin a bheadh ar an gClár Brústocaireachta dá mbeadh ar an duine tuairisceán gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach i leith na haighneachta i.e. ainm an duine a rinne an aighneacht; ábhar na haighneachta agus an toradh atá á lorg ag an duine.

Má tá duine sásta go bhfuil sé beartaithe ag comhlacht poiblí a (h)aighneacht a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus i bhformáid lena soláthrófar faisnéis atá cosúil leis an bhfaisnéis sin a bheadh ar fáil i dtuairisceán gníomhaíocht brústocaireachta, féadfaidh an duine an aighneacht a mheas go cuí mar chumarsáid eiscthe agus gan í a mheas mar ghníomhaíocht brústocaireachta nach mór a chur ar áireamh i dtuairisceán chuig an gClár Brústocaireachta.

Má tá duine in amhras, áfach, faoi cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht poiblí an fhaisnéis riachtanach a fhoilsiú, is féidir gurbh fhearr leis an duine bheith cúramach agus breithniú a dhéanamh ar an aighneacht a chur ar áireamh ina t(h)uairisceán don tréimhse ábhartha.

16)      Má eisím cáipéis phoiblí (preaseisiúint, tuarascáil bhliantúil, etc.), an ionann í sin agus brústocaireacht?

De ghnáth, ní mheasfaí gurbh ionann agus brústocaireacht teachtaireacht atá dírithe ar lucht féachana ginearálta nó ar an bpobal. Le go measfar mar bhrústocaireacht í, ní mór teachtaireacht a bheith seolta chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le ní iomchuí.

17)      Cad is brústocaireacht indíreach ann?

I bhfo-alt 5(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, tagraítear do “teachtaireacht iomchuí” a dhéanamh, a bhainistiú nó a sheoladh. Tugtar míniú níos mine ar a bhfuil i gceist le “teachtaireacht iomchuí” inár dtreoirlínte, rud atá ar fáil ar www.lobbying.ie. Is féidir “teachtaireacht iomchuí” a dhéanamh go díreach agus go hindíreach.

Más rud é go n-iarrann duine go ndéanann duine eile nó eintiteas brústocaireacht thar a cheann, d’fhéadfadh an chéad duine sin a bheith i mbun brústocaireacht indíreach.


Oifigigh Phoiblí Shainithe a Shainaithint


18)      
Conas is eol dom gur Oifigeach Poiblí Sainithe atá i nduine?

In alt 6 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, leagtar amach na catagóirí daoine a mheastar a bheith ina nOifigigh Phoiblí Shainithe chun críocha an Achta. Ceanglaítear leis an Acht freisin go bhfoilsíonn comhlachtaí seirbhíse poiblí liosta de na daoine aonair sin laistigh dá n-eagraíocht, lena n-áirítear ainm an duine, grád an duine agus sonraí achoimre faoi ról agus fhreagrachtaí an duine. Cé go ligtear do bhrústocairí cuardach a dhéanamh ar ainm Oifigigh Shainithe Phoiblí leis an mbunachar sonraí ar an gClár Brústocaireachta, meastar gurb é an liosta a fhoilsíonn an comhlacht seirbhíse poiblí an acmhainn chríochnúil.

19)      An ionann agus gníomhaíochtaí brústocaireachta cumarsáidí idir comhaltaí de Ghrúpaí Oibre/de Shainghrúpaí?

Foráiltear leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil go bhfuil duine ag déanamh “cumarsáid iomchuí” sa chás go ndéanann sé cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe maidir le “ní iomchuí”.  Más ag Grúpa “Oibre/Sainghrúpa” atá Oifigeach Poiblí Ainmnithe mar dhuine dá chuid comhaltaí, tá seans ann, mar sin, go bhfuil comhaltaí eile den Ghrúpa ag déanamh “cumarsáidí iomchuí” má tharlaíonn sé, agus iad i mbun plé, go ndéanann siad cumarsáid le hOifigeach Poiblí Ainmnithe maidir le ní iomchuí.  Ba ghá cumarsáidí den sórt sin a chur ar áireamh i dtuairisceán an duine sin chuig an gClár Brústocaireachta.  (Má rinne comhalta den ghrúpa na “cumarsáidí iomchuí” agus é ag déanamh ionadaíocht d’eagraíocht ar leith, is féidir gur gá na cumarsáidí a chur ar áireamh ansin i dtuairisceán na heagraíochta chuig an gClár Brústocaireachta.)

Tá díolúine ann a bhfuil feidhm aici maidir le cumarsáidí laistigh de ghrúpaí áirithe.Foráiltear in alt 5(5)(n) gur cumarsáidí díolmhaithe iad cumarsáidí idir comhaltaí de rud ar a dtugtar “comhlacht iomchuí” san Acht. Sainmhínítear “comhlacht iomchuí” in alt 5(6) den Acht mar chomhlacht a gceapann Aire nó Comhlacht Seirbhíse Poiblí a chomhaltaí, agus tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis: 

  • Áirítear ar a chomhaltaí duine amháin ar a laghad ar Oifigeach Poiblí Ainmnithe é agus duine amháin ar a laghad nach bhfuil fostaithe ná fruilithe ag Comhlacht Seirbhíse Poiblí.
  • Tá athbhreithniú, measúnú nó anailís á ndéanamh ag an ngrúpa ar aon saincheist bheartais phoiblí d’fhonn tuarascáil a thabhairt don Aire den Rialtas nó don Chomhlacht Seirbhíse Poiblí maidir léi, agus
  • Seolann an grúpa a chuid gníomhaíochtaí de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta

Má chomhlíonann comhlacht an sainmhíniú ar “chomhlacht iomchuí” mar atá leagtha amach thuas, ní gá cumarsáidí a dhéantar idir comhaltaí den chomhlacht sin agus a bhaineann le hobair an ghrúpa a fhoilsiú ar an gClár sa chás go bhféadfaí na cumarsáidí lena mbaineann teacht ar shlí eile faoin sainmhíniú ar “chumarsáid iomchuí”.  Beidh sé faoin nGrúpa a bhreithniú cé acu a chomhlíonann sé ceanglais alt 5(6) den Acht nó nach gcomhlíonann agus cé acu a sheolfaidh sé a chuid gníomhaíochtaí de réir an Chóid Trédhearcachta nó nach seolfaidh.  Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le “comhlacht iomchuí” agus leis an gCód Trédhearcachta a fháil inár dTreoirlínte d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine ach le cumarsáidí a bhaineann le hobair an ghrúpa agus nach bhfuil feidhm aici maidir le cumarsáidí eile a d’fhéadfaí a dhéanamh i measc na gcomhaltaí ar ábhair eile.

20)      An cumarsáidí díolmhaithe iad cumarsáidí ó chomhlacht corpraithe (comhlacht tráchtála stáit nó comhlacht neamhthráchtála stáit) le hAire Rialtais nó le Roinn Rialtais?

Cumarsáidí ó chomhlacht corpraithe, nó thar ceann comhlacht corpraithe, a dhéantar le hAire (nó le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá ag fónamh i Roinn an Aire sin) a shealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht corpraithe, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige nó aici i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, is cumarsáidí "eiscthe" (díolmhaithe) iad faoi alt 5(5)(m) den Acht i gcás ina ndéantar na cumarsáidí "i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe".  Ní mheastar na cumarsáidí sin a bheith ina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, dá bhrí sin.

Tagraítear san fhoclaíocht ar leith a úsáidtear in alt 5(5)(m) do chumarsáidí a dhéantar "i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe".  Níl an Coimisiún um Chaighdeáin in ann a shonrú cad atá i gceist le gnáthchúrsa gnó gach comhlachta den sórt sin.  Beidh sé faoi na comhlachtaí lena mbaineann a chinneadh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go ndéantar cumarsáid i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta. 

D'fhéadfadh go n-áireofaí na nithe seo le samplaí de chumarsáid a dhéantar i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta chorpraithe: tuarascáil bhliantúil lena leagan os comhair an Oireachtais a chur ar fáil don Aire, tuairiscí ar an dul chun cinn i gcás ina bhfuil an comhlacht ag seoladh cláir thar ceann an rialtais, nó cur síos ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta nó ábhar faisnéise ina dtugtar faisnéis fhíorasach agus ar iarradh ar an gcomhlacht é a chur ar fáil don Aire nó don Roinn.

Ní fhéadfar cumarsáid nach ndéantar i ngnáthchúrsa gnó an chomhlachta a mheas a bheith ina cumarsáid dhíolmhaithe faoi alt 5(5)(m).  Más rud é nach cumarsáid dhíolmhaithe í cumarsáid agus go mbaineann sí le ní iomchuí, féadfar an chumarsáid a mheas a bheith ina gníomhaíocht brústocaireachta ag an gcomhlacht.  D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le samplaí:

  •          Iarraidh ar chistiú breise, ar fhóirdheontas, etc.
  •          Iarraidh ar athrú reachtach nó ar athrú beartais
  •          Iarraidh ar chumhachtaí breise nó méadaithe
  •          Ionchur sna critéir le haghaidh comórtas tairisceana a mbeartaíonn an comhlacht tráchtála stáit dul in iomaíocht ann.

I gcás ina ndéantar cumarsáidí le hAire (nó le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá ag fónamh i Roinn Aire) nach sealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht corpraithe, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige nó aici i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní bheidh feidhm ag an díolúine in alt 5(5)(m) den Acht.  Féadfar cumarsáidí den sórt sin a mheas a bheith ina ngníomhaíocht brústocaireachta más rud é go mbaineann siad le ní iomchuí agus nach bhfuil siad díolmhaithe ar shlí eile.

Is é is gníomhaíocht brústocaireachta ann ná gníomhaíocht a dhéantar go pearsanta (go díreach nó go hindíreach) le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.  Más rud é go ndéantar cumarsáid le duine nach Oifigeach Poiblí Ainmnithe é/í agus go n-iarrtar nó go mbeartaítear go dtarraingeofar an chumarsáid ar aird Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, féadfar a mheas go ndearnadh an chumarsáid go hindíreach le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.

21)      An méadófar an liosta d’Oifigigh Shainithe Phoiblí san am atá le teacht?

Foráiltear le halt 6 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go bhféadfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe oifigigh phoiblí a leagan síos mar Oifigigh Phoiblí Shainithe faoin Acht. Chuir an tAire in iúl go bhfuil sé ar intinn aige an liosta a mhéadú am éigin san am atá le teacht. Níor socraíodh aon dáta chuige sin go fóill agus níl cinneadh déanta ar na poist eile agus na heagraíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith san áireamh ann. Féadfar aon cheisteanna ina leith a chur ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

22)     Le linn feachtas toghcháin, an leanann Teachtaí Dála agus Airí lena bheith ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe?

Áirítear le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe Airí agus Airí Stáit, Comhaltaí den Dáil agus den Seanad, Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa do na toghcheantair Éireannacha, Comhaltaí d’údaráis áitiúla, comhairleoirí speisialta agus catagóirí forordaithe de státseirbhísigh agus de sheirbhísigh phoiblí.

A luaithe a thoghtar iad agus a ghlacann siad a suíochán, meastar gur Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad comhaltaí den Dáil. A luaithe a fhógraítear toghchán, scoireann Teachtaí Dála dá bheith ina dTeachtaí Dála agus, dá bhrí sin, scoireann siad dá bheith ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Mar sin féin, leanann Airí agus Airí Stáit san oifig le linn tréimhse thoghcháin agus is Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad le linn na tréimhse sin dá bharr. Is amhlaidh an scéal i gcás comhaltaí den Seanad.

Ábhar na dtuairisceán

23)      Má tá ainm Oifigigh Phoiblí Ainmnithe le feiceáil ar thuairisceán brústocaireachta, an ionann é sin agus a rá go gcomhaontaíonn sé le seasamh an duine atá ag déanamh brústocaireachta air?

Aon duine a théann i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta, féadfaidh sé déanamh amhlaidh ar roinnt bealaí: trí ríomhphoist, trí ghlaonna teileafóin, trí aighneachtaí scríofa, trí chruinnithe, etc. Is féidir roinnt de na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh i bhfoirm mórchumarsáidí (mar shampla, ríomhphost a chur chuig gach comhalta den Oireachtas). Is féidir gníomhaíochtaí eile a bheith níos spriocdhírithe (mar shampla, cruinniú le hOifigeach Poiblí Ainmnithe ar leith).

Tá sé de fhreagracht ar oifigigh phoiblí raon tuairimí ar bheartas poiblí a iarraidh agus a chloisteáil, agus is cuid den phróiseas sin atá i dteacht le chéile le heagraíochtaí nó le daoine a d’fhéadfadh féachaint le brústocaireacht a dhéanamh orthu. Sa chás go bhfuil ainm Oifigigh Phoiblí Ainmnithe le feiceáil ar thuairisceán brústocaireachta, ní thugann sé sin le fios ach go ndearnadh brústocaireacht ar an Oifigeach Poiblí Ainmnithe ar ábhar ar leith. Ní thugann sé le tuiscint go n-aontaíonn an tOifigeach Poiblí Ainmnithe lena mbaineann le seasamh an bhrústocaire agus níor cheart é a léirmhíniú ar an mbealach sin.


Forfheidhmiú


24)      
Mura gcláraím, an gcuirfear aon phionóis orm?

I gCuid 4 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, leagtar amach forálacha forfheidhmithe nach bhfuil sceidealta le teacht i bhfeidhm go dtí bliain amháin tar éis thosach feidhme na reachtaíochta (an 1 Meán Fómhair 2015). In Alt 19 den Acht, tugtar de chumhacht don Choimisiún um Chaighdeáin imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha. In Alt 21, ceadaítear don Choimisiún fógraí íocaíochta seasta a ghearradh i leith sáruithe áirithe ar an reachtaíocht. Ar deireadh, in Alt 20 den Acht, tugtar d’údarás don Choimisiún cionta a ionchúiseamh.