Cad a tharlóidh más rud é gur chláraigh mé de bhotún nó gur chuir mé tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta isteach nuair nach raibh ceanglas orm déanamh amhlaidh?
Cumasaítear don Choimisiún um Chaighdeáin le halt 13(3) den Acht faisnéis a bhaint láithreach den Chlár i gcás go measfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis sin mícheart nó míthreorach.
Más rud é go measann duine gur chláraigh sé de bhotún nó gur chuir sé tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta isteach nuair nach raibh ceanglas air déanamh amhlaidh, is féidir leis teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus a iarraidh go scriosfaí an fhaisnéis ón gClár. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin breithniú ar an iarraidh ansin agus, más cuí leis déanamh amhlaidh, scriosfaidh sé an fhaisnéis lena mbaineann.