An brústocaireacht atá i gceist le cumarsáid idir páirtí polaitíochta agus a ionadaithe tofa??

Tá ról tábhachtach ag páirtithe polaitíochta i bhforbairt beartais, agus iad ag obair lena gcomhaltaí – lena n-áirítear comhaltaí tofa – chun beartas páirtí a fhorbairt nó a bheachtú. Tá sé tábhachtach go mbeidh páirtithe polaitíochta in ann ardáin bheartais agus chláir a mheas agus a fhorbairt i gcomhairle lena mballraíocht. Is minic a bheidh roinnt comhairliúchán inmheánach i gceist leis seo maidir le cad a d’fhéadfaí a mheas mar “nithe ábhartha” faoin Acht. I gcás ina bhfuil páirtí polaitíochta i mbun cumarsáide lena ionadaithe tofa (OPA) maidir le hábhar ábhartha, d’fhéadfaí, dá bhrí sin, an chumarsáid a ghabháil leis an sainmhíniú ar ghníomhaíocht brústocaireachta. Ciallaíonn ‘páirtí polaitíochta’ páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta de réir alt 25 den Acht Toghcháin 1992.

Tá díolúine nua curtha leis an mBille um Brústocaireacht (Leasú) 2022. Forálann alt 5(5)(p) go bhfuil cumarsáidí ó pháirtí polaitíochta chuig a chomhaltaí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad agus a dhéantar go heisiach mar chomhaltaí den pháirtí polaitíochta lena mbaineann díolmhaithe faoin Acht.

Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanann páirtí polaitíochta cumarsáid lena ionadaithe tofa (OPA) ina cháil mar chomhaltaí den pháirtí agus/nó ina seasamh mar urlabhraithe páirtí maidir le tionscnamh, forbairt nó modhnú aon bheartais phoiblí nó cláir nó maidir leis an achtachán a ullmhú nó a leasú, ní mheasfar é mar ghníomhaíocht brústocaireachta.

Return to FAQ  

 

Next

 

Prev