Aithnítear mo ghnóthas faoi ainm amháin ach tá ainm dlíthiúil difriúil air – cén t-ainm ar cheart dom clárú faoi?

Foráiltear le halt 11(1)(a) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, go ndéanfaidh duine ar mian leis nó léi go gcuirfear san áireamh é nó í ar an gClár iarratas chuig an gCoimisiún ina luafar ainm an duine.

I gcásanna go bhfuil difríocht ann idir an t-ainm is coitianta atá ar an ngnóthas agus a ainm dlíthiúil, molaimid go gcláródh cláraithe faoina n-ainm dlíthiúil agus go gcuirfeadh siad tagairt don ainm is coitianta aithne dóibh ar áireamh freisin in ainm an chláraí.  Mar shampla: 12345 Ireland Ltd (“LobbyGroup” mar ainm trádála dó).    

 

Return to FAQ