Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh – an 27 Iúil 2016
Taifead na bpríomh-shaincheisteanna
Liosta na nDaoine a bhí i Láthair:
Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin); Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin; Niamh O’Byrne, an Coimisiún um Chaighdeáin; Ray Butler, an Coimisiún um Chaighdeáin; Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Bernie Orr, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Martin Wallace, Dovetail
Ivan Cooper, The Wheel; Sheila Nordon, ICTR; Ian Talbot, Chambers Ireland; John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann; Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta; Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC); Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann; Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Cormac Ó Cúláin, Dlí-Chumann na hÉireann; Pat Galvin, Eircom; Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann; Lughan Deane, IMPACT
Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann; an Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Madeleine Delaney, Comhairleoir Dlí; Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí; Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim; Martin Lambe, Institiúid Cánachais na hÉireann
- Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe:
o Tugadh mionsonraí faoi thabhairt chun críche na sonraíochtaí le haghaidh Chéim 2 - tosach feidhme na bhforálacha forfheidhmithe. Áireofar leis sin gné íocaíochta ar líne, tionscadail chumarsáide agus feasachta agus úsáid a bhaint as suíomh Gréasáin Lobbying.ie, as na meáin shóisialta agus as preaseisiúintí. Ní bheidh feachtas fógraíochta ag gabháil leis an gcéim sin, áfach.
o Is é an rún ná a chinntiú go bhfuil daoine ar an eolas agus gurb eol dóibh cad nach mór dóibh a dhéanamh, in ionad fanacht go dtí go ndéanann siad earráid agus iad a cheartú.
o Cuireadh ceist faoi cé acu a d’fhoilseofaí nó nach bhfoilseofaí liosta mainnitheoirí. Dheimhnigh Sherry Perreault nach ndéantar foráil dó sin san Acht.
- Thug Aidan Moore an t-eolas is deireanaí ar na hathruithe ar an gcóras ar líne a sainaithníodh. Ba cheart iad a bheith i bhfeidhm faoin tríú spriocdháta. Meastar go dtabharfar aghaidh ar an gcuid is mó d’ábhair imní leis an obair sin. Áirítear leo sin:
o Beidh cnaipe “foilsigh na míreanna uile’ ann le haghaidh níos mó ná tuairisceán amháin a chur isteach
o Beidh fáil ar chomhad pdf ina gcuimseofar tuairisceáin fhoilsithe
o Beifear in ann tuairisceáin a scagadh de réir tréimhse tuairisceáin
o Beidh riarthóir an chuntais in ann tuairisceáin a scriosadh
o Beidh saoráid cuardaigh ann i bpainéal rialaithe an chuntais
- Luaigh Aidan Moore go bhfuil líon ard cásanna ann faoi láthair nár cuireadh tuairisceáin isteach iontu. Tá sé beartaithe ag an aonad an tsaincheist sin a fhiosrú roimh thosach feidhme na bhforálacha forfheidhmithe chun feasacht a mhéadú ar an gceanglas atá ann tuairisceáin a chur isteach (torthaí nialasacha san áireamh) ag gach spriocdháta.
- Moladh gur cheart rogha a bheith ann chun a dhearbhú gur seoladh an ghníomhaíocht brústocaireachta ar son na cuideachta agus chun a dhearbhú gur comhairleoir a sheol í. D’fhágfadh sé sin go nascfadh an tuairisceán na páirtithe ábhartha uile le foirm aonair. Cuireadh in iúl go bhféadfaí déanamh amhlaidh trí uimhir CRO a nascadh in ionad roinnt tuairisceán a chur isteach don aon mhír amháin.
o Déanfaidh Aidan Moore nóta de go dtí an chéad tráinse eile de nuashonruithe teicniúla
- Chuir Bernie Orr (an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) in iúl don Ghrúpa nach raibh Oifigigh Phoiblí á mbreithniú lena gcur ar áireamh mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe agus gurbh é ba dhóichí go bpléifí an tsaincheist sin san athbhreithniú reachtach.
- Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag súil go gcuirfear an t-athbhreithniú reachtach i gcrích faoi mhí Feabhra 2017.
- Maidir le cóid trédhearcachta, luadh nach bhfuil gach meitheal agus fóram eolach ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Moladh go dtabharfaí faoi fhor-rochtain bhreise.
- Luadh an tsaincheist um brústocaireacht lasmuigh d’Éirinn. Mhínigh Sherry Perreault gur pléadh leis an tsaincheist sin roinnt uaireanta agus nach raibh aon athrú tagtha ar sheasamh an Choimisiúin um Chaighdeáin. Más amhlaidh go bhfuil duine ar bith ar an eolas faoi bhrústocaireacht neamhchláraithe a d’fhéadfadh a bheith ann, beidh fáilte roimhe an méid sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin le haghaidh fiosrú.
- Comhaontaíodh go mbainfí leas as treoirnóta ina míneofaí na hoibleagáidí ar chomhlachtaí faoi úinéireacht an stáit a bhfuil an t-aire ina scairshealbhóir iontu.
- Chomhaontaigh an Grúpa Comhairleach nach saothródh sé comhaighneacht don athbhreithniú reachtach ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Moladh do chomhaltaí an Ghrúpa aighneachtaí aonair a chur isteach don athbhreithniú.
An Chéad Chruinniú Eile – go luath i mí Dheireadh Fómhair (socrú sealadach)