Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh - an 13 Eanáir 2016

Taifead na bpríomh-shaincheisteanna

 

Liosta na nDaoine a bhí i Láthair –

Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin); Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin; Pádraig Grant, an Coimisiún um Chaighdeáin; Bernie Orr, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Martin Wallace, Dovetail; Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin.

Ivan Cooper, The Wheel; Sheila Norden, ICTR; Ian Talbot, Chambers Ireland; John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann; Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Pat Costello, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta; Pat Galvin, Eircom; Lughan Odlum Deane, IMPACT; Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC); Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann; Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann; Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann.

Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí; Martin Lambe, Institiúid Cánachais na hÉireann; Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim.

Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe.

  • Faoi láthair, tá thart ar 775 chláraí agus 280 tuairisceán ar an gcóras.
  • Tá a liosta d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe foilsithe ag gach comhlacht poiblí. Mar sin féin, níl gach ceann de na sonraí a éilítear leis an reachtaíocht (lena n-áirítear cur síos ar róil agus fhreagrachtaí na nOifigeach Poiblí Ainmnithe) foilsithe ag gach comhlacht poiblí. Fiosróidh an Coimisiún um Chaighdeáin é sin.
  • Foilseofar leathanach ar www.lobbying.ie ina dtabharfar naisc chuig liosta Oifigeach Poiblí Ainmnithe gach comhlachta phoiblí.
  • Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí chun iarraidh orthu sonraí faoi gach Comhairleoir Speisialta a fhoilsiú freisin.
  • Dheimhnigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe stádas na gcomhlachtaí Thuaidh/Theas agus nuashonraíodh lobbying.ie chun an fhíric sin a léiriú.
  • Dheimhnigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go bhfuil an tuarascáil ar bhrústocaireacht ó Chomhairle na hEorpa i ndréachtfhormáid fós agus ní féidir í a scaipeadh ar an nGrúpa go fóill.
  • Tá tús curtha leis an bhfeachtas fógraíochta is déanaí (raidió, preas agus digiteach). Luaigh baill den Ghrúpa go bhfuil sé measartha maith agus gur tháinig siad air roinnt uaireanta cheana féin.
  • Sa tréimhse roimh an spriocdháta tuairisceán, mhéadaigh ar an líon ceisteanna a bhíothas ag cur ar an gCoimisiún um Chaighdeáin.
  • Thug Sherry breac-chuntas ar an bplean teagmhasach i gcás cliseadh córas.
  • Tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, postáladh Ceist Choitianta nua ar an suíomh Gréasáin i dtaca le stádas carthanúil agus cánach na gcarthanas a dhéanann brústocaireacht.
  • D’ardaigh an Grúpa buarthaí faoin gcáilíocht a bhain le roinnt de na tuairisceáin a bhíothas ag cur isteach chuig an gCoimisiún. Is eol don Choimisiún um Chaighdeáin gurb amhlaidh go ndearnadh roinnt tuairisceán a dteastaíonn leasú uathu nó nach bhfuil brústocaireacht i gceist leo go bunúsach. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag fiosrú an ábhair leis na cláraithe faoi seach.
  • Eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin preaseisiúint chun an chéad spriocdháta tuairisceán a shonrú.
  • Léireofar i dtuairisceáin an dáta ar ar cuireadh isteach chuig an gClár iad.
  • Beidh an Coimisiún ag fiosrú an ábhair le Cláraithe a dteipeann orthu tuairisceán a chur isteach.
  • D’iarr an Grúpa go gcuirfí ar an eolas dóibh faoi aon leasuithe nó aon mhionathruithe a dhéanfaí ar an gcóras.
  • Luaigh roinnt ball den Ghrúpa go bhfuil deacracht áirithe leis an gcóras acu, go háirithe na baill sin ag a bhfuil níos mó ná úsáideoir amháin. Ba mhaith leis na riarthóirí rialú iomlán eagarthóireachta a bheith acu ar thuairisceáin gach úsáideora. Pléadh an tsaincheist sin cheana agus rinneadh cinneadh, bunaithe ar chomhairle a fuarthas ó bhaill um an dtaca sin, gan an fheidhmiúlacht sin a chur ar fáil. Déanfar athbhreithniú ar an gcinneadh sin le haghaidh nuashonruithe a dhéanfar ar an gcóras amach anseo.
  • Tá na forbróirí ag iniúchadh roinnt de na saincheisteanna teicniúla ar ardaigh an Grúpa iad agus tá siad á réiteach faoi láthair. Ní dhéanfar aon athruithe suntasacha ar an gcóras go dtí go bhfuil spriocdháta an 21 Eanáir imithe thart, áfach.
  • Scrúdóidh an Coimisiún um Chaighdeáin an fhéidearthacht a bhaineann le fógra a chur ar leathanach baile an tsuímh Ghréasáin faoi aon mhall-aga ama idir tuairisceáin a bheith curtha isteach ag cláraithe agus na tuairisceáin a bheith foilsithe ar an suíomh Gréasáin beo.
  • D’ardaigh an Grúpa an tsaincheist um uainiú na n-iarrataí ar fhoilsiú moillithe agus conas a d’fhéadfadh sé sin dul i bhfeidhm ar shreabhadh oibre an Choimisiúin um Chaighdeáin. Feicfimid linn cé acu a bheidh sé sin ina dhúshlán nó nach mbeidh. Más rud é go bhfuil saincheisteanna ann maidir le haighneachtaí, le spriocdhátaí agus leis an ualach oibre a thagann as struchtúr reatha na reachtaíochta, d’fhéadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin iad a chur in iúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe reachtaigh, rud a mbeidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i gceannas air.
  • Chomh maith leis sin, chuir an Grúpa ceisteanna maidir le nósanna imeachta agus treoirlínte um iarrataí ar fhoilsiú moillithe agus maidir le cé chomh dian a bheidh an tástáil ina leith (mar shampla, céard a bheidh i gceist le “drochéifeacht thromchúiseach ar leasanna tráchtála”). Breithneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin iarrataí samplacha gan ainm a fhoilsiú amach anseo.
  • Thug an Grúpa faoi deara go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair ar conas a reáchtáiltear próisis chomhairliúcháin phoiblí. Moladh go mbreithneodh an Coimisiún um Chaighdeáin páirt a ghlacadh sa phróiseas sin. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin plé leantach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun a dhéanamh amach cé na paraiméadair atá ann, cé acu ba cheart nó nár cheart don Choimisiún um Chaighdeáin páirt a ghlacadh ann agus conas a ghlacfadh sé páirt ann. An Coimisiún um Chaighdeáin
  • Dheimhnigh an Coimisiún um Chaighdeáin gurb amhlaidh, i gcás inar luaigh roinn go bhfoilseodh sí aighneachtaí ar bith a dhéantar mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí, go bhféadfadh eagraíocht leas a bhaint as an díolúine ó aighneachtaí den sórt sin a chur san áireamh i dtuairisceán, beag beann ar an tréimhse ina bhfoilsíonn an roinn aighneachtaí.
  • Chuir an Grúpa in iúl gur as dáta cheana féin atá roinnt de na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá liostaithe ar shuíomhanna Gréasáin na ranna. Fiosróidh an Coimisiún um Chaighdeáin an t-ábhar sin le ranna.

An Chéad Chruinniú Eile - Dé Céadaoin an 10 Feabhra ag 2pm