Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh - an 10 Feabhra 2016
Taifead na bpríomh-shaincheisteanna
Liosta na nDaoine a bhí i Láthair –
Sherry Perreault (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin); Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin; Pádraig Grant, an Coimisiún um Chaighdeáin; Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin; Niamh O’Byrne, an Coimisiún um Chaighdeáin; an Breitheamh Daniel O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Madeleine Delaney, Comhairleoir Dlí, Áine Stapleton, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Martin Wallace, Dovetail.
Gert Ackermann, The Wheel; Sheila Nordon, ICTR; Ian Talbot, Chambers Ireland; John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann; Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta; Pat Galvin, Eircom; Niall Shanahan, IMPACT; Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC); Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann; Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí; Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim.
Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: Martin Lambe, Institiúid Cánachais na hÉireann; Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann; Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann; Cormac Ó Cúláin, Dlí-Chumann na hÉireann.
Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe.
- Tá leathanach na nasc leis an bhfaisnéis faoi na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe foilsithe ar lobbying.ie. Ar an drochuair, níl suíomh gréasáin Gaeilge ag gach comhlacht poiblí agus dá bhrí sin is chuig na suíomhanna Béarla a théann roinnt de na naisc Ghaeilge. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin obair leantach i ndáil le téacs agus ábhar na leathanach um Brústocaireacht a Rialáil ar shuíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí poiblí sula i bhfad.
- Is cosúil go bhfuil faisnéis maidir le Comhairleoirí Speisialta agus an ról atá acu mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe foilsithe ar gach suíomh anois.
- D'eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin dhá phreasráiteas: ceann amháin ina ndírítear aird ar an spriocdháta i leith na dtuairisceán agus ceann eile ina dhiaidh sin lena chur in iúl go bhfuiltear sásta le líon ard na dtuairisceán agus na gclárúchán i rith an chéad tréimhse tuairisceán.
- Tugadh ar aird go bhfuil an chéad spriocdháta tuairisceán thart, gur éirigh go geal leis, agus gur maith mar a láimhseáil an córas agus an fhoireann gach uile ní. Thréaslaigh Sherry leis an bhfoireann as ucht na dianoibre a bhí déanta acu.
- Tá nuashonrú déanta ar an gcóras sa chaoi is gurb amhlaidh anois, nuair a dhéantar leasú ar thuairisceáin, go mbíonn dáta an leasaithe le feiceáil ar an mbeochlár.
- Is iad na tosaíochtaí atá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin anois ná déileáil le nithe atá faoi réir spriocdhátaí, amhail iarrataí ar fhoilsiú moillithe.
- Ina theannta sin, tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag seiceáil cáilíocht na dtuairisceán atá curtha isteach lena chinntiú go bhfuil siad iomlán agus cruinn, agus tá teagmháil déanta aige le roinnt cláraithe d'fhonn a gcuid tuairisceán a cheartú nó a leasú.
- Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag tabhairt faoi anailís ar chlárúcháin agus ar thuairisceáin d'fhonn aon earnálacha tionscail ag a bhfuil líon íseal clárúchán a shainaithint. Díreofar ar na hearnálacha sin ansin d'fhonn feasacht a mhúscailt i dtaobh an Achta.
- Bhí an Coimisiún um Chaighdeáin i dteagmháil le dlínsí eile chun a fháil amach céard é an dea-chleachtas i dtaobh déileáil leis na chéad tréimhsí tuairisceáin agus conas iad a phróiseáil.
- Ghlac Sherry buíochas leis na baill go léir as gach rud a raibh déanta acu, agus go háirithe as ucht cuidiú le cur leis an bhfeasacht i dtaobh an Achta agus a chuid oibleagáidí i measc na n-eagraíochtaí dá bhfuil siad féin ina mbaill. D'iarr sí go ndéanfadh na baill go léir machnamh ar conas cur leis an rannpháirtíocht agus an tuiscint i leith an Achta i measc an mhórphobail brústocaireachta, agus go ndéanfaidís moltaí dá réir.
- Tá nuashonrú déanta le déanaí ar roinnt uirlisí suímh gréasáin, lena n-áirítear:
- Treoirlínte athbhreithnithe, atá curtha chun bealaigh lena n-aistriú agus a fhoilseofar sula i bhfad.
- Rannóg Ceisteanna Coitianta
- Doiciméad nua ina ndírítear aird ar bhotúin a dhéantar go minic sna tuairisceáin.
- Tá an fhoirm shamplach thuairisceáin sainaitheanta mar acmhainn eile ar chóir í a nuashonrú. Táthar ag súil go mbeidh leagan nuashonraithe den fhoirm ina chúnamh maidir le cláraithe a threorú i dtaobh cé mhéad faisnéis is cóir dóibh a thabhairt ina gcuid tuairisceán.
Thug baill den ghrúpa aiseolas faoi nithe a bhaineann le forfheidhmiú agus faoi ábhair chúraim a tháinig chun cinn de bharr an chéad spriocdháta.
- Mhol baill den ghrúpa an Coimisiún um Chaighdeáin as ucht chomh maith agus a d'éirigh leis an gcéad spriocdháta.
- Dhírigh baill den ghrúpa aird ar neamhréireacht éigean a bhí le sonrú sna tuairisceáin agus thugadar ar aird go bhfuil roinnt cláraithe nár chuir tuairisceán isteach go fóill. Thug an Coimisiún um Chaighdeáin ar aird go bhfuil an fhoireann ag déanamh athbhreithniú ar thuairisceáin i dtaobh cáilíochta. Beidh meabhrúcháin eile á n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin d'eagraíochtaí nach bhfuil tuairisceán curtha isteach acu go fóill.
- Ina theannta sin, d'ardaigh an Grúpa saincheist na brústocaireachta a dhéanann brústocairí thar lear ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa. D’admhaigh an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil dúshláin le sárú maidir leo siúd a bhíonn i mbun brústocaireachta lasmuigh de theorainneacha na hÉireann, agus tá sé beartaithe aige cruinniú a shocrú le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun feasacht a mhúscailt faoin Acht. Tá roinnt ball den Ghrúpa toilteanach éascú do chruinniú ar bith, lena n-áirítear cruinnithe breise le brústocairí sa Bhruiséil. Ina theannta sin, mhol an Grúpa a lán bealaí cumarsáide chun cuidiú feasacht a mhúscailt ina measc siúd a dhéanann brústocaireacht ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus ar AE.
- Beidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag scrúdú iarmhairtí an Achta, idir iarmhairtí a bhí beartaithe agus iarmhairtí nach raibh, mar chuid den athbhreithniú reachtach.
- D'ardaigh an Grúpa saincheisteanna maidir leis an gCód Trédhearcachta, agus ba é an príomhphointe a rinneadh nach bhfuil an oiread feasachta agus is ceart ann i leith an Chóid. Déanfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe teagmháil leantach leis na ranna chun forálacha an Chóid a mheabhrú dóibh mar chuid den obair leanúnach for-rochtana atá ar bun aici agus í ag plé le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.
- D'iarr an Grúpa go gcuirfí roinnt cás-staidéar/tuairisceán gan ainm ar fáil dó mar uirlis chun cabhrú le tuiscint bhreise. Leanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ag déanamh anailíse ar thuairisceáin agus lorgóidh sé samplaí a d'fhéadfaí a úsáid mar chás-staidéir in am trátha.
- Tugadh ar aird nach mór teagmháil a dhéanamh le gach Teachta Dála nua tar éis an toghcháin.
- Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an scéala is déanaí don Ghrúpa faoi phróiseas comhairliúcháin leanúnach Chomhairle na hEorpa maidir le rialáil na brústocaireachta. Tá sonraí teagmhála bhaill an Ghrúpa tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do Chomhairle na hEorpa chuige sin.
- Tá dréacht-Ionstraim Reachtúil ullmhaithe i ndáil le fíneálacha agus pionóis. Tabharfar chun críche í agus foilseofar í in am trátha.
- Táthar ag súil nach dtiocfaidh an Grúpa le chéile chomh minic thar na míonna atá amach romhainn ach go gcuirfear tús le cruinnithe rialta arís nuair a bheidh feidhm ag forálacha fiosrúcháin agus forfheidhmiúcháin an Achta.
- Ba mhaith leis an nGrúpa aiseolas agus léargas a chur ar fáil don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sula gcomhaontófar na téarmaí tagartha don athbhreithniú reachtach.
Tugadh ar aird go bhfuil sé ar intinn ag Áine Stapleton bogadh ar aghaidh ón ról atá aici sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus gurb í Joyce Nolan a bheidh ina hionadaí de chuid na Roinne ar an ngrúpa Comhairleach as seo amach.
An Chéad Chruinniú Eile – Dé Céadaoin an 27 Aibreán ag 2pm