Ráiteas um Inrochtaineacht ar an Suíomh Gréasáin

 

Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (An Coimisiún) an suíomh gréasáin seo a chothabháil. Tógadh suíomh gréasáin an Choimisiúin le bheith chomh inrochtana agus is féidir, agus tá ár ndícheall á dhéanamh againn i gcónaí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh.

Rinneamar iarracht a chinntiú go gcloíonn ár suíomh leis na caighdeáin theicniúla seo a leanas:

  • Inrochtaineacht - Tá sé mar aidhm againn gach leathanach dár suíomh a choinneáil ar an leibhéal comhlíontachta WAI AA.
  • Cód - Táirgtear an suíomh seo ag baint úsáid as W3C XHTML 1.0 do shoiléireacht chóid.
  • Formáidiú - Ar aon dul le moltaí W3C, tá an formáidiú ar fad i gComhad Stílbhileoige Cascáidí (CSS). Féadfaidh úsáideoirí rogha a dhéanamh an comhad seo a dhíchumasú agus leagan “gnáth-théacs” den suíomh a fheiceáil más mian leo

Dearadh an suíomh gréasáin chomh maith le bheith comhoiriúnach le formhór na mbrabhsálaithe. Is féidir an suíomh a rochtain fós le leaganacha brabhsála níos sine nach bhfuil an chomhoiriúnacht CSS leo cé go bhféadfaí an t-ábhar a fheiceáil gan a leagan amach grafach.

Má bhíonn deacracht agat leis an suíomh seo a rochtain nó má bhíonn moladh ar bith againn ar conas is féidir linn feabhas a chur ar inrochtaineacht ár suímh ghréasáin déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Rochtana. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:

Seoladh Poist: 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teileafón: +353 1 6395711

Déan Teagmháil le: accessofficer@ombudsman.gov.ie