Scéim Foilsithe um Shaoráil Faisnéise 2020

AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN IN OIFIGÍ POIBLÍ

SCÉIM FOILSITHE UM SHAORÁIL FAISNÉISE

Réamhrá

Ullmhaíodh an Scéim Foilsithe seo a leanas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (an tAcht SF). Tháinig an Scéim i bhfeidhm an 1 Márta 2020.  Tá sé in ainm is soláthair eolais a éascú a mhéid agus is féidir, seachas i gcás eolais atá díolmhaithe faoin Acht SF.

Tá an Scéim gréasánbhunaithe agus tá naisc ann le hábhair thagartha ar ár láithreán gréasáin, a nuashonrófar, faoi mar a fhoráiltear faoin Acht.  Cuirfear cruachóip ar fáil le hamharc air i ndiaidh coinne a dhéanamh.

  1. Eolas faoin gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Cé sinn féin agus an méid a dhéanaimid

Comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, a bunaíodh i Nollaig 2001 faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.  Tá seisear comhaltaí ann agus tá iar-Breitheamh na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí mar chathaoirleach air.  Tá róil mhaoirseachta aige faoi cheithre chreat reachtaíochta faoi leith.  Cuimsítear ina chuid feidhmeanna maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus neamhchomhlíonadh féideartha na nAchtanna a fhiosrú. Áirítear le maoirseacht oibríochtúil leasanna sealbhóirí oifige agus comhlíonadh riachtanais imréitigh cánach ina measc a nochtadh, tabhartais pholaitiúla agus caiteachas ar thoghchán a nochtadh, caiteachas cistiú stáit a fhaigheann páirtithe polaitíochta, athbhreithniú a dhéanamh ar ráiteas iniúchta cuntas ag páirtithe polaitíochta agus brústocaireacht a rialáil.

Bunú

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) an 10 Nollaig 2001 faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.  Tháinig sé in ionad fheidhmeanna uile an iar-Choimisiúin um Oifigí Poiblí agus ghlac sé lena fheidhmeanna, a bhí i bhfeidhm ó thosach feidhme an Achta um Eitic in Oifig Poiblí, 1995 i Samhain 1995.

Feidhmeanna an Choimisiúin

Tá róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) faoi na ceithre chreat reachtaíochta faoi leith seo a leanas:

Róil agus Freagrachtaí

Cuirtear creat reachtúil ar fáil sna hAchtanna um Eitic in Oifig Poiblí, 1995 agus 2001 chun leasanna pearsanta, teaghlaigh agus gnó a nochtadh i measc parlaiminteoirí agus státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí eile agus déileáiltear, freisin, le ceisteanna ar oibleagáidí imréitigh cánach, cóid iompair, bronntanais luachmhara a thabhairt suas, etc.

Anuas ar a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Eitice, tá an Coimisiún um Chaighdeáin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú). Baineann ról an Choimisiún um Chaighdeáin faoin Acht Toghcháin go príomha le ceisteanna ar nós tabhartais pholaitiúla, caiteachas ag toghcháin na Dála, Parlaimint na hEorpa agus Uachtaránachta a nochtadh agus a theorannú, aisíocaíocht costais toghcháin a dheimhniú agus a ordú, caiteachas an Státchiste a dheimhniú ag páirtithe polaitíochta cáilithe, ceannairí páirtí agus daoine neamhspleácha, tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha etc. a chlárú.

Tá ról ag an gCoimisiún, chomh maith, i dtaobh maoirseacht a dhéanamh ar pháirtithe polaitíochta agus daoine neamhspleácha a chistiú faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 (ar a dtugtar an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte). Faoin reachtaíocht seo, caithfidh ceannairí parlaiminteacha páirtithe polaitíochta cáilitheacha agus baill neamhspleácha tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar a gcaiteachas ón liúntas a íocadh leis an mball maidir leis an mbliain roimhe sin. Caithfear ráitis a iniúchadh agus a sholáthar don Choimisiún anuas ar thuarascáil an iniúchóra.

Ar deireadh, tá freagracht ar an gCoimisiún um Chaighdeáin as an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 a chur i bhfeidhm. Foráiltear san Acht chun brústocairí a chlárú agus gníomhaíochtaí brústocaireachta a nochtadh ar chlár brústocaireachta atá ar fáil go poiblí agus atá gréasánbhunaithe. Caithfidh na daoine siúd a thagann faoi chuimsiú scóip na reachtaíochta a dhéanann cumarsáid le hoifigigh ainmnithe phoiblí faoi cheisteanna ábhartha, clárú ar líne agus tuairisceáin a sheoladh ar aghaidh dá gcuid gníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain. Caithfear a nochtadh i dtuairisceáin cé a raibh an bhrústocaireacht á déanamh aige/aici, cé a ndearnadh brústocaireacht air/uirthi, ábhar, modh agus minicíocht na cumarsáide, agus an toradh a beartaíodh a bhaint amach. Foráiltear san Acht, chomh maith, do thréimhse mharana i ndiaidh go bhfágann oifigigh áirithe oifig, agus bíonn toirmeasc orthu lena linn sin ó thabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe brústocaireachta. Ar deireadh, bhunaigh an Coimisiún Cód Iompair, chomh maith, do bhrústocairí.

Is é cuspóir uileghabhálach na reachtaíochta a luaitear thuas lena chinntiú go mbíonn oscailteacht, cuntasacht agus trédhearcacht ag croílár ár gcóras riaracháin agus rialachais phoiblí.

Taifid a choimeádtar san Oifig

Tagann réimse taifead a choimeádtar san Oifig laistigh de na catagóirí seo a leanas (d’fhéadfadh roinnt forluí a bheith i gceist)

Taifid Riaracháin Inmheánacha

  • Taifid Phearsanra
  • Taifid Chuntas
  • Clár na Sócmhainní
  • Treoirlínte agus Ciorcláin na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí
  • Clúdach na Meán, gearrthóga nuachtáin ina measc
  • Óráidí, Cuir i láthair agus Ailt le baill den Choimisiún agus Rúnaíocht an Choimisiúin
  • Teagmhálacha le comhlachtaí poiblí, ainmneacha teagmhála ina measc do gach comhlacht atá cumhdaithe ag an reachtaíocht faoina n-oibríonn an Coimisiún
  • Nótaí agus miontuairiscí cruinnithe bainistíochta agus cáipéisíocht ghaolmhar
  • Nótaí agus miontuairiscí cruinnithe an Ghrúpa Chomhairligh um Rialáil na Brústocaireachta
  • Taifid a bhaineann le foilsiú tuarascálacha e.g. tuarascálacha tréimhsiúla agus bliantúla, taifid a bhaineann le haistriúchán, tairiscint, dearadh agus clódóireacht ina measc
  • Láithreán Gréasáin an Choimisiúin a bhainistiú (www.sipo.ie)
  • Clár na Brústocaireachta a bhainistiú/a fhorbairt
  • Láithreán gréasáin lobbying.ie a bhainistiú/a fhorbairt (www.lobbying.ie)
  • Iarrataí SF ar rochtain a fháil ar thaifid atá á gcoimeád ag an gCoimisiún
  • Iarratais ar athbhreithniú ar chinntí SF
  • Iarrataí faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain a fháil ar thaifid atá á gcoimeád ag an gCoimisiún
  • Comhfhreagras le cláraithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil
  • Fiosrúcháin agus comhfhreagras ginearálta

Beartas

  • Teagmhálacha leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Teagmhálacha leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • Teagmhálacha le Coistí an Oireachtais
  • Comhfhreagras le comhlachtaí seachtracha

 Reachtaíocht agus ceisteanna gaolmhara

  • Plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le hoibriú na nAchtanna Eitice agus na reachtaíochta eitice a bheartaítear
  • Plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le hoibriú an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 
  • Plé leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le hoibriú na nAchtanna Toghcháin agus na reachtaíochta a bheartaítear do Choimisiún Toghcháin

 Treoracha/Treoirlínte Foirne

  • Cáipéisí éagsúla Treoirlínte agus Nósanna Imeachta chun chun déileáil leis an obair faoi phíosaí éagsúla reachtaíochta a bhfuil an Coimisiún freagrach astu
  • Socruithe idirchaidrimh le comhlachtaí poiblí

 Imscrúduithe/Fiosrúcháin a dhéanann an Coimisiún

  • Cumarsáid le gearánaithe, ábhair imscrúdaithe, aon chomhlacht poiblí ábhartha agus aon tríú páirtithe ábhartha
  • Taifid a bhaineann le fiosrúcháin a rinneadh leis an gCoimisiún
  • Aighneachtaí maidir le himscrúdú/réamh-mheasúnú fiosrúcháin/cáis
  • Comhairle dlí a cuireadh ar an Oifig
  • Cinntí an Choimisiúin, cinntí ina measc a rinne an fhoireann le húdaráis tharmligthe
  • Taifid eile a bhaineann le himscrúduithe agus fiosrúcháin, nótaí cruinniú faisnéise ina measc don Choimisiún, tuarascálacha imscrúdaithe, anailís, nótaí tráchta ag foireann na Rúnaíochta

Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Tá an Oifig tiomanta do struchtúir dhea-chleachtais, próisis agus córais a thacaíonn le hoibriú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir teacht ar shonraí faoi shocruithe rialachais na hOifige ina Creatcháipéis Rialachais Chorparáidigh, ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar an Oifig a stiúradh agus a rialú.

Pleananna agus Straitéisí Corparáideacha

Ina theannta sin, cuireann foireann na Rúnaíochta leis an gCoimisiún um Chaighdeáin le Ráiteas Straitéise níos fairsinge Oifig an Ombudsman agus tá sé á threorú aige.  Is féidir teacht ar naisc le Ráiteas Straitéise Oifig an Ombudsman anseo.

Tuarascálacha Bliantúla

Tá Tuarascálacha Bliantúla an Choimisiúin ar fáil ar an láithreán gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.

Ballraíocht den Choimisiún

Cathaoirleach an Choimisiúin:    

  • Folamh faoi láthair (ón 11 Feabhra 2020)

Baill ex-officio:              

  • An tUasal Séamus McCarthy, Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • An tUasal Peter Tyndall, Ombudsman;
  • An tUasal Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann
  • An tUasal Martin Groves, Cúntóir Cléireachais Sheanad Éireann

Gnáthbhall:

  • Folamh faoi láthair (ón 11 Feabhra 2020)

Foireann na Rúnaíochta

Príomhoifigeach: 

  • Sherry Perreault, Ceann Eitice agus Rialála Brústocaireachta

Príomhoifigigh Cúnta:                 4

Ardoifigigh Feidhmiúcháin:          4

Oifigigh Riaracháin:                    3

Oifigigh Feidhmiúcháin:              4

Oifigigh Chléireachais:                4

Grádú Pá

Ní íoctar aon luach saothair nó liúntas le baill ex-officio an Choimisiúin don obair a dhéanann siad sa Choimisiún. Íoctar íocaíocht per diem leis an gCathaoirleach agus an Gnáthbhall (nuair a bhíonn siad in situ) as freastal. Tá an bheirt acu i dteideal liúntas taistil agus cothabhála a éileamh, chomh maith, sa chás gur cuí.

Státseirbhísigh iad foireann an Choimisiúin agus is féidir teacht ar scálaí tuarastail státseirbhíseach sa chiorclán atá ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Tuarastail Státseirbhíseach https://circulars.gov.ie/pdf/circular/per/2019/17.pdf

 

Láthair agus Faisnéis Teagmhála

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Guthán: (01) 6395666  

Ríomhphost: info@sipo.ie

 

Uaireanta oscailte: idir 9.15 agus 5.00 ó Luan go hAoine.

Is féidir teacht ar threoracha chuig an Oifig ag: https://www.sipo.ie/about/contact/

 

Fiosruithe na Meán

Teagmháil:

Preasoifigeach, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Guthán: 01-639 5666
Ríomhphost: info@sipo.ie

 

Cairt Úsáideoirí Seirbhíse

Ghlac an Coimisiún um Chaighdeáin le Cairt Úsáideoirí Seirbhíse Tá seo ar fáil ag https://www.sipo.ie/services-users-charter/

 

Cód Cleachtais

Státseirbhísigh atá ag fónamh atá i bhfoireann na Rúnaíochta i Státseirbhís an Stáit agus tá siad faoi cheangal, dá bharr, ag Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.

 

  1. Seirbhísí a Chuirtear ar Fáil don Phobal

Cuirtear cur síos gearr ar fáil ar an leathanach seo ar phríomhghnéithe na bpíosaí éagsúla reachtaíochta agus ar na feidhmeanna a dhéanann an Coimisiún um Chaighdeáin i ngach cás.

Na hAchtanna Eitice

Léargas Ginearálta ar na hAchtanna Eitice

Foráiltear sna hAchtanna Eitice do leasanna a nochtadh, aon tosca ábhartha ina measc a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar Aire Rialtais nó Aire Stáit, ball de Thithe an Oireachtais, ball de bhord Stáit nó fostaí sa tseirbhís phoiblí i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil. Is é príomhchuspóir na reachtaíochta a thaispeáint nach lorgaíonn iad siúd atá ag glacadh páirte sa saol poiblí chun buntáiste pearsanta a bhaint ón toradh a bhíonn ar a ngníomhartha. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, cuireadh creat reachtúil i bhfeidhm chun nochtadh leasanna a rialáil agus lena chinntiú go dtéitear i mbun bearta eile chun an réimse fairsing oibleagáidí a thagann aníos faoin reachtaíocht a shásamh. Bunaítear an reachtaíocht ar thoimhde na hiomláine ach aithníonn sé gur cheart bearta sonracha a bheith ann chun buntacú le comhlíonadh.

Faoi na hAchtanna Eitice, chomh maith le leasanna a nochtadh, caithfidh gach ball de dhá Theach an Oireachtais, an tArd-Aighne agus ceapaithe le hoifig shinsearach i gcomhlachtaí poiblí fianaise go bhfuil siad comhlíontach i dtaobh cánach a sholáthar. Ceanglaítear sa reachtaíocht, chomh maith, go gcuirtear cóid iompair i dtoll a chéile do ghnáthchomhaltaí na dTithe, do shealbhóirí oifige (e.g. Airí an Rialtais agus Airí Stáit) agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin na cóid seo.

Feidhmeanna an Choimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Eitice

Is iad príomhfheidhmeanna leanúnacha an Choimisiúin um Chaighdeáin chun comhairle agus treoirlínte a sholáthar maidir le comhlíonadh na hAchtanna Eitice, chun nochtadh leasanna agus córais imréitigh cánach a riar agus chun sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú agus a tuairisciú orthu. Baineann feidhmeanna seo an Choimisiúin um Chaighdeáin le sealbhóirí oifige agus le fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus, maidir le bearta comhlíonta cánach, do gach ball na dTithe. Seachas ceisteanna a bhaineann le himréiteach cánach, tá feidhmeanna ag na Coistí um Leasanna Ball an dá Thí atá cosúil le feidhmeanna siúd an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir le baill de na Tithe nach sealbhóirí oifige iad.

Eolas Breise

Is féidir le heolas breise a bhaineann le ceanglais na nAchtanna Eitice agus le ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo a fháil sna míreanna Treoirlínte agus Tuarascálacha Bliantúla dá láithreán gréasáin. Is féidir teacht ar shonraí faoi na hAchtanna Eitice agus rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna Eitice a fháil sa mhír Achtanna agus Cóid den láithreán gréasáin.

Tá sonraí faoi conas is féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna Eitice comhairle a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar fáil ar an leathanach Teagmháil a Dhéanamh Linn den láithreán gréasáin.

Na hAchtanna Toghcháin

Léargas Ginearálta ar na hAchtanna Toghcháin

Is é cuspóir na nAchtanna Toghcháin a chinntiú go bhfuil oscailteacht agus cuntasacht sa chaidreamh atá ann idir páirtithe polaitíochta, ar an taobh amháin den phingin, agus na polaiteoirí aonair agus, ar an taobh eile den phingin, iad siúd a dtacódh leo go polaitiúil, cibé acu trí chúnamh airgeadais nó ar bhealach eile. Lorgaítear sa reachtaíocht, chomh maith, cothroime a bhaint amach sa phróiseas toghcháin trí theorainn a chur ar chaiteachas ag toghcháin agus trí chóras a sholáthar inar féidir le hiarrthóirí ag toghcháin, faoi chúinsí áirithe, costais toghcháin a aisghabháil. Foráiltear sna hAchtanna Toghcháin, chomh maith, do mhaoiniú Stáit a chur ar fáil do pháirtithe polaitíochta cáilithe ar caitheadh ar a laghad 2% de na vótaí céadrogha ar a son ag olltoghchán deireanach na Dála roimhe sin.

Feidhmeanna an Choimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin

Ceanglaítear sna hAchtanna Toghcháin ar an gCoimisiún um Chaighdeáin chun monatóireacht a dhéanamh agus, nuair a cheapann sé gur cuí chun amhlaidh a dhéanamh, ceisteanna a bhaineann leis an méid seo a leanas a thabhairt le fios do Chathaoirleach Dháil Éireann -

  • tabhartais a ghlacadh agus a nochtadh a fhaigheann páirtithe polaitíochta, Bail den dá Theach agus de Pharlaimint na hEorpa agus iarrthóirí ag an Dáil, an Seanad, Parlaimint na hEorpa agus toghcháin uachtaránachta
  • oscailt agus cothabháil cuntais tabhartas polaitiúil
  • teorannú, nochtadh agus aisíocaíocht costais toghcháin
  • deontóirí corparáideacha a chlárú
  • "tríú páirtithe" (i.e. grúpaí feachtais / brústocaireachta nó daoine aonair a ghlacann le tabhartas ar chuspóirí polaitiúla a sháraíonn luach €100) agus daoine eile
  • an t-athbhreithniú ar ráitis bhliantúla chuntas agus tuarascálacha iniúchóirí a chuireann páirtithe polaitíochta faoi bhráid an Choimisiúin
  • Maoiniú Stáit a dhéanamh ar pháirtithe cáilithe polaitíochta.

Is féidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin tabhairt faoi pé fiosrúcháin is gá i ndíscaoileadh a fheidhmeanna reachtúla. Is féidir leis comhaid a atreorú chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nuair a mheasann sé go bhféadfadh go ndearnadh cion coiriúil.

Tá ar an gCoimisiún um Chaighdeáin, ó thráth go chéile, chun treoirlínte a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú agus chun comhairle a sholáthar ar chomhlíonadh do dhaoine atá cumhdaithe ag forálacha na nAchtanna Toghcháin. Caithfidh duine gníomhú i gcomhréir le treoirlínte a d’fhoilsigh nó comhairle a sholáthair an Coimisiún um Chaighdeáin, murach go mbeadh foráil eile de na hAchtanna Toghcháin á sárú aige nó aici, trí amhlaidh a dhéanamh.

Tá ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cigireacht agus cóipeáil a éascú, chomh maith, ag duine ar bith, ar Ráitis Tabhartais, Ráitis Chostais Toghcháin, etc., a chuirtear faoina bhráid faoin reachtaíocht.

Eolas Breise

Is féidir teacht ar eolas breise a bhaineann le ceanglais na nAchtanna Toghcháin agus ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo sa mhír Treoirlínte den láithreán gréasáin (faoi “Deontóirí Corparáideacha”, “Tabhartais”, “Tabhartais d’fhaighteoirí iolracha”, "Toghcháin", “Cuntais Pháirtí Polaitíochta”, “Faighteoirí Cistiú Stáit”, agus “Tríú Páirtithe”) nó Foilseacháin den láithreán gréasáin seo (faoi “Nochtadh Bliantúil”, “Tuarascálacha Toghcháin”, “Treoirlínte”, “Cuntais Pháirtí Polaitíochta”, “Clár Tríú Páirtithe”, “Clár Deontóirí Corparáideacha”, agus “Maoiniú Stáit”). Is féidir teacht ar shonraí faoi na hAchtanna Toghcháin agus rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna Toghcháin a fháil sa mhír Reachtaíocht den láithreán gréasáin.

Tá sonraí faoi conas is féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna Toghcháin comhairle a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar fáil ar an leathanach Teagmháil a Dhéanamh Linn den láithreán gréasáin.

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

Léargas Ginearálta ar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Foráiltear sa reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte do liúntas bliantúil a íoc le liúntas bliantúil le ceannairí na bpáirtithe parlaiminteacha agus baill neamhspleácha maidir le costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminteacha, taighde san áireamh. Tá an tsuim a íocadh bunaithe ar ionadaíocht an pháirtí i nDáil agus Seanad Éireann, agus íoctar ráta ar leith le baill neamhspleácha. Tá an liúntas laghdaithe nuair a dhéantar cuid den rialtas den pháirtí. Leagtar amach sna “gníomhaíochtaí parlaiminteacha" a mbaineann an cistiú leo san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte. Ní féidir an cistiú a úsáid do thoghcháin nó cuspóirí reifrinn.

Ceanglaítear san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte ar cheannaire an pháirtí/an ball neamhspleách chun ráiteas caiteachais a ullmhú, nó a chur faoi deara go n-ullmhaítear ráiteas caiteachais ón liúntas a fuarthas maidir leis an mbliain. Caithfear a leagan amach sa ráiteas, faoi theidil ar leith, na hearraí ar caitheadh an cistiú orthu. Caithfidh iniúchóir poiblí an ráiteas a iniúchadh agus caithfear é a chur faoi bhráid i dteannta thuarascáil an iniúchóra an Choimisiúin um Chaighdeáin laistigh de 120 lá i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais ar íocadh an liúntas dó (i.e. an 30 Aibreán). Má theiptear ar an ráiteas a sholáthar laistigh den amfhráma seo, féadtar an Liúntas a chur ar fionraí.

Feidhmeanna an Choimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Caithfidh an Coimisiún um Chaighdeáin breithniú a dhéanamh ar gach ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chuirtear faoina bhráid agus, más gá, dul i gcomhairle le ceannaire an pháirtí nó leis an mball neamhspleách maidir le haon cheist a chuimsítear sa ráiteas. Tá ar an gCoimisiún um Chaighdeáin, chomh maith, tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thugann le fios cibé acu ar seoladh nó nár seoladh an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra ar aghaidh laistigh den tréimhse a shonraítear. Caithfear a thabhairt le fios ann, chomh maith, cibé acu, an nochtar nó nach nochtar aon chaiteachas neamhúdaraithe ann agus cibé acu an leor nó an míchuí an ráiteas.

Caithfidh an Coimisiún um Chaighdeáin a chur faoi deara go gcuirfear cóip den tuarascáil leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi bhráid gach Tí an Oireachtais. Caithfidh an Coimisiún um Chaighdeáin cóipeanna de na ráitis agus de thuarascálacha na n-iniúchóirí a choimeád ar feadh 3 bliana agus caithfear iad a chur ar fáil don phobal lena n-iniúchadh agus le cóipeanna a dhéanamh díobh.

Eolas Breise

Is féidir le heolas breise a bhaineann le ceanglais an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 agus ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo a fháil sa mhír Maoiniú Stáit den láithreán gréasáin seo. Is féidir teacht ar shonraí faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 sa mhír Reachtaíocht den láithreán gréasáin seo.

Tá sonraí faoi conas is féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoin Acht faisnéis a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar fáil ar an leathanach Teagmháil a Dhéanamh Linn den láithreán gréasáin.

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015

Léargas Ginearálta ar an Acht um Brústocaireacht

Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 isteach sa dlí an 11 Márta 2015 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015.

Is é cuspóir an Achta chun Clár Brústocaireachta gréasánbhunaithe a sholáthar chun faisnéis a chur ar fáil don phobal ar aitheantas iad siúd a dhéanann cumarsáid le hoifigigh ainmnithe phoiblí maidir le ceisteanna ábhartha,  beartas, clár, reachtaíocht, cistiú nó criosú agus forbairt ina measc. Ainmnítear an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí san Acht mar an gCláraitheoir. Rinne an Coimisiún feidhmeanna áirithe cinnteoireachta a tharmligean faoin Acht don Cheann Eitice agus Rialála Brústocaireachta.

Foráiltear san Acht, chomh maith, go bhfuil aicmí ar leith d’oifigigh ainmnithe phoiblí (is é sin Airí agus Airí Stáit, comhairleoirí speisialta agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus státseirbhísigh) faoi réir tréimhse mharana bliana iarfhostaíochta, nach mór dóibh gan gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh lena linn.

Caithfidh duine ar bith a thugann faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta cuntas a choimeád ar na gníomhaíochtaí seo do gach tréimhse thuairiscithe fhorordaithe agus iad a  chur ar fáil don chlár faoin spriocdháta reachtúil, a thagann aníos gach ceithre mhí. Beidh an fhaisnéis seo le le cur ar fáil don Chlár laistigh de 21 lá i ndiaidh dheireadh gach tréimhse ceithre mhí.

Feidhmeanna an Choimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Brústocaireacht

Foráiltear san Acht gurb é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a bheidh sa Chláraitheoir Brústocaireachta. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar chur i bhfeidhm an chláir, go ndéanfaidh sé monatóireacht ar chomhlíonadh, go gcuirfidh sé treoir agus cúnamh ar fáil agus, nuair is gá, go ndéanfaidh sé sáruithe ar cheanglais dhlíthiúla a imscrúdú agus go dtéitear i mbun gnímh ina leith, in am agus i dtráth.

Cuireadh tús le forálacha forfheidhmithe an Achta le héifeacht ón 1 Eanáir 2017. Seolfar fógra íocaíochta seasta €200 chuig daoine cláraithe a sheolann tuairisceán go déanach nó a sheolann tuairisceán nialasach. D’fhéadfaí ionchúiseamh a dhéanamh i ngeall ar chionta eile a dhéanamh faoin Acht, teip ar chlárú, teip ar thuairisceán a sheoladh ar ais, faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar don Choimisiún, nó teip ar chomhoibriú nó imscrúdú a bhacadh. Déanfaidh na cúirteanna cinneadh faoi iarmhairtí, agus is féidir fíneálacha nó príosúnacht a ghearradh.

Eolas Breise

Tá eolas breise agus treoirlínte maidir le tuiscint ar an Acht a chur chun cinn ar fáil ag www.lobbying.ie. Is féidir le daoine ar mian leo an t-eolas is déanaí a fháil faoi aon fhorbairtí maidir le Rialáil na Brústocaireachta an cuntas Twitter @lobbyingIEa leanúint nó cuairt a thabhairt ar www.lobbying.ie.

  1. An próiseas Cinnteoireachta do thograí móra beartais

Conas a dhéanaimid cinntí

Tá feidhmeanna maoirseachta ag an gCoimisiún agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé beartas poiblí.  Cuireann an Coimisiún aighneachtaí ar fáil, ar uairibh, maidir le hoibriú na reachtaíochta a ndéanann sé maoirseacht uirthi don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus don Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.  Mar shampla, rinne an Coimisiún aighneachtaí ar an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, athbhreithnithe reachtaíochta ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, agus ar Choimisiún Toghcháin a bheartaítear a bhunú.

Baineann príomhfheidhmeanna cinnteoireachta an Choimisiúin maidir lena ról faoin Eitic le comhairle a sholáthar, agus cinneadh á dhéanamh faoi thabhairt faoin imscrúdú ar ghearán agus cinneadh a dhéanamh ar na torthaí agus cinntiúcháin de bhun an imscrúdaithe.

Maidir leis na hAchtanna Toghcháin agus an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte, baineann a phríomhról cinnteoireachta le comhairle a sholáthar, agus le cinneadh a dhéanamh faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na tuairisceáin reachtúla a dhéantar leis an gCoimisiún maidir le tabhartais, costais toghcháin agus cistiú an Státchiste i gcomhréir leis an reachtaíocht. Is féidir leis cinneadh a dhéanamh, chomh maith, chun comhaid a atreorú chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nuair a dheimhnítear gur sáraíodh an reachtaíocht Toghcháin.

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, is féidir leis an gCoimisiún cinntí a dhéanamh, chomh maith, maidir leis an eolas a chuimsítear sa Chlár Brústocaireachta, chun moill iomlán nó páirteach a chur ar fhaisnéis a fhoilsiú a chuimsítear i gclár nó tuairisceán ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta, agus chun an tréimhse mharana iarfhostaíochta a tharscaoileadh nó a laghdú a mbíonn oifigigh áirithe phoiblí a bhfuil a n-oifig á fágáil acu, faoina réir. Is féidir leis an gCoimisiún, chomh maith leis sin, imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an Acht agus neamhchomhlíonadh a ionchúiseamh.

  1. Eolas Airgeadais

An méid a chaithimid

Cistítear an Coimisiún faoin vóta airgeadais a leithdháiltear ar Oifig an Ombudsman. Foilsíonn Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste cuntais leithreasa ar bhonn bliantúil. Tá sonraí ar fáil ag: https://www.audit.gov.ie/en/Find-Report/Publications/Appropriation%20Accounts/

  1. Soláthar

Conas a chaithimid é

Nósanna Imeachta Soláthair don Scéim Foilseachán Samhla

 

  1. Logleabhar Nochta SF agus Faisnéis Eile atá le Foilsiú go Rialta

Logleabhar Nochta SF

Is féidir iarrataí neamhphearsanta SF a fuarthas ón 1 Eanáir 2015 a fheiceáil anseo.

Iarrataí ar Shaoráil Faisnéise a dhéantar leis an Oifig

Faoin Acht SF, tá duine ar bith i dteideal iarratas a dhéanamh theacht ar eolas nach bhfuil fáil phoiblí air ar bhealach eile.  Go ginearálta, tá na cearta seo a leanas ag duine:

  1. Teacht ar thaifid atá á gcoimeád ag an Oifig
  2. Go gceartaítear faisnéis phearsanta, a bhaineann leis/léi féin, atá á choimeád ag an Oifig, nuair atá an t-eolas sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
  3. Teacht ar chúiseanna a bhí le cinntí a rinne an Oifig a imríonn tionchar air/uirthi féin.

Ní chumhdaítear san Acht SF gach taifead atá á gcoimeád ag an Oifig.  Ní bhaineann an tAcht SF le taifid a choisctear a nochtadh faoi Alt 35 de na hAchtanna Eitice, i.e. eolas a fuarthas faoi na hAchtanna Eitice nó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 nó trí bheith i láthair ag cruinniú an Choimisiúin, mura gcumhdaítear sin trí eisceacht in alt 35(2); nó le ráitis a chuir institiúidí airgeadais ar fáil, deimhnithe um thabhartais airgeadaíochta agus dearbhuithe reachtúla a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoin reachtaíocht Toghcháin, mura n-ordaíonn cúirt iad a nochtadh nó iad a shábháil nuair a theastaíonn an nochtadh sin maidir le himscrúdú a chuir an Coimisiún ar bun. Áirítear le samplaí de na taifid a choisctear óna nochtadh faoi na hAchtanna Eitice ráitis leasanna, iarrataí ar chomhairle agus taifid a fuarthas maidir le gearán a scrúdú. D’fhéadfadh taifid eile – e.g. iad siúd a bhaineann le riar na hOifige, ar nós ceisteanna pearsanra nó teagmhálacha ginearálta le comhlachtaí poiblí – a bheith ar fáil faoin Acht SF (faoi réir na ndíolúintí caighdeánacha). 

Ba cheart iarrataí ar Shaoráil Faisnéise a bhaineann le taifid na hOifige a dhéanamh le:

An tOifigeach Cinntí SF

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2 D02 W773

Guthán: (01) 6395666  Ríomhphost: foi@sipo.ie

Ba cheart iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú iontu go bhfuil siad á ndéanamh faoin Acht SF.  Ba cheart an fhoirm ina lorgaítear na taifid – e.g. fótachóipeanna/diosca – a lua san iarraidh.  Lena ligean na taifid a lorgaíodh a shainaithint, ba cheart do na daoine a dhéanann na hiarrataí cur síos a dhéanamh ar na taifid lena mhéid sonraí agus is féidir.  Más féidir, ba cheart uimhir theagmhála a sholáthar ar féidir í a úsáid i rith uaireanta oifige ar mhaithe leis na sonraí a bhaineann le hiarraidh ar SF a shoiléiriú.  Cabhróidh foireann na hOifige le hiarraidh ar SF a chur le chéile, más gá. 

Aithneoidh an Oifig a iarraidh a dhéantar faoin Acht SF laistigh de choicís.  Áireofar leis seo fógra a dheimhníonn go bhfuil an ceart ag duine chun athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh, sa chás nach bhfuil an duine a rinne an iarraidh sásta leis an gcinneadh faoi SF a eisíodh.  Eiseofar an cinneadh laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart go ndéanfar Athbhreithniú Inmheánach ar Chinneadh

Foráiltear san Acht SF don cheart chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí.  Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh nuair a diúltaíodh iarraidh SF nó nuair a deonaíodh go páirteach í nó nuair a rinneadh rochtain a iarchur.  Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh, chomh maith, nuair a dhéantar díospóid in aghaidh fhoirm na rochtana nó an leibhéil táillí a ghearrtar.  Meastar go ndearnadh iarraidh SF a dhiúltú nuair nár eisíodh cinneadh laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh an iarraidh SF a fháil.

Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige a dhéanamh, i scríbhinn, le:

An tAthbhreithneoir Inmheánach SF

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2 D02 W773

Guthán: (01) 6395666  Ríomhphost: foi@sipo.ie

a chinnteoidh go ndéanann oifigeach, atá ar leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a rinneadh an bunchinneadh, an t-athbhreithniú.  Ba cheart an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh go ndearnadh an bunchinneadh.  Caithfear an cinneadh a dhéantar i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh a eisiúint laistigh de thrí seachtaine i ndiaidh go bhfuarthas é. 

Faisnéis a d’fhoilsigh an Oifig

Tá an tAcht SF in ainm is rochtain a cheadú ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí nach mbíonn ar fáil go rialta ar bhealaí eile, faoi réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorainneacha ama áirithe.  Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus feidhmeanna na hOifige ar fáil gan gá a bheith le húsáid a bhaint as an Acht SF.

Tuarascálacha Bliantúla

Cuireann an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gach bliain maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin i rith na bliana roimhe sin.  Tá tuarascálacha bliantúla ar fáil ó:

Cóid Iompair:

Tá cóid iompair le haghaidh státseirbhíseach, ball agus fostaithe d’údarás áitiúil, sealbhóirí oifige, seanadóirí agus Teachtaí Dála ar fáil ag: https://www.sipo.ie/acts-and-codes/codes-of-conduct/

Tá cóid iompair le haghaidh daoine a thugann faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta ar fáil ag: https://www.lobbying.ie/about-us/code-of-conduct/

Nótaí Treorach:

Tá iad seo ar fáil ag: www.sipo.ie agus www.lobbying.ie.

Foilseacháin eile

Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha, chomh maith, ar na gnéithe éagsúla dá oibriú.  Féach an mhír Tuarascálacha ar na láithreáin ghréasáin www.sipo.ie agus www.lobbying.ie.

Tá na foilseacháin thuas go léir ar fáil saor in aisce ón Oifig nó ar na láithreáin ghréasáin thuas.

Láithreán Gréasáin

Tá ar ár láithreán gréasáin (www.sipo.ie) faisnéis bhreise faoin Oifig.  Áirítear leis seo:

  • Faisnéis faoin gCoimisiún agus a ról
  • Faisnéis faoin gCoimisiún, a mhéid a chomhlíonann sé an tAcht um Míchumas agus Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid ina measc
  • Téacs iomlán na reachtaíochta a ndéanann sé maoirseacht air
  • Liostaí de na Comhlachtaí Poiblí go léir laistigh de scóip an Achta Eitice
  • Conas iarraidh SF a dhéanamh leis an Oifig
  • Foirmeacha éagsúla is féidir a úsáid chun tuairisceáin reachtúla a dhéanamh leis an gCoimisiún

 

Tá ar ár láithreán gréasáin bhrústocaireachta (www.lobbying.ie) eolas faoi ról an Choimisiúin agus gníomhaíochtaí a riarann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, an méid seo a leanas ina measc:

  • Faisnéis faoin gCoimisiún agus a ról
  • Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, a mhéid a chomhlíonann sé an tAcht um Míchumas agus Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid
  • Téacs iomlán an Achta um Brústocaireacht a Rialáil
  • Conas iarraidh SF a dhéanamh leis an Oifig
  • Uirlisí faisnéise chun cabhrú leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil a chomhlíonadh