Cé na cumarsáidí a chumhdaítear leis an Acht?

 

Leagtar amach san Acht na catagóirí daoine a meastar go seolann siad gníomhaíochtaí brústocaireachta.  Féachaimid ar na daoine sin mar dhaoine a thagann faoi raon feidhme an Achta.  Tá duine ag gabháil do bhrústocaireacht i gcás go dtagann sé/sí faoi raon feidhme an Achta agus go ndéanann sé/sí “cumarsáid iomchuí”. Déanann duine cumarsáid iomchuí i gcás go ndéanann sé/sí cumarsáid phearsanta (go díreach nó go hindíreach) le hOifigeach Poiblí Ainmnithe maidir le “ní iomchuí”.

 

Is é sin le rá ar shlí eile, measfar go bhfuil duine ag seoladh gníomhaíochtaí brústocaireachta (ag déanamh “cumarsáid iomchuí”) má chomhlíonann an duine gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

 

a. Tagann an duine faoi raon feidhme an Achta agus déanann sé/sí cumarsáid iomchuí nó déanann sé/sí bainistiú nó treorú ar dhéanamh cumarsáide iomchuí.

b. Déantar an chumarsáid go díreach nó go hindíreach le hOifigeach Poiblí Ainmnithe.

c. Baineann an chumarsáid le ní iomchuí.

d. Ní cumarsáid eiscthe í an chumarsáid.

Ní dhéantar aon dealú san Acht maidir leis an áit a ndéantar an chumarsáid agus is féidir léi “cumarsáidí iomchuí” a dhéantar lasmuigh den Stát a chuimsiú.  Ní dhéantar aon dealú san Acht maidir lena fhoirmiúla atá cumarsáid ach oiread. Is féidir go measfar comhrá neamhbheartaithe neamhfhoirmiúil a bheith ina bhrústocaireacht ar an mbealach céanna a mheastar cruinniú níos foirmiúla a bheith ina bhrústocaireacht.

 

a)    Cé a thagann faoi raon feidhme an Achta?

Is iad seo a leanas na daoine a thagann faoi raon feidhme an Achta:

 

  • Duine ag a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe lánaimseartha
  • Comhlacht ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó agus atá ann go príomha chun bheith ionadaitheach do leasanna a chomhaltaí, i gcás go ndéantar na cumarsáidí iomchuí thar ceann aon duine de na comhaltaí.  Tugaimid “comhlachtaí ionadaitheacha” ar chomhlachtaí den sórt sin.  Samplaí de chomhlachtaí ionadaitheacha is ea ceardchumann, comhlachas gairmiúil, cumann tionscail agus comhlacht spóirt.
  • Comhlacht ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó agus atá ann go príomha chun díriú ar shaincheisteanna áirithe, i gcás go mbaineann na cumarsáidí iomchuí le haon cheann de na saincheisteanna sin. Tugaimid “comhlachtaí tathanta” ar chomhlachtaí den sórt sin.  Samplaí de chomhlachtaí tathanta is ea eagraíochtaí a chuireann na healaíona chun cinn nó a théann i mbun feachtais ar son cearta leanaí.
  • Tríú páirtí (duine aonair nó eagraíocht) a fhaigheann íocaíocht as gabháil do bhrústocaireacht thar ceann duine a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí daoine thuas. (Is féidir an íocaíocht sin a dhéanamh in airgead nó i luach airgid).
  • Aon duine (duine aonair nó eagraíocht) atá ag déanamh "cumarsáid iomchuí" faoi fhorbairt nó criosú talún nach ionann í agus a phríomháit chónaithe phríobháideach. (Sainmhínítear “príomháit chónaithe phríobháideach” in alt 5(9) den Acht).

 

Tríd is tríd, ní thiocfaidh daoine aonair agus comhlachtaí ionadaitheacha/tathanta atá comhdhéanta go hiomlán d’oibrithe deonacha faoi raon feidhme an Achta ach amháin i gcás go ngabhann siad do bhrústocaireacht faoi thalamh a chriosú/a fhorbairt.

 

b)   Cé hiad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe? 

Is iad seo a leanas na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe faoin Acht:

 

  • Airí agus Airí Stáit;
  • Teachtaí Dála agus Seanadóirí;
  • Feisirí de Pharlaimint na hEorpa do thoghlaigh Éireannacha;
  • Comhaltaí d’Údaráis Áitiúla;
  • Comhairleoirí Speisialta d’Airí agus d’Airí Stáit a ceapadh faoi alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997;
  • Seirbhísigh Phoiblí de thuairisc fhorordaithe;
  • Catagóirí eile daoine de thuairisc fhorordaithe.

 

I dtaca le “seirbhísigh phoiblí de thuairisc fhorordaithe”, rinne an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe rialacháin (na Rialacháin fán Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 (Oifigigh Phoiblí Ainmnithe), 2015, agus na Rialacháin fán Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, (Oifigigh Phoiblí Ainmnithe), 2016) lena dtugtar mionsonraí faoi na poist atá forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe chun críocha an Achta.

 

I dtaca leis an Státseirbhís, is forordaithe mar Oifigeach Poiblí Ainmnithe atá seirbhíseach poiblí ar Ard-Rúnaí, Fo-Rúnaí, Leas-Rúnaí, Rúnaí Cúnta nó Stiúrthóir é/í i gcomhlacht seirbhíse poiblí atá sonraithe i Sceideal I a ghabhann le Rialacháin 2015.  Is forordaithe mar Oifigeach Poiblí Ainmnithe freisin atá seirbhíseach poiblí i bpost atá sonraithe i Sceideal 2 a ghabhann le Rialacháin 2015.

 

I dtaca le hÚdaráis Áitiúla, foráiltear le Rialacháin 2015 go bhfuil na daoine sna poist seo a leanas in Údaráis Áitiúla forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe:

 

  • Príomhfheidhmeannaigh agus gráid choibhéiseacha
  • An Príomhfheidhmeannach Cúnta (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amháin)
  • Stiúrthóirí Seirbhísí
  • Cinn Airgeadais
  • An Ceann Acmhainní Daonna (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amháin)
  • Faoi Rialacháin 2016, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2016, tá seirbhíseach poiblí i gComhairle Contae Chorcaí atá ag obair sa phost mar Bhainisteoir Rannóige forordaithe mar Oifigeach Poiblí Ainmnithe.

 

Tá mionsonraí iomlána faoi na poist thuas, atá forordaithe sna Rialacháin, ar fáil ar ár suíomh Gréasáin www.lobbying.ie. Féadfar an liosta post atá forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe a leathnú le hOrdú ón Aire chuig catagóirí eile le himeacht ama.

 

c)    Cad is “ní iomchuí” ann?

Is é is ní iomchuí ann ná aon ní a bhaineann leis na nithe seo:

  • Tionscnamh, forbairt nó mionathrú aon bheartais phoiblí nó aon chláir phoiblí (mar shampla, tograí le haghaidh athruithe ar chánachas, tograí le haghaidh athruithe ar bheartas talmhaíochta, tograí le haghaidh teidlíocht i leith seirbhísí sláinte a athrú).
  • Aon dlí a ullmhú nó a leasú (lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach amhail ionstraimí reachtúla agus fodhlíthe) (mar shampla, tograí le haghaidh an dlí maidir le huchtú a athrú, tograí le haghaidh fodhlíthe a bhaineann leis an trácht a athrú).
  • Dámhachtain aon deontais, iasachta nó tacaíochta airgeadais eile, aon chonartha nó aon chomhaontaithe eile, nó aon cheadúnais nó údaraithe eile lena mbaineann cistí poiblí (mar shampla, na critéir i dtaca le deontais tithíochta a dhámhachtain do dhaoine faoi mhíchumas, an ceannach maoine nó an díol maoine nó sócmhainní eile ag an rialtas).

 

AR LEITH Ó aon bheartas, clár, achtachán nó dámhachtain den sórt sin a chur i ngníomh nó ó aon ní de chineál teicniúil.

 

Is iad seo a leanas roinnt samplaí den difríocht idir nithe a bhféadfaí a mheas gur nithe iomchuí agus nithe “cur i ngníomh” iad agus nithe a bhféadfaí a mheas gur nithe de chineál teicniúil iad:

 

  • Cumarsáidí lena bhféachtar le beartas nó dlí cánach ar leith a thabhairt isteach nó a leasú, mheasfaí gur cumarsáidí a bhaineann le ní iomchuí iad.  I gcás go gcinnfear an beartas agus go n-achtófar an dlí cánach lena mbaineann ina dhiaidh sin, is dóigh go measfaí gur nithe cur i ngníomh iad cumarsáidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí.
  • Cumarsáidí a bhaineann le critéir áirithe a chur ar áireamh i dtairiscint phoiblí, mheasfaí gur cumarsáidí a bhaineann le ní iomchuí iad. I gcás go gcomhaontófar na critéir agus go bhfoilseofar Iarraidh ar Thairiscintí ina dhiaidh sin, mheasfaí gur nithe cur i ngníomh iad aon tairiscint a chuirfear isteach, aon cheisteanna maidir le sonraíochtaí na tairisceana agus aon aiseolas ar thoradh na tairisceana.
  • Sampla de nithe de chineál teicniúil is ea cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas beartas nó reachtaíocht a thabhairt isteach chun astaíochtaí gluaisteáin a laghdú.  Cumarsáidí a bhaineann leis an mbeartas nó an reachtaíocht atá beartaithe, mheasfaí gur cumarsáidí a bhaineann le ní iomchuí iad.  Mar shampla, is é ní teicniúil a bheadh i gceist i gcás go rachadh an Rialtas i gcomhairle le saineolaithe eolaíocha maidir leis an leibhéal astaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol.  I gcás go gcuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm, is dóigh go measfaí gur nithe teicniúla freisin iad aon cheisteanna a chuirtear ar an rannóg rialála lena mbaineann maidir le conas cloí leis na ceanglais nua.

 

 

 

d)   Cé na cumarsáidí “eiscthe” (díolmhaithe)?

Is fiú a thabhairt faoi deara nach meastar, chun críocha an Achta, gur brústocaireacht atá i ngach cineál cumarsáide.  Ní mór do chumarsáid gach ceann de na critéir atá leagtha amach i bpointí a, b agus c thuas a chomhlíonadh chun go measfar gur gníomhaíocht brústocaireachta í.  De bhreis air sin, ní mheastar gur cumarsáidí iomchuí (brústocaireacht) iad na cumarsáidí “eiscthe” (díolmhaithe) seo a leanas:

 

  • Gnóthaí príobháideacha: Cumarsáidí a dhéanann duine aonair nó a dhéantar thar ceann duine aonair a bhaineann lena g(h)nóthaí príobháideacha féin. (Mar shampla, ní cumarsáidí iomchuí iad cumarsáidí i dtaca le hincháilitheacht duine aonair le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh, teach údaráis áitiúil nó cárta leighis nó i dtaca le teidlíocht duine aonair ina leith sin).    díolmhaithe atá cumarsáidí aonair a bhaineann le forbairt nó criosú aon talún ach amháin i gcás go bhfuil an duine aonair ag déanamh cumarsáid faoi thalamh arb ionann í agus a p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach agus nach mó achar na talún ná acra amháin.
  • Caidreamh taidhleoireachta: Cumarsáidí a dhéanann tír iasachta nó críoch iasachta, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe nó aon eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta eile nó a dhéantar thar a gceann.  Tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine seo ach amháin maidir le cumarsáidí arna gceadú ag na hoifigigh ó thír nó cúlchríoch eile; duine aonair a chónaíonn i dtír eile agus nach bhfuil aon údarás eile aige/aici, ní cháilíonn sé/sí don díolúine.
  • Faisnéis fhíorasach: Cumarsáidí lena n-iarrtar faisnéis fhíorasach nó lena soláthraítear faisnéis fhíorasach mar fhreagairt ar iarraidh ar an bhfaisnéis (mar shampla, cuideachta a fhiafraíonn de sheirbhíseach poiblí conas is féidir léi cáiliú le haghaidh deontas fiontraíochta agus a fhaigheann freagra; duine a dhéanann fiafraí faoi na rialacha i dtaca le pleanáil agus a fhaigheann freagra; faisnéis fhíorasach a sholáthraíonn comhlacht ionadaitheach do roinn rialtais mar fhreagairt ar iarraidh ón roinn).
  • Aighneachtaí foilsithe: Cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a fhoilsíonn sé (mar shampla, aighneachtaí a fhaightear mar fhreagairt ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhfoilsíonn an comhlacht poiblí iad ina dhiaidh sin.) D’fhoilsigh an Coimisiún treoir níos mionsonraithe maidir le próisis chomhairliúcháin phoiblí sa rannán ceisteanna coitianta dá shuíomh Gréasáin.  Moltar do chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar cheanglais an Achta agus iad ag smaoineamh ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil. Moltar dóibh freisin na ceanglais sin agus ceisteanna coitianta an Choimisiúin a chur san áireamh agus iad ag ullmhú glao le haghaidh aighneachtaí.
  • Caibidlí ceardchumainn: Cumarsáidí is cuid de chaibidlí, nó a bhaineann go díreach le caibidlí, ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ghabhann ionadaithe ceardchumainn de láimh thar ceann a chomhaltaí. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil feidhm ag an díolúine ar leith seo maidir le ceardchumann mar atá sainmhínithe san Acht.  Is féidir nach dtiocfaidh gach comhlacht ionadaitheach fostaithe faoin sainmhíniú ar cheardchumann atá leagtha amach san Acht agus, dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag an díolúine maidir leo.
  • Sábháilteacht agus slándáil: Cumarsáidí a bhféadfadh sé gur bhagairt ar shábháilteacht aon duine nó ar shlándáil an Stáit iad a nochtadh.
  • Coistí Oireachtais: Cumarsáidí a dhéantar in imeachtaí coiste de cheachtar Teach den Oireachtas.  Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine seo ach amháin maidir le himeachtaí foirmiúla coiste a thaifeadtar agus/nó a scríobhtar miontuairiscí orthu de ghnáth.  Níl feidhm aici maidir le cumarsáidí a dhéantar lasmuigh d’imeachtaí foirmiúla.
  • Cumarsáidí ó Oifigigh Phoiblí Ainmnithe nó ó sheirbhísigh phoiblí: Is cumarsáidí díolmhaithe iad na cumarsáidí a dhéanann Oifigeach Poiblí Ainmnithe ina c(h)áil mar oifigeach den sórt sin. (Mar shampla, ní hionann agus brústocaireacht na cumarsáidí a dhéanann Comhairleoirí Contae chuig Príomhfheidhmeannaigh Údaráis Áitiúil nó seirbhísigh phoiblí eile.)  Mar an gcéanna, is cumarsáidí díolmhaithe freisin iad na cumarsáidí a dhéanann seirbhísigh phoiblí (nó na daoine sin atá fruilithe ar conradh ag comhlacht seirbhíse poiblí) sa cháil sin agus a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta seirbhíse poiblí. Tá seirbhísigh phoiblí fostaithe ag comhlachtaí seirbhíse poiblí nó sealbhaíonn siad oifig sna comhlachtaí sin.  Sainmhínítear “comhlacht seirbhíse poiblí” in alt 7 den Acht.  Tríd is tríd, tá siad ina gcomhlachtaí Stáit nach comhlachtaí tráchtála Stáit iad.
  • Rialachas comhlachtaí tráchtála Stáit: Cumarsáidí ó chomhlacht tráchtála Stáit, nó thar ceann comhlacht tráchtála Stáit, a dhéantar le hAire a shealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige/aici i ndáil leis an gcomhlacht, nó le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá ag fónamh i roinn an Aire sin, i ngnáthchúrsa ghnó an chomhlachta. (Mar shampla, cumarsáidí áirithe idir Iarnród Éireann agus an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.)  D’fhoilsigh an Coimisiún treoir níos mionsonraithe maidir leis an díolúine ar leith seo sa rannán ceisteanna coitianta den suíomh Gréasáin lobbying.ie, go háirithe treoir maidir leis na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gnáthchúrsa gnó comhlachta tráchtála Stáit.  Ní bheadh na cumarsáidí go léir ina gcumarsáidí díolmhaithe. Bheadh sé riachtanach aon chumarsáidí a bheadh ina mbrústocaireacht ar shlí eile (mar shampla, cistiú breise a iarraidh, athrú reachtaíochta a lorg) a chlárú.  D’fhéadfadh gur mhaith le comhlachtaí poiblí a bhfuil comhlachtaí tráchtála Stáit atá ag oibriú faoina gcoimirce acu an chumarsáid dhíolmhaithe sin agus doiciméad ceisteanna coitianta an Choimisiúin a bhreithniú agus aird a nOifigeach Poiblí Ainmnithe agus na gcomhlachtaí tráchtála Stáit lena mbaineann a tharraingt orthu sin.
  • Grúpaí oibre beartais: Cumarsáidí idir comhaltaí de “chomhlacht iomchuí” arna gceapadh ag Aire, nó ag comhlacht seirbhíse poiblí, chun athbhreithniú, measúnú nó anailís a dhéanamh ar aon saincheist beartais phoiblí d’fhonn tuarascáil a thabhairt don Aire nó don chomhlacht seirbhíse poiblí maidir léi.  Is é is “comhlacht iomchuí” ann ná comhlacht a gceapann Aire nó comhlacht seirbhíse poiblí a chomhaltaí, áit a n-áirítear leis an gcomhaltas duine amháin nó níos mó ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad agus duine amháin nó níos mó nach seirbhísigh phoiblí iad ná nach bhfuil fruilithe chun críocha comhlachta seirbhíse poiblí.  (Mar shampla, grúpaí comhairleacha, sainghrúpaí, grúpaí oibre, grúpaí athbhreithnithe nó coimisiúin.) Níl feidhm ag an díolúine seo ach amháin i gcás go seolann an comhlacht iomchuí a ghníomhaíochtaí de réir Cód Trédhearcachta arna fhoilsiú ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an Cód Trédhearcachta ar fáil ag https://www.lobbying.ie/help-resources/information-for-public-bodies/transparency-code/. Tá tuilleadh faisnéise maidir le comhlachtaí iomchuí agus leis an gCód Trédhearcachta leagtha amach i rannán 5 thíos.