Foráiltear leis an Acht go bhfuil srian ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe áirithe dul i mbun brústocaireachta i gcásanna áirithe ar feadh bliana tar éis dóibh a bpost nó a n-oifig a fhágáil. Is é sin le rá, tá siad faoi réir tréimhse “mharana” i dtaca le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí brústocaireachta áirithe.
Is iad seo a leanas na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe lena mbaineann: Airí agus Airí Stáit, comhairleoirí speisialta d’Airí agus d’Airí Stáit agus fostaithe fhorordaithe sa tseirbhís phoiblí (Alt 22(2)). Daoine eile ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad chun críocha na gceanglas um chlárú brústocaireachta - is iad sin, TDanna, Seanadóirí, FPEnna agus comhaltaí údaráis áitiúil - ní chuimsítear iad leis an bhforáil sin.
Ní fhéadfaidh na hoifigigh phoiblí nach gcuimsítear leis an bhforáil sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Baineann na cúinsí sin leis na cásanna seo a leanas:
Féadfaidh oifigigh phoiblí ainmnithe iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ar thoiliú chun dul i mbun brústocaireacht den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a chinneadh toiliú a thabhairt gan choinníoll, toiliú a thabhairt go coinníollach nó diúltú don iarratas ar feadh na tréimhse ar fad nó cuid di (Alt 22(5)).
Féadfaidh oifigeach poiblí nach bhfuil sásta leis an gcinneadh achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin chuig Oifigeach Achomhairc Neamhspleách.