Ba cheart d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí bheith réamhghníomhach maidir lena chur in iúl do bhrústocairí féideartha go bhfuil Oifigeach Poiblí Ainmnithe ionat agus tú ag freastal ar chruinniú, ag glacadh páirt i nglao comhdhála etc. D’fhéadfadh sé sin bheith úsáideach go háirithe i gcruinnithe mar a bhfuil líon mór oifigeach i láthair agus mar nach bhféadfadh na daoine sin nach bhfuil fostaithe sa tseirbhís phoiblí bheith eolach ar aitheantas agus ar ghrád gach oifigigh.
Modh eile den chineál sin trína bhféadfadh Oifigeach Poiblí Ainmnithe bheith réamhghníomhach ba ea líne a chur san áireamh ina shíniú ríomhphoist lena luaitear:
*Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Féach www.lobbying.ie.