Cód Trédhearcachta do “chomhlacht iomchuí” (grúpaí oibre, etc.)
“
Gné riachtanach de cheapadh beartais phoiblí is ea fáil a bheith ar Airí agus ar Chomhlachtaí Poiblí ag a bhfuil saineolas, scileanna agus eolas de chuid daoine lasmuigh den tseirbhís phoiblí. Is minic a chuirtear an próiseas sin ar bhonn foirmiúil ach tascfhórsa, grúpa oibre, etc., a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheist bheartais ar leith nó ar shraith ar leith saincheisteanna gaolmhara. Bíonn grúpaí den sórt sin ionadaíoch do gheallsealbhóirí tábhachtacha agus is saineolaithe iad ar na hábhair lena mbaineann.
Mar gheall ar an gcineál rannpháirtíochta difriúil idir oifigigh phoiblí agus daoine nach fostaithe sa tseirbhís phoiblí iad sa chineál fóraim sin, ní hé is aidhm leis an Acht na hidirghníomhaíochtaí sin a chlárú mar chumarsáidí brústocaireachta i gcásanna ina bhfuil socruithe trédhearcachta cuí i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, foráiltear leis an Acht d’eisceacht ón gceanglas chun clárú a dhéanamh i gcásanna den sórt sin a luaithe atá feidhm ag critéir thrédhearcachta shonraithe. Baineann an eisceacht ar leith san Acht le cumarsáidí idir baill de chineálacha áirithe de ghrúpaí oibre, de thascfhórsaí, de choistí, etc. i gcásanna ina gcloíonn an grúpa atá i gceist leis an gCód Trédhearcachta ar bhunaigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é. Sainmhínítear grúpaí den sórt sin mar “chomhlacht iomchuí” san Acht. Tá cóip den Chód ar fáil ar líne lena léamh ag https://www.lobbying.ie/help-resources/information-for-public-bodies/transparency-code/.
I gcás Grúpaí Oibre Beartais, níl feidhm ag an eisceacht ach amháin le “comhlacht iomchuí” mar atá sainmhínithe san Acht. D’fhonn go measfar gur comhlacht iomchuí é, ní mór don ghrúpa na ceithre choinníoll seo a leanas a chomhlíonadh:
- Tá an grúpa curtha ar bun ag Aire nó ag comhlacht seirbhíse poiblí[1], agus
- Tá ballraíocht an ghrúpa comhdhéanta d’Oifigeach Poiblí Ainmnithe[2] amháin ar a laghad agus de dhuine amháin ar a laghad nach bhfuil fostaithe ná ar conradh ag comhlacht seirbhíse poiblí, agus
- Tá athbhreithniú, measúnú nó anailís á ndéanamh ag an ngrúpa ar aon saincheist bheartais phoiblí d’fhonn tuairisc a thabhairt uirthi don Aire Rialtais nó don chomhlacht seirbhíse poiblí, agus
- Cuireann an grúpa a chuid gníomhaíochtaí i gcrích de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta (féach thíos).
[1] Sainmhínítear comhlacht seirbhíse poiblí in alt 7 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
[2] Sainmhínítear Oifigeach Poiblí Ainmnithe in alt 6 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
Leagtar amach sa Chód Trédhearcachta na critéir thrédhearcachta nach mór do ghrúpaí iomchuí a chomhlíonadh ionas go bhféadfaidh siad leas a bhaint as an díolúine atá leagtha amach in alt 5(5)(n) den Acht:
Na critéir thrédhearcachta:
Ní mór faisnéis ina leagtar amach na sonraí seo a leanas a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an Chomhlachta Phoiblí:
- Ainm an Chathaoirligh, mar aon le sonraí faoin eagraíocht a fhostaíonn sé;
- Ainm na mBall, mar aon le sonraí faoin eagraíocht a fhostaíonn siad;
- Faisnéis ina leagtar amach cé acu a bhí nó nach raibh aon bhaill nach fostaithe sa tseirbhís phoiblí iad ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe roimhe seo;
- Téarmaí tagartha an ghrúpa;
- Clár gnó gach cruinnithe;
- Miontuairiscí gach cruinnithe;
- An t-amchlár is dóigh go mbeidh ag teastáil ón ngrúpa chun a chuid oibre a chríochnú;
- Socruithe tuairiscithe.
Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith in áit fheiceálach ar shuíomh Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí agus ba cheart í a bheith sorochtana.
Tráthúlacht an Fhoilsithe:
B’fhearr an fhaisnéis fhoilsithe a bheith chomh tráthúil agus is féidir, ag féachaint do leas an phobail in ionracas an phróisis bhreithniúcháin a chosaint. I gcás gach grúpa, ní mór an fhaisnéis atá ar shuíomh Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí a nuashonrú gach 4 mhí ar a laghad.
Tá an t-amchlár sin ag teacht le ceanglais trédhearcachta an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015 do ghrúpaí atá i mbun cumarsáidí brústocaireachta ach nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Chóid Trédhearcachta.
|
Ba cheart d’oifigigh sheirbhíse poiblí na bearta seo a leanas a dhéanamh i dtaca leis an gCód Trédhearcachta:
- A bhreithniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na grúpaí reatha ina Roinn nó ina nOifig an chéad trí choinníoll maidir le “comhlacht iomchuí” mar atá leagtha amach thuas;
- Má chomhlíonann siad iad, dul i gcomhairle le Cathaoirleach agus le baill an Ghrúpa maidir le cé acu is mian nó nach mian leis an nGrúpa feidhmiú anois de réir an Chóid Trédhearcachta;
- Más mian leis an nGrúpa feidhmiú de réir an Chóid, socruithe cuí a dhéanamh don fhaisnéis atá sainaitheanta thuas faoin gceannteideal “Critéir Thrédhearcachta” a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an chomhlachta phoiblí;
- Mura mian leis an nGrúpa feidhmiú de réir an Chóid, ba cheart a chur i gcuimhne do bhaill an Ghrúpa go mbeidh orthu a bhreithniú, ón 1 Meán Fómhair 2015, cé acu a thagann nó nach dtagann aon chumarsáidí le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe atá páirteach sa ghrúpa faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.