Cé na cumarsáidí a gclúdaíonn an tAcht iad?

Beidh daoine ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

  1. Tá siad ag déanamh cumarsáid go díreach nó go hindíreach le “hOifigeach Poiblí Ainmnithe” agus
  2. Baineann an chumarsáid sin le “ní iomchuí” agus
  3. Ní díolmhaithe go sonrach atá an chumarsáid sin agus
  4. Tá siad ar cheann amháin díobh seo:
  • Fostóir ag a bhfuil níos mó ná 10 fostaithe sa chás go ndéantar na cumarsáidí thar cheann an fhostóra
  • Comhlacht ionadaíoch ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad atá ag déanamh cumarsáid thar ceann a bhall agus is fostaí íoctha nó sealbhóir oifige íoctha an chomhlachta a dhéanann an chumarsáid.
  • Comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad atá ann go príomha chun tabhairt faoi shaincheisteanna ar leith agus is fostaí íoctha nó sealbhóir oifige íoctha an chomhlachta atá ag déanamh cumarsáid ar na saincheisteanna sin.
  • Brústocaire gairmiúil atá ag fáil íocaíochta chun cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint (sa chás gurb é atá sa chliant ná fostóir ag a bhfuil 10 fostaithe lánaimseartha nó comhlacht ionadaíoch nó comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin ar a laghad)
  • Duine ar bith atá ag déanamh cumarsáid ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.