Tréimhse mharana: Srianta ar fhostaíocht iarthéarma mar bhrústocaire

Foráiltear leis an Acht go bhfuil srian ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe áirithe dul i mbun brústocaireachta i gcásanna áirithe ar feadh bliana tar éis dóibh a bpost nó a n-oifig a fhágáil ach amháin sa chás go bhfaigheann siad cead ón gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh amhlaidh – is é sin le rá, tá siad faoi réir tréimhse “mharana”.

 

Is iad seo a leanas na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe lena mbaineann: Airí agus Airí Stáit, comhairleoirí speisialta agus seirbhísigh phoiblí fhorordaithe. Tagraímid do na daoine sin mar “iar-Oifigigh Phoiblí Ainmnithe” sa rannán seo de na treoirlínte.

 

Daoine eile ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad chun críocha na gceanglas um chlárú brústocaireachta - is iad sin, TDanna, Seanadóirí, FPEnna agus comhaltaí údaráis áitiúil - ní chuimsítear iad leis an bhforáil sin.

 

Ní fhéadfaidh na hiar-Oifigigh Phoiblí Ainmnithe nach gcuimsítear leis an bhforáil sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh, ná
  • Bheith fostaithe ag duine atá ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta, ná seirbhísí a chur ar fáil dó, i gcúinsí áirithe.

 

Baineann na cúinsí sin leis na cásanna seo a leanas:

  • Baineann an ghníomhaíocht brústocaireachta le haon chomhlacht seirbhíse poiblí lena raibh baint ag an iar-Oifigeach Poiblí Ainmnithe, is é sin le rá, áit a raibh sé fostaithe nó i seilbh oifige nó a raibh aon phost eile aige sa bhliain sular fhág an t-iarOifigeach Poiblí Ainmnithe an comhlacht, nó
  • Tá an ghníomhaíocht brústocaireachta á déanamh thar ceann duine a bhí ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe agus a raibh baint aige leis an gcomhlacht seirbhíse poiblí sa bhliain sular fhág an t-iarOifigeach Poiblí Ainmnithe an comhlacht.

 

Féadfaidh iar-Oifigeach Poiblí Ainmnithe iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ar thoiliú chun dul i mbun brústocaireacht den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a chinneadh toiliú a thabhairt gan choinníoll, toiliú a thabhairt go coinníollach nó diúltú don iarratas ar feadh na tréimhse ar fad nó cuid di.

 

Féadfaidh iar-Oifigeach Poiblí Ainmnithe nach bhfuil sásta leis an gcinneadh achomharc a dhéanamh.