Bainfidh an reachtaíocht leat má chomhlíonann tú ceann ar bith de na coinníollacha seo a leanas:
Cad nach foláir duit a dhéanamh?
Tiocfaidh an tAcht in éifeacht an 1 Meán Fómhair 2015.
Ba í an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015 an chéad tréimhse chlárúcháin. Má bhí tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta le linn na tréimhse sin, bhí ort clárú ar www.lobbying.ie faoin 21 Eanáir 2016 ar a dhéanaí. Chomh maith leis sin, bhí ort tuairisceán a dhéanamh faoin 21 Eanáir 2016 ina leagfar amach na sonraí riachtanacha faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015. A luaithe is atá tú cláraithe, ní foláir duit leanúint ar aghaidh le tuairisceáin a dhéanamh i leith gach tréimhse ceithre mhí ina dhiaidh sin (is iad sin, an 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán; an 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa; an 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig), lena n-áirítear toradh nialasach le haghaidh aon tréimhse nach ndearna tú brústocaireacht inti.
San Acht, liostaítear na coinníollacha atá i bhfeidhm má mheastar go bhfuil tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta agus, dá bhrí sin, ceanglaítear ort clárú mar bhrústocaire.
Is féidir go mbeidh tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é:
1. Gur brústocaire gairmiúil thú: Faigheann tú íocaíocht as cumarsáid iomchuí a dhéanamh nó a bhainistiú nó ordú a thabhairt í a dhéanamh thar ceann duine eile agus comhlíontar coinníollacha eile.
2. Go ndéanann tú brústocaireacht thar do cheann féin nó thar ceann gnóthais nó eagraíochta: Déanann tú nó bainistíonn tú cumarsáid iomchuí nó tugann tú ordú í a dhéanamh agus tá tosca áirithe i bhfeidhm.
3. Go ndéanann tú brústocaireacht ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún: Déanann tú cumarsáid iomchuí ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.
****
1. Brústocaireacht ghairmiúil: cumarsáidí thar ceann cliaint
Beidh tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é:
Agus
Agus
go mbaineann ceann ar bith de na nithe seo le do chliant:
Beidh tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é:
Agus
o Tá níos mó ná 10 fostaithe lánaimseartha agat agus déantar na cumarsáidí iomchuí thar do cheann;
o Is comhlacht ionadaíoch thú (is é sin, comhlacht atá ann go príomha chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna a chuid ball) ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó agus déantar na cumarsáidí iomchuí thar ceann ceann amháin de na baill (mar shampla, ceardchumann, comhlacht gairmiúil, cumann tionscail nó comhlacht spóirt. Ní chuirtear eagraíochtaí atá comhdhéanta go hiomlán d’oibrithe deonacha san áireamh ach cuirfear san áireamh iad má fhostaíonn siad duine amháin go lánaimseartha)
nó
o Is comhlacht tathanta thú (is é sin, comhlacht atá ann go príomha chun tabhairt faoi shaincheisteanna ar leith) ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó agus baineann na cumarsáidí iomchuí le ceann ar bith de na saincheisteanna seo (mar shampla, eagraíochtaí atá ag cur shaincheisteanna chearta an duine chun cinn nó atá i mbun feachtais ar son daoine gan dídean. Ní chuirtear eagraíochtaí atá comhdhéanta go hiomlán d’oibrithe deonacha san áireamh ach cuirfear san áireamh iad má fhostaíonn siad duine amháin go lánaimseartha)
I gcás comhlachtaí ionadaíocha agus comhlachtaí tathanta, ní foláir an chumarsáid iomchuí a bheith déanta ag fostaí de chuid an chomhlachta nó ag duine a shealbhaíonn oifig íoctha (mar shampla, an cathaoirleach) sa chomhlacht a mbaineann a chuid feidhmeanna le gnóthaí an chomhlachta ina iomláine agus mar a ndéantar an chumarsáid sa cháil sin. (Fágann sé sin nach meastar go ginearálta gurb ionann cumarsáidí a dhéanann oibrithe deonacha neamhíoctha agus brústocaireacht. Féadfaidh sealbhóirí oifige amhail cathaoirligh agus rúnaithe a bheith ina n-oibrithe deonacha neamhíoctha. Más rud é go bhfuil siad ina n-oibrithe deonacha neamhíoctha, ní bheidh cumarsáidí a dhéanann siad cothrom go ginearálta le bheith ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta. Mar sin féin, féadfaidh cumarsáid iomchuí bheith díreach nó indíreach. Mar sin de, is brústocaireacht í sa chás go ndéanann oibrí deonach neamhíoctha an chumarsáid tar éis dó ordú a fháil ó fhostaí nó ó shealbhóir oifige íoctha agus ní mór í a chur san áireamh i dtuairisceán na heagraíochta.)
3. Cumarsáidí ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún
Beidh tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é go ndéanann tú cumarsáid iomchuí ar fhorbairt talún nó ar chriosú talún.
Tá treoirlínte mionsonraithe maidir le brústocaireacht i dtaca le forbairt talún agus le criosú talún ar fáil ag www.lobbying.ie.
TABHAIR FAOI DEARA: Ní brústocaireacht atá i ngach cineál cumarsáide.
Is fiú a thabhairt faoi deara nach meastar, chun críocha an Achta, gur brústocaireacht atá i ngach cineál cumarsáide. Tá roinnt díolúintí ann freisin. Ní mheastar gur brústocaireacht atá i gcumarsáid ach amháin má chomhlíonann an chumarsáid na critéir thuas. Beidh méid suntasach cumarsáidí clinic toghcheantair díolmhaithe sa chás go mbaineann an t-ábhar le gnóthaí pearsanta duine nó sa chás gur cumarsáidí iad a sheolann micreaghnóthas ag a bhfuil níos lú ná 10 fostaithe. Tá tuilleadh faisnéise leagtha amach thíos faoi nithe a meastar gur nithe iomchuí iad.
Is fiú a thabhairt faoi deara nach i suíomh foirmiúil ná trí mhodhanna foirmiúla a úsáid a dhéantar gach cineál brústocaireachta. Cé go ndéantar cuid mhór brústocaireachta trí chruinnithe duine le duine, trí ghlaonna teileafóin nó trí ríomhphoist, déantar brústocaireacht ar bhealaí nach bhfuil chomh foirmiúil céanna. Áirítear leo sin comhráite neamhfhoirmiúla, tóstail shóisialta, agus na meáin shóisialta, fiú. Má chomhlíonann an chumarsáid na critéir thuas, meastar gur brústocaireacht atá inti agus ní mór í a thuairisciú dá bharr sin.
Is iad seo a leanas na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe faoin Acht:
Maidir leis an Státseirbhís, rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe rialacháin ina soláthraítear sonraí faoi na poist atá forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe chun críocha an Achta. Is forordaithe mar Oifigeach Poiblí Ainmnithe atá fostaí sa tseirbhís phoiblí ar Ard-Rúnaí, Rúnaí Tánaisteach, Leas-Rúnaí, Rúnaí Cúnta nó Stiúrthóir é i gcomhlacht seirbhíse poiblí atá sonraithe i Sceideal I de na Rialacháin.
Is forordaithe mar Oifigeach Poiblí Ainmnithe atá fostaí sa tseirbhís phoiblí i gcáil atá sonraithe i Sceideal 2 de na Rialacháin freisin.
I dtaca le húdaráis áitiúla, foráiltear leis na Rialacháin go bhfuil na daoine atá i mbun na bpost seo a leanas in údaráis áitiúla forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe:
Tá sonraí iomlána faoi na poist thuas atá forordaithe sna Rialacháin ar fáil ar ár suíomh Gréasáin www.lobbying.ie. Féadfar an liosta post atá forordaithe mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe a leathnú le hOrdú ón Aire chuig catagóirí eile le himeacht ama.
Tá oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí foilsiú a dhéanamh ar ainmneacha a bhfostaithe is Oifigigh Phoiblí Ainmnithe agus ar chur síos achomair ar a róil agus a bhfreagrachtaí chun críocha an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil Oifigigh Phoiblí Ainmnithe ag gach comhlacht poiblí.
Is é is cumarsáid iomchuí ann ná cumarsáid
Is é is ní iomchuí ann ná ní ar bith a bhaineann leis na nithe seo:
SEACHAS cur chun feidhme aon bheartais, chláir, achtaithe, dámhachtana nó ní ag a bhfuil cineál teicniúil.
(Mar shampla, mheasfaí gur ghníomhaíocht brústocaireachta a bheadh i gcumarsáidí a bhaineann le critéir a fhorbairt le haghaidh scéimeanna deontas tithíochta, le critéir a fhorbairt le haghaidh tógálaithe a roghnú chun scoileanna a thógáil nó le critéir a fhorbairt le haghaidh ceadúnas a dhámhachtain chun iompar a chur ar fáil ar bhealach sonrach. Mheasfaí gurbh ábhair chur chun feidhme a bheadh i gcur chun feidhme na scéimeanna deontais sin (an measúnú ar cé acu a cháileodh duine aonair nó nach gcáileodh) nó na gcomórtas ceadúnais nó i gcur chun feidhme na bpróiseas tairisceana trí ríomhthairiscintí.)
“Cumarsáidí eiscthe” atá sna nithe seo a leanas agus, dá bhrí sin, ní mheastar gurb ionann iad agus brústocaireacht (ní cumarsáidí iomchuí iad):
Grúpaí oibre beartais: Cumarsáidí idir baill de chomhlacht iomchuí ar cheap Aire nó comhlacht seirbhíse poiblí é chun críche athbhreithniú, measúnú nó anailís a dhéanamh ar aon saincheist bheartais phoiblí d’fhonn tuairisc a thabhairt uirthi don Aire nó don chomhlacht seirbhíse poiblí. Is é is comhlacht iomchuí ann ná comhlacht a gceapann Aire nó comhlacht seirbhíse poiblí a chuid ball agus áirítear leis na baill Oifigeach Poiblí Ainmnithe amháin nó níos mó agus duine amháin nó níos mó nach bhfuil ina fhostaí/ina bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí ná nach bhfuil fostaithe chun críocha comhlacht seirbhíse poiblí. Beidh feidhm ag an díolúine sin má dhéanann comhlacht iomchuí a chuid gníomhaíochtaí de réir an Chóid Trédhearcachta (mar shampla, grúpaí saineolaithe, grúpaí oibre, grúpaí athbhreithnithe nó coimisiúin a bunaíodh chun saincheisteanna sonracha a scrúdú agus tuairisciú orthu a n-áirítear fostaithe ainmnithe sa tseirbhís phoiblí agus roinnt fostaithe nach bhfuil sa tseirbhís phoiblí lena gcuid ball). Tá an Cód Trédhearcachta ar fáil ag https://www.lobbying.ie/help-resources/information-for-public-bodies/transparency-code/.