An Clár Brústocaireachta

Tá freagracht ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) as an gClár Brústocaireachta, ag www.lobbying.ie, a bhunú agus a choimeád ar bun. Tá an clár ar fáil ar líne do bhaill den phobal agus tá sé saor in aisce.

 

Cuimsíonn an Clár Brústocaireachta:

  • Na sonraí clárúcháin a chuireann gach duine cláraithe ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin agus
  • An fhaisnéis atá sna tuairisceáin a dhéanann gach duine cláraithe.

 

An ceanglas chun clárú

Beidh cosc ort leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta mura bhfuil tú cláraithe ar an gClár Brústocaireachta. Ní bhaineann sé sin leis an gcéad tréimhse iomchuí a ndéanann tú gníomhaíochtaí brústocaireachta lena linn - is féidir leat clárú tar éis duit tosú ar bhrústocaireacht a dhéanamh.

 

A luaithe is atá oibleagáid ort a bheith cláraithe, is sárú iomchuí ar an Acht é leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta gan a bheith cláraithe.

 

Ní ghearrtar aon táille ar chlárú.

 

TÁBHACHTACH: Ní foláir duit clárú laistigh de 21 lá (dáta iomchuí) ó dheireadh na tréimhse iomchuí ina dtosaíonn tú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta den chéad uair. Is é an tréimhse iomchuí na ceithre mhí dar críoch an lá deiridh de mhí Aibreáin, de mhí Lúnasa agus de mhí na Nollag gach bliain.

 

Más rud é go dtosaíonn tú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta idir

an 1 Eanáir agus an 30 Aibreán, ní foláir duit clárú faoin 21 Bealtaine

an 1 Bealtaine agus an 31 Lúnasa, ní foláir duit clárú faoin 21 Meán Fómhair

an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, ní foláir duit clárú faoin 21 Eanáir.

 

Is sárú ar an Acht é leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta gan a bheith cláraithe.

 

 

Ábhar a fhéadfar a eisiamh ón gClár

Sonraí pearsanta

Féadfar sonraí pearsanta a eisiamh ón bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí. Tarlóidh sé sin má tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim gur gá an fhaisnéis sin a eisiamh ar na cúiseanna seo a leanas:

  • D’fhonn nach mbainfear mí-úsáid aisti, nó
  • D’fhonn sábháilteacht aon duine a chosaint, nó
  • D’fhonn slándáil an Stáit a chosaint.

 

Sa reachtaíocht um chosaint sonraí, sainmhínítear sonraí pearsanta mar shonraí a bhaineann le duine beo a shainaithnítear, nó is féidir a shainaithint, ó na sonraí féin nó ó na sonraí i gcomhar le faisnéis eile. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach www.dataprotection.ie.

 

Faisnéis atá míchruinn, as dáta nó míthreorach

Má tá tú den tuairim gurb ann d’fhaisnéis fút ar an gClár atá míchruinn, as dáta nó míthreorach, féadfaidh tú fianaise air sin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin (más duine atá ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta, duine a bhfuil brústocaireacht á déanamh thar a cheann nó cliant de chuid brústocaire gairmiúil thú).

 

Má tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim go bhfuil an fhaisnéis míchruinn, as dáta nó míthreorach, féadfaidh sé an fhaisnéis sin a leasú nó a scriosadh de réir mar is gá. Mura bhfuil sé den tuairim go bhfuil an fhaisnéis míchruinn, as dáta ná míthreorach, ní foláir dó fógra a thabhairt duit faoi sin agus na cúiseanna taobh thiar dá chinneadh a mhíniú duit.

 

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an bhfaisnéis a leasú nó a scriosadh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh.

 

Faisnéis nach foláir a chur ar fáil agus tú ag clárú

D’fhonn clárú, ní foláir duit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin:

  • Ainm d’eagraíochta (nó d’ainm féin má tá tú ag déanamh brústocaireachta mar dhuine aonair ar chriosú nó ar fhorbairt)
  • An seoladh (nó an príomhsheoladh) ag a gcuireann tú do ghnó i gcrích nó (murab ann do sheoladh den sórt sin) an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ort
  • Do ghnó nó phríomhghníomhaíochtaí laethúla d’eagraíochta
  • Aon seoladh ríomhphoist, aon uimhir theileafóin nó aon seoladh suíomh Gréasáin a bhaineann le do ghnó nó le do phríomhghníomhaíochtaí
  • Aon chláruimhir arna heisiúint ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí duit agus, más cuideachta thú, d’oifig chláraithe.

 

 

(Ní gá gur cuideachta thú. Tá an fheidhm chéanna ag an reachtaíocht maidir le trádálaithe aonair, le comhpháirtíochtaí, le comhlachtaí ionadacha, le comhlachtaí tathanta agus le cuideachtaí. Ní bhaineann an struchtúr dlíthiúil le hábhar. Is féidir go gceanglófar ar shaoránaigh aonair clárú i gcásanna ina bhfuil siad ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta maidir le forbairt talún agus criosú talún.)

{Ba cheart an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a bheith ar an bhfaisnéis sin a bhaineann le clárú na heagraíochta. Má tá tú ag clárú thar ceann do ghnóthais, tabhair sonraí teagmhála do ghnóthais in ionad do shonraí pearsanta féin}.

 

Ní foláir duit a lua gur ceart atá an fhaisnéis a thugtar i do shonraí clárúcháin.

 

Nuair a chuireann tú an fhaisnéis sin agus an ráiteas ina dhiaidh ar fáil, beidh tú i do dhuine cláraithe agus beidh an fhaisnéis atá curtha ar fáil agat ar fáil láithreach ar an gClár.

 

Má scoireann tú go buan de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh, féadfaidh tú iarraidh ar an gCoimisiún um Chaighdeáin an méid sin a thabhairt faoi deara i d’iontráil ar an gClár.

 

An ceanglas chun tuairisceáin a dhéanamh

Mar dhuine cláraithe, ceanglaítear ort tuairisceáin a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin laistigh de 21 lá ó dheireadh gach tréimhse iomchuí. Is é an tréimhse iomchuí na ceithre mhí dar críoch an lá deiridh de mhí Aibreáin, de mhí Lúnasa agus de mhí na Nollag gach bliain. Is sárú ar an Acht é mainneachtain tuairisceáin den sórt sin a dhéanamh.

 

Mura ndearna tú aon ghníomhaíochtaí brústocaireachta sa tréimhse iomchuí, ní foláir an méid sin a chur in iúl i do thuairisceán: is é sin le rá, ní foláir duit toradh nialasach a dhéanamh.

 

Ní gá duit tuairisceáin a dhéanamh má thugtar faoi deara i d’iontráil i nótaí an Chláir gur scoir tú go buan de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh.

 

Faisnéis i do thuairisceáin

Má rinne tú gníomhaíochtaí brústocaireachta sa tréimhse iomchuí, ní foláir an méid seo a leanas a chur in iúl i do thuairisceán:

  • Na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe a ndearnadh brústocaireacht orthu agus an comhlacht iomchuí seirbhíse poiblí
  • Ábhar na brústocaireachta agus na torthaí a bhíothas ag iarraidh a bhaint amach. Tá sé tábhachtach gur fiúntach atá an toradh beartaithe - cad a bhí tú ag iarraidh a bhaint amach de bharr na gníomhaíochta brústocaireachta? Más “ag múscailt feasachta” atá sí - cad is cuspóir di? (mar shampla, bhí tú ag déanamh brústocaireachta maidir le seirbhísí timpistí agus éigeandála agus tú ag iarraidh go gcuirfí seirbhísí den sórt sin ar fáil in ospidéal ar leith)
  • Cineál agus méid na ngníomhaíochtaí brústocaireachta a rinneadh; gheofar roghanna anuas ar an bhfoirm thuairisceáin ar www.lobbying.ie a chabhróidh leat cineál agus méid na gníomhaíochta a bhaineann le do thuairisceán a shainaithint
  • Ainm an duine aonair i d’eagraíocht ar a raibh príomhfhreagracht as na gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh. Is féidir go bhfuil baint ag daoine eile i d’eagraíocht le brústocaireacht ach ba cheart an duine atá liostaithe anseo a bheith ar an duine ar a bhfuil príomhfhreagracht.
  • An fhaisnéis iomchuí faoi do chlia(i)nt sa chás go raibh tú ag déanamh brústocaireachta thar ceann duine eile nó daoine eile
  • Ainm gach duine atá nó a bhí (roimh rith an Achta nó ina dhiaidh) ina oifigeach poiblí ainmnithe agus atá fostaithe agat nó atá ag soláthar seirbhísí duit agus a bhí i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh sa tréimhse dá bhfuil an tuairisceán á dhéanamh (mar shampla, más rud é go bhfuil iarTheachta Dála, comhairleoir speisialta nó seirbhíseach poiblí sinsearach fostaithe agat nó go bhfuil conradh agat le duine den sórt sin agus go ndearna siad na gníomhaíochtaí brústocaireachta thar do cheann)
  • Aon athrú a tháinig chun cinn sa tréimhse iomchuí maidir leis an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil agus tú ag clárú.
  • Gur ceart atá an fhaisnéis a thugtar sa tuairisceán.

 

Faisnéis iomchuí faoi chliant

Má tá tú ag déanamh brústocaireachta thar ceann cliaint, caithfidh tú clárú agus tuairisceán ar na gníomhaíochtaí brústocaireachta a rinneadh thar ceann an chliaint a chur isteach. Má ghlacann an cliant páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta sa bhreis nó ar leith, caithfidh an cliant clárú freisin agus tuairisceán a chur isteach i leith na ngníomhaíochtaí brústocaireachta sa bhreis nó ar leith.

 

Ní foláir duit freisin an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil faoi chliant:

 

  • Ainm an chliaint
  • An seoladh (nó an príomhsheoladh) ag a gcuireann an cliant gnó i gcrích nó (murab ann do sheoladh den sórt sin) an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an gcliant
  • Gnó nó príomhghníomhaíochtaí an chliaint,
  • Aon seoladh ríomhphoist, aon uimhir theileafóin nó aon seoladh suíomh Gréasáin a bhaineann le gnó do chliaint nó lena phríomhghníomhaíochtaí,
  • Aon chláruimhir arna heisiúint ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí don chliant agus, más cuideachta é, oifig chláraithe an chliaint.

 

 

 

An ceanglas le haghaidh tuilleadh faisnéise nó faisnéis cheartaithe

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuilleadh faisnéise a iarraidh maidir le hiarratas chun clárú mar bhrústocaire agus/nó tuairisceán maidir le gníomhaíocht brústocaireachta i gcásanna ina bhfuil sé den tuairim:

  • Go bhfuil tuilleadh faisnéise ag teastáil chun a chinntiú go gcomhlíonann an t-iarratas nó an tuairisceán an reachtaíocht, nó
  • Gur míchruinn nó míthreorach atá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san iarratas nó sna tuairisceáin

 

Ceanglófar ort an tuilleadh faisnéise atá ag teastáil nó an fhaisnéis cheartaithe a chur ar fáil laistigh de 21 lá.

Má mhainníonn tú déanamh amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i do chlárúchán nó i do thuairisceán a bhaint ón gClár. Míneofar duit cén fáth ar baineadh an fhaisnéis. Má bhaintear an fhaisnéis, caithfear leat amhail is nach raibh tú cláraithe nó nach ndearna tú tuairisceán iomchuí, de réir mar a bheidh.

 

Má tá an Coimisiún um Chaighdeán den tuairim gur míchruinn nó míthreorach atá aon fhaisnéis a thugtar i do shonraí clárúcháin nó i dtuairisceán, féadfaidh sé an fhaisnéis sin a bhaint láithreach ón gClár. Measfar thú amhail is nach bhfuil tú cláraithe nó nach ndearna tú tuairisceán iomchuí, de réir mar a bheidh, ach amháin má chuirtear an fhaisnéis cheartaithe ar fáil nó go dtí go gcuirtear an fhaisnéis cheartaithe ar fáil.

 

Foilsiú moillithe

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin chun foilsiú faisnéise áirithe a thugtar i do shonraí clárúcháin nó i do thuairisceáin a mhoilliú. Féadfaidh tú déanamh amhlaidh más rud é go dtugann tú faisnéis agus tú ag clárú, nó go dtugann tú faisnéis i do thuairisceán, agus go bhfuil tú den tuairim gur féidir a bheith ag súil le réasún go dtarlódh an méid seo a leanas dá gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí:

  1. Drochthionchar tromchúiseach a imirt ar leasanna airgeadais an Stáit, ar an ngeilleagar náisiúnta nó ar leasanna gnó i gcoitinne nó ar na leasanna gnó de chuid grúpa daoine ar leith, nó
  2. Caillteanas ábhartha airgeadais a chruthú don duine lena mbaineann an fhaisnéis nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do chor iomaíoch an duine sin maidir le post, le gairm nó le gnó an duine nó don toradh ar aon idirbheartaíocht chonarthach nó ar aon idirbheartaíocht de chineál eile atá á déanamh ag an duine sin

 

I gcás mhír A, ní foláir don Choimisiún um Chaighdeáin dul i gcomhairle le hAirí iomchuí sula ndéanfaidh sé cinneadh ar d’iarratas. Ní foláir an cinneadh sin a dhéanamh laistigh de 21 lá.

 

Má tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim gur féidir a bheith ag súil le réasún go bhféadfaí na hiarmhairtí a chuir tú in iúl teacht as an bhfaisnéis a chur ar fáil go poiblí, féadfaidh sé na cinntí seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuid den fhaisnéis sin, nó an fhaisnéis sin ar fad, a eisiamh ó fhoilsiú láithreach
  • Cuid den fhaisnéis sin, nó an fhaisnéis sin ar fad, a chur ar fáil i bhfoirm achomair amháin

 

Ní fhéadfaidh sé cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá sé den tuairim gurbh fhearr do leas an phobail moill a chur ar an bhfaisnéis a chur ar fáil go poiblí.

 

Beidh feidhm ag cinneadh den sórt sin ar feadh tréimhse shonraithe nach mó ná sé mhí nó go dtí go gcúlghairfear é, cibé acu is luaithe.

 

Fad atá cinneadh i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise maidir le taifead a bhaineann le haon fhaisnéis is ábhar do chinneadh.

 

Má dhiúltaítear go hiomlán nó go páirteach do d’iarratas ar fhoilsiú moillithe, míneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin na cúiseanna taobh thiar den diúltú sin duit.

 

 

Cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin cóipeanna den chinneadh ar fáil duit agus d’aon Airí a ndeachthas i gcomhairle leo.

 

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh tráth ar bith agus féadfaidh sé a chinneadh é a chúlghairm más cosúil gurbh fhearr do leas an phobail an fhaisnéis a chur ar fáil láithreach go poiblí ná í a mhoilliú. Má tharlaíonn sé sin, tabharfar fógra duit agus do na hAirí iomchuí faoi sin.

 

Má fhoilsítear an fhaisnéis i bhfoirm achomair, beidh sé sin luaite ar an gclár.

 

Sa chás gur moillíodh foilsiú na faisnéise nó gur foilsíodh faisnéis i bhfoirm achomair amháin agus go bhfoilsítear í go páirteach nó go hiomlán ina dhiaidh sin, míneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an gClár cén fáth ar moillíodh an foilsiú nó cén fáth ar achoimríodh an fhaisnéis.

 

Aon duine nach bhfuil sásta le haon chinneadh ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le foilsiú moillithe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh.

 

Ní dhéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin faisnéis a moillíodh nó a achoimríodh a chur ar fáil go poiblí ach amháin go dtí 14 lá tar éis dó a chinneadh déanamh amhlaidh. Déanann an Coimisiún é sin chun deis a thabhairt do dhaoine achomharc a dhéanamh. Má dhéanann tú achomharc, ní fhoilseofar an fhaisnéis go dtí go mbeidh an próiseas achomhairc thart nó go dtí go dtarraingeofar an t-achomharc siar.