Aguisín: Dea-chleachtais do dhaoine atá ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta
- Déan athbhreithniú ar shocruithe d’eagraíochta le haghaidh cumarsáidí iomchuí a thaifeadadh
- Nuair is gá, cuir socruithe i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a thaifeadadh ó thús na chéad tréimhse iomchuí a dtosaíonn tú ar bhrústocaireacht a dhéanamh lena linn
- Sainaithin an duine aonair/na daoine aonair atá freagrach as tuairisceáin a chlárú agus a thiomsú.
o Tabhair faoi deara: Is féidir go ndéanfaidh níos mó ná fostaí amháin sonraí a iontráil sa chlár ar bhonn leanúnach agus iad a shábháil i bhfoirm dréachta (ar réimse príobháideach den chlár) sula gcuirfear isteach iad go foirmiúil.
- Ainmnigh oifigeach comhlíonta
o Duine aonair atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán deiridh ó thaobh iomláine, cruinnis agus comhsheasmhachta de agus as a chinntiú go gcomhlíontar gach spriocdháta tuairisceán
o Is féidir leis an duine tuairisceán deiridh a chur isteach ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe
- Téigh chuig www.lobbying.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil, lena n-áirítear treoir, uirlisí faisnéise agus físeáin a fhéadann cabhrú leat:
o Déan cinneadh ar cé acu atá nó nach bhfuil brústocaireacht á déanamh agat
o Faigh na freagraí ar cheisteanna coitianta
o Cuir an próiseas clárúcháin i gcrích
o Cuir do thuairisceán i gcrích