Achomhairc

Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí áirithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin. Má tá duine míshásta le cinneadh ón gCoimisiún, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh ar leith sin laistigh de 14 lá, agus na cúiseanna leis an achomharc á lua aige. Ba cheart achomhairc a dhéanamh chuig appeals@lobbying.ie. Is iad seo a leanas na cinntí atá i gceist:

  • Cinneadh maidir le faisnéis a bhaint i gcás inar chinn an Coimisiún go bhfuil sí míchruinn, as dáta nó míthreorach
  • Cinneadh maidir le hiarratas ar fhoilsiú moillithe
  • Cinneadh maidir le hiarratas ar na srianta ar fhostaíocht iarthéarma a tharscaoileadh nó a laghdú.

Cheap an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Oifigigh Achomhairc neamhchlaonta neamhspleácha chun breithniú a dhéanamh ar achomhairc den sórt sin. Chomh maith leis sin, d’fhorordaigh an tAire na nósanna imeachta nach mór a leanúint agus achomhairc á seoladh. Tá na nósanna imeachta achomhairc ar fáil anseo.

Déanfaidh an tOifigeach Achomhairc cinneadh ar an achomharc laistigh de 14 lá tar éis an t-achomharc a shannadh dó. Féadfaidh sé

  • An cinneadh ón gCoimisiún um Chaighdeáin a dhaingniú, nó
  • An cinneadh a chúlghairm agus cinneadh nua is cuí leis a chur ina áit. 

Eiseofar an cinneadh ón Oifigeach Achomhairc chuig an duine atá ag déanamh an achomhairc agus chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ag an aon am amháin.

Féadfar achomharc in aghaidh an chinnidh ón Oifigeach Achomhairc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí laistigh de 21 lá tar éis an cinneadh a dhéanamh. Is críochnaitheach atá an bhreith ón Ard-Chúirt agus ní fhéadfar achomharc eile a dhéanamh ina haghaidh.