Treoirlínte maidir leis an mbrústocaireacht i dtaca le forbairt talún agus le criosú talún

Treoirlínte maidir leis an mbrústocaireacht i dtaca le forbairt talún agus le criosú talún

Réamhrá

Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 (an tAcht) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015.

Baineann an tAcht leo seo a leanas go príomha:

  • brústocairí gairmiúla,
  • eagraíochtaí tráchtála ag a bhfuil níos mó ná 10 fostaithe lánaimseartha;
  • comhlachtaí ionadaíocha ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin ar a laghad; agus
  • grúpaí tathanta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus carthanais ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin ar a laghad agus a chuireann leasanna nó cúiseanna ar leith chun cinn.

Tá treoirlínte ginearálta i dtaca le leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta ar fáil anseo.

Conas a d’fhéadfadh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil bheith bainteach le daoine aonair agus le grúpaí áitiúla

Agus iad ag seoladh teachtaireachta chuig oifigigh phoiblí nó le hionadaithe don phobal maidir le criosú talún nó le forbairt talún, d’fhéadfadh daoine aonair agus grúpaí nach measfadh de ghnáth go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta a fháil amach go mbaineann an tAcht leo.  Sna treoirlínte seo, pléitear go sonrach leis an mbrústocaireacht i dtaca le criosú agus le forbairt. 

Cad is ciall le Criosú?

Dréachtaíonn údaráis áitiúla pleananna forbartha agus pleananna ceantair áitiúil le haghaidh a gcuid limistéar go rialta.  I measc nithe eile, leagtar amach sna pleananna sin an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as talamh, mar shampla, d’fhéadfaí talamh a shainiú le haghaidh úsáid chónaithe; le haghaidh úsáid thionsclaíoch, tráchtála, talmhaíochta nó caitheamh aimsire; mar spás oscailte; nó mar mheascán de na húsáidí sin.  Tugtar “criosú” air sin de ghnáth.  Ó am go chéile, d’fhéadfadh an t-údarás áitiúil breithniú ar an sainiú tailte ar leith a athrú (“athaicmiú talún”).

Agus pleananna forbartha nó pleananna ceantair áitiúil á ndréachtú acu, glacann údaráis áitiúla páirt i bpróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí.  Fágann sé sin go bhféadfaidh tú aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ina leagtar amach do chuid tuairimí faoin bplean beartaithe.  Má chuirtear tuairimí in iúl d’údarás áitiúil mar chuid de phróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí, ní hionann sin agus brústocaireacht. 

Mar sin féin, is féidir gur brústocaireacht atá i dteachtaireacht a sheoladh chuig Oifigeach Poiblí Sainithe lasmuigh den phróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí maidir le plean forbartha, le plean ceantair áitiúil nó le togra chun tailte ar leith a chriosú nó athaicmiú talún a dhéanamh orthu.  (Mar shampla, teagmháil a dhéanamh le do TD áitiúil nó le do Chomhairleoir Contae maidir le plean forbartha nó le togra chun tailte ar leith a chriosú nó athaicmiú talún a dhéanamh orthu lasmuigh den phróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí.)

Cad is ciall le Forbairt?

Is é an sainmhíniú a thugtar ar “forbairt” sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt ná aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, sa talamh, os cionn na talún nó faoin talamh nó aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.

Iarratais ar chead pleanála

Is féidir go dteastóidh cead pleanála ó fhorbairt.  De ghnáth, is chuig an údarás áitiúil a dhéantar iarratais ar chead pleanála.  Níl fáil ag an bpobal ar na hiarratais sin.  Ní hionann iarratas ar chead pleanála agus brústocaireacht.  Ní hionann an iarraidh dearbhuithe/atreoruithe faoi na hAchtanna Pleanála maidir le forbairt agus le forbairt dhíolmhaithe agus brústocaireacht.

Meastar gur ábhar cur chun feidhme iad teachtaireachtaí a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le hiarratas pleanála a chloíonn le beartas forbartha/plean forbartha bunaithe an údaráis áitiúil. Mar sin, tá siad díolmhaithe ó na ceanglais atá ann tuairisceán a chlárú agus a chur isteach. Mar sin féin, is féidir a mheas gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireacht maidir le hiarratas pleanála a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe sa chás go n-iarrtar san iarratas pleanála, nó go dteastaíonn ón iarratas pleanála, athrú i mbeartas forbartha an údaráis áitiúil, lena n-áirítear athraitheas pleanála.

Is ar fáil don phobal lena scrúdú freisin atá aighneachtaí faoi iarratas ar bith ar chead pleanála.  (Mar shampla, féadfaidh tú cur in aghaidh cead pleanála ar leith.) Níl brústocaireacht á déanamh agat má chuireann tú aighneacht faoi iarratas ar chead pleanála faoi bhráid d’údaráis áitiúil.

Forfheidhmiú cinntí pleanála

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as na dlíthe pleanála a chur chun feidhme.  Féadfar gearáin a dhéanamh le húdarás áitiúil más rud é go bhfuil duine den tuairim go bhfuil forbairt á déanamh nó déanta ar forbairt í atá contrártha do na dlíthe pleanála nó do na coinníollacha atá ceangailte le cead pleanála ar leith.  Ní hionann na gearáin sin agus brústocaireacht mar go mbaineann siad le cur chun feidhme na ndlíthe pleanála. 

Mórthionscadail bhonneagair

Déantar iarratais phleanála maidir le mórthionscadail bhonneagair go díreach chuig an mBord Pleanála.  Is chuig an mBord Pleanála freisin a dhéantar achomhairc in aghaidh cinntí pleanála a rinne údaráis áitiúla.  Ní hionann teachtaireachtaí leis an mBord Pleanála agus gníomhaíochtaí brústocaireachta mar nach <Oifigigh Phoiblí Shainithe> iad a chuid ball agus oifigeach.

Mar sin féin, is féidir gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireachtaí a sheoltar chuig Oifigigh Phoiblí Shainithe maidir le hiarratais phleanála nó le hachomhairc phleanála i gcás na dtionscadal sin sa chás go n-iarrtar san iarratas pleanála, nó go dteastaíonn ón iarratas pleanála, athrú i mbeartas forbartha an údaráis áitiúil.