Nóta treorach maidir le hiarrataí faoi alt 10(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil ar shonraí pearsanta a eisiamh ón gClár Brústocaireachta

 

Réamhrá

Leagtar amach sa nóta treorach seo na tosca a chuireann an Coimisiún um Chaighdeáin san áireamh agus é ag breithniú iarrataí ar shonraí pearsanta a eisiamh ón gClár Brústocaireachta (an Clár).

 

An reachtaíocht ábhartha

Foráiltear le halt 11(b) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil (an tAcht) nach mór do dhuine atá ag déanamh iarratas ar a bheith curtha san áireamh ar an gClár (Iarratas ar Chlárú) “an seoladh (nó an príomhsheoladh) ag a gcuireann an duine gnó i gcrích nó (murab ann do sheoladh den sórt sin) an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a chur ar fáil.

Foráiltear le halt 11(d) den Acht nach mór do dhuine atá ag déanamh Iarratas ar Chlárú sonraí a chur ar fáil faoi aon seoladh ríomhphoist, aon uimhir theileafóin nó aon seoladh suíomh Gréasáin a bhaineann le gnó an duine nó lena phríomhghníomhaíochtaí.

Foráiltear le halt 10(1)(a) den Acht gurb éard a bheidh sa Chlár ná an fhaisnéis atá in Iarratais ar Chlárú arna ndéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi alt 11 den Acht.

Foráiltear le halt 10(4) den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin sonraí pearsanta a eisiamh ón gClár má mheasann sé gur gá déanamh amhlaidh:

i)                chun nach ndéanfar iad a mhí-úsáid, nó

ii)              chun sábháilteacht aon duine nó slándáil an Stáit a chosaint.

 

Cé a fhéadann iarratas a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fholú?

Tagraítear do “sonraí pearsanta” in alt 10(4) den Acht.  Sa chuid is mó de chásanna, ní mór do chláraithe a bhfaisnéis teagmhála gnó a chur ar fáil agus ní bheidh sé riachtanach faisnéis phearsanta a chur ar fáil ná a fholú.  Ní dócha gurb ionann agus sonraí pearsanta an fhaisnéis teagmhála arna cur ar fáil ag gnóthas, ag cuideachta nó ag eagraíocht in Iarratas ar Chlárú.  Ní dócha, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag alt 10(4) maidir le faisnéis den sórt sin.  Mar an gcéanna, ní dócha go mbeidh feidhm ag alt 10(4) maidir le faisnéis atá i dtuairisceán gníomhaíochtaí brústocaireachta arna chur isteach ag brústocaire gairmiúil i leith cliaint is gnó, cuideachta nó eagraíocht.

Ní mór do chláraí sonraí pearsanta a chur ar fáil sa chás nach bhfuil faisnéis teagmhála gnó aige.  Féadfaidh an cláraí a roghnú go ndéanfaidh sé iarratas ar a fhaisnéis phearsanta a fholú.  Agus iarratas den sórt sin a dhéanamh, ní mór don duine cúiseanna a chur ar fáil le cén fáth a measann sé gur cheart a shonraí pearsanta a eisiamh ón gClár.  Ní fhoilseofar an fhaisnéis go dtí go bhfuil cinneadh déanta ag an gCeann Rialála Brústocaireachta ar an iarraidh ar shonraí pearsanta a eisiamh.

Is féidir go mbeidh feidhm ag alt 10(4) i gcásanna ina bhfuil tuairisceán gníomhaíochtaí brústocaireachta á chur isteach ag brústocaire gairmiúil i dtaca le cliant ar leith agus inar mian leis an gcliant go n-eisiafaí a shonraí pearsanta ón gClár.

 

Tosca nach mór a chur san áireamh roimh bhreithniú a dhéanamh ar iarraidh ar shonraí pearsanta a eisiamh

 

An clárú/tuairisceán bailí é?

Foráiltear leis an Acht nach brústocaireacht iad cumarsáidí a dhéanann duine aonair nó a dhéantar thar ceann duine aonair a bhaineann lena ghnóthaí príobháideacha féin seachas sa chás go mbaineann na cumarsáidí le forbairt nó criosú aon talún nach é a phríomháit chónaithe phríobháideach é.

D’fhéadfadh duine aonair atá ag déanamh cumarsáid faoi ábhar nach mbaineann le criosú ná forbairt talún a bheith lasmuigh de raon feidhme an Achta agus d’fhéadfadh nach mbeadh ceangal air clárú.

Más soiléir nach mbaineann an ghníomhaíocht brústocaireachta le criosú ná le forbairt, déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin teagmháil leis an duine chun a dheimhniú go bhfuil sé/sí faoi raon feidhme an Achta agus go ndearnadh gníomhaíocht brústocaireachta (de réir an tsainmhínithe san Acht).

 

An bhfuil an ceart ag an duine clárú mar bhrústocaire aonair?

Más rud é go ndearna duine atá ag clárú mar bhrústocaire aonair na gníomhaíochtaí brústocaireachta thar ceann gnóthais, cuideachta nó eagraíochta eile, measfar an ghníomhaíocht brústocaireachta a bheith déanta ag an ngnóthas, ag an gcuideachta nó ag an eagraíocht.  Sna cásanna sin, moltar don duine gur cheart an gnóthas, an chuideachta nó an eagraíocht a bheith cláraithe agus gur cheart sonraí teagmhála ábhartha le haghaidh an ghnóthais, na cuideachta nó na heagraíochta a chur ar fáil.

 

Ar chuir an duine na sonraí teagmhála cearta ar fáil agus é ag clárú?

Ní bhíonn ceangal ar dhuine aonair de ghnáth sonraí faoina sheoladh baile a chur ar fáil agus é ag clárú.  Ceanglaítear ar dhuine le halt 11(b) den Acht sonraí a chur ar fáil faoin seoladh ag a gcuireann an duine a ghníomhaíochtaí gnó nó a phríomhghníomhaíochtaí i gcrích, beag beann ar ábhar na cumarsáide brústocaireachta.  Ní bheidh ceangal ar dhuine sonraí faoina sheoladh baile a chur ar fáil más ann do sheoladh ag a gcuireann sé a ghnó nó a phríomhghníomhaíocht i gcrích ar féidir é a chur ar fáil.

Mar an gcéanna, ceanglaítear ar dhuine le halt 11(d) den Acht sonraí a chur ar fáil faoi aon seoladh ríomhphoist, aon uimhir theileafóin nó aon seoladh suíomh Gréasáin a bhaineann le gnó an duine nó lena phríomhghníomhaíochtaí.  Ní bheidh ceangal ar dhuine sonraí teagmhála pearsanta a chur ar fáil más ann d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist a bhaineann lena ghnó nó lena phríomhghníomhaíocht ar féidir é/í a chur ar fáil.

Sa chás go gcuireann duine sonraí teagmhála pearsanta ar fáil agus go bhfuil sé soiléir don Choimisiún um Chaighdeáin gurb ann do shonraí teagmhála malartacha a bhaineann le gnó nó príomhghníomhaíochtaí an duine ar cheart iad a chur ar fáil, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don duine gur cuí leis gur cheart an fhaisnéis teagmhála a bhaineann le gnó nó príomhghníomhaíochtaí an duine a chur ar fáil ina Iarratas ar Chlárú.  Tugtar 7 lá don duine chun a fhaisnéis teagmhála a leasú.  Mura leasaítear an fhaisnéis teagmhála, breithneoidh an Coimisiún ansin cé acu ba cheart nó nár cheart an fhaisnéis teagmhála pearsanta arna cur ar fáil ar an Iarratas ar Chlárú a eisiamh ón gClár.

 

Tosca nach mór a chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar an iarraidh ar shonraí pearsanta a eisiamh

 

Agus é sásta go ndearna duine aonair gníomhaíocht brústocaireachta; gur chláraigh sé i gceart mar bhrústocaire aonair; agus gur chuir sé na sonraí teagmhála cuí ar fáil, déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin breithniú ar an iarraidh ar shonraí pearsanta a eisiamh agus aird á tabhairt aige ar na tosca seo a leanas:

 

An gcomhlíonann iarraidh an duine na critéir in alt 10(4) den Acht?

Iarraidh arb é is aidhm di sonraí pearsanta a eisiamh ar an mbonn amháin gur pearsanta nó príobháideach atá an fhaisnéis teagmhála, is iarraidh í nach gcomhlíonann na ceanglais in alt 10(4).  Sna cásanna sin, cuirtear in iúl don duine nach leor an chúis a cuireadh ar fáil chun go n-eisiafadh an Coimisiún um Chaighdeáin a shonraí teagmhála ón gClár. Tugtar 7 lá don duine chun tuilleadh cúiseanna nó tuilleadh fianaise a thacaíonn lena iarraidh a chur ar fáil.

Iarraidh arb é is aidhm di sonraí pearsanta a eisiamh ar chúiseanna slándála pearsanta, is iarraidh í a chomhlíonann na ceanglais in alt 10(4).  Má chuireann duine in iúl go bhfuil ábhair imní aige faoina shábháilteacht agus faoina shlándáil agus go bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin sásta gur bailí atá na hábhair imní sin i dtaca leis an duine aonair lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin na sonraí pearsanta a eisiamh.  Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin iarraidh ar an duine tuilleadh faisnéise nó fianaise a thacaíonn lena iarraidh a chur ar fáil.

 

An sonraí pearsanta í an fhaisnéis teagmhála?

Más rud é go n-úsáideann duine a shonraí teagmhála pearsanta chun críocha gnó freisin (lena n-áirítear mar bhrústocaire comhairleach), measfar na sonraí teagmhála a bheith ar a shonraí teagmhála gnó nó “brústocaireachta” freisin agus is féidir nach measfar iad mar fhaisnéis teagmhála pearsanta amháin.  Ní dócha sna cásanna sin go n-eisiafaidh an Coimisiún um Chaighdeáin an fhaisnéis teagmhála ón gClár.

 

An bhfuil an fhaisnéis teagmhála san fhearann poiblí cheana féin?

Sa chás gur san fhearann poiblí cheana féin (ar líne nó ar shlí eile) atá an fhaisnéis atá an duine ag iarraidh a eisiamh ón gClár, tá sé doiligh údar a thabhairt le faisnéis den sórt sin a eisiamh ón gClár.  Sa chuid is mó de chásanna, ní dhéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin faisnéis teagmhála atá san fhearann poiblí cheana féin a eisiamh ón gClár.

 

Trédhearcacht an Chláir

Rud tábhachtach a ndéanann an Coimisiún um Chaighdeáin breithniú air is ea cé acu a chuirfí nó nach gcuirfí cosc ar bhall den phobal duine ar an gClár a shainaithint go cuí nó teagmháil chuí a dhéanamh leis dá n-eisiafaí an fhaisnéis ón gClár.  Tuigtear gurb é atá i gceann amháin de na cuspóirí a bhaineann le faisnéis teagmhála a chur san áireamh ar an gClár (dá bhforáiltear in alt 11(d) den Acht) ná cur ar chumas aon duine ar spéis leis teagmháil a dhéanamh leis an mbrústocaire chun ceist a chur air faoi ghníomhaíocht brústocaireachta.

Rud eile a ndéantar breithniú air is ea cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfeabhsófaí trédhearcacht an Chláir dá bhfoilseofaí faisnéis teagmhála áirithe (uimhreacha teileafóin go háirithe).  Ba cheart cloí leis an bprionsabal um thrédhearcacht a chinntiú ach soláthar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a iniúchadh, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar aon ghá dlisteanach atá ann le faisnéis phearsanta shonrach a fholú.

 

An cinneadh ón gCoimisiún um Chaighdeáin

 

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, agus aird á tabhairt ar a bhfuil thuas, an fhaisnéis teagmhála pearsanta de chuid cláraí a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach.  Eiseofar litir ina míneofar an cinneadh chuig an gcláraí. Tabharfar sonraí inti faoin bhfaisnéis, más ann, a fholófar agus na cúiseanna leis an gcinneadh.

 

Tabhair faoi deara:

Iarrtar ar dhuine agus cuntas ar an gClár ar líne á chruthú aige uimhir fón póca a chur ar fáil chun críche cruthú an chuntais a fhíordheimhniú.  Ní fhoilseofar ar an gClár aon uimhir fón póca a chuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin chun na críche sin amháin.  Más rud é, áfach, go bhfuil an uimhir fón póca chéanna curtha san áireamh mar uimhir theileafóin teagmhála ar an Iarratas ar Chlárú a rinne an duine, féadfar an uimhir fón póca a fhoilsiú ar an gClár más cuí leis an gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh amhlaidh.