Achoimre ar phríomhfhorálacha an Achta

Íoslódáil

Tá an Treoir seo ar fáil lena híoslódáil i bhformáid PDF

Rinne an tUas. Brendan Howlin TD, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a chur chun cinn tríd an dá Theach den Oireachtas.

Is é is aidhm don Acht um Brústocaireacht a Rialáil (an tAcht) faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi na nithe seo:

  • Cé atá ag déanamh brústocaireachta
  • Cé ar a shon a bhfuil brústocaireacht á déanamh
  • Cé na saincheisteanna atá i gceist sa bhrústocaireacht
  • Cad is aidhm don bhrústocaireacht a bhaint amach
  • Cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air

Cuid bhunriachtanach den phróiseas daonlathach is ea an bhrústocaireacht. Déanann sí saoránaigh agus eagraíochtaí a chumasú nó a éascú chun a gcuid tuairimí faoi bheartas poiblí agus faoi sheirbhísí poiblí a chur in iúl do pholaiteoirí agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí.

Níl sé mar aidhm ag an Acht an bhrústocaireacht a chosc ná a thoirmeasc. Tá sé mar aidhm aige an próiseas a dhéanamh níos trédhearcaí.

Féachann an tAcht le déanamh amhlaidh trí fhoráil a dhéanamh do na nithe seo:

  • Clár brústocaireachta a bhfuil rochtain ag an bpobal air a bhunú agus a choimeád ar bun
  • An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a bheith ar an rialálaí brústocaireachta
  • Oibleagáidí ar bhrústocairí clárú agus faisnéis a chur ar fáil go rialta faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, lena n-áirítear faisnéis faoina gcliaint i gcás brústocairí gairmiúla
  • Cód iompair maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh
  • Tréimhse “fuaraithe” a thabhairt isteach nach bhféadfaidh roinnt iar-oifigeach gníomhaíocht brústocaireachta a dhéanamh lena linn

Má bhíonn páirt agat sa bhrústocaireacht, féadfar go mbeidh ort:

  • Clárú ar an suíomh Gréasáin nua don Chlár Brústocaireachta atá á chur le chéile agus á choimeád ar bun ag an gCoimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie
  • Faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain

Ní ghearrfar aon táille ar chlárú mar bhrústocaire. Beidh baill den phobal ábalta amharc ar an gclár agus é a chuardach saor in aisce.

Tá achoimre ar phríomhfhorálacha an Achta sa doiciméad seo. Tá treoirlínte mionsonraithe á n-ullmhú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an Acht, lena n-áirítear treoir do dhaoine atá ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta; treoir d’oifigigh phoiblí ainmnithe; agus treoir i dtaca le forálacha criosaithe agus forbartha an Achta.

Dátaí tábhachtacha tosaigh

Chinn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go dtiocfadh an tAcht in éifeacht an 1 Meán Fómhair 2015.

1 Bealtaine 2015: Tiocfaidh an Clár Brústocaireachta (www.lobbying.ie) i bhfeidhm. Cuirfidh sé sin ar chumas daoine iad féin a chur ar an eolas faoi cheanglais an Achta agus faoin gclár ar líne.

1 Meán Fómhair 2015: Tiocfaidh an tAcht in éifeacht. Má bhíonn tú ag leanúint ar aghaidh leis an mbrústocaireacht, caithfidh tú tús a chur le taifid de do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a choinneáil ón 1 Meán Fómhair 2015. Is amhlaidh sin mar go gceanglófar ort faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ar na gníomhaíochtaí brústocaireachta ar ghlac tú páirt iontu sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015.

21 Eanáir 2016: Caithfidh go bhfuil tú cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin dáta seo má ghlac tú páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015. Chomh maith leis sin, caithfidh tú do chéad tacar tuairisceán a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015.

An gá dom clárú?

Is gá duit clárú má bhíonn tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta. Beidh tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta má chomhlíonann tú na coinníollacha seo a leanas:

  1. Tá tú ag déanamh cumarsáid go díreach nó go hindíreach le “Oifigeach Poiblí Ainmnithe” agus
  2. Baineann an chumarsáid sin le “ní iomchuí” agus
  3. Ní díolmhaithe go sonrach atá an chumarsáid sin agus
  1. Tá tú ar cheann amháin díobh seo:
    • Tríú páirtí atá ag fáil íocaíochta chun cumarsáid a dhéanamh thar ceann cliaint (sa chás gurb é atá sa chliant ná fostóir ag a bhfuil 10 fostaithe lánaimseartha nó comhlacht ionadaíoch nó comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin ar a laghad).
    • Fostóir ag a bhfuil níos mó ná 10 fostaithe sa chás go ndéantar na teachtaireachtaí thar do cheann
    • Comhlacht ionadaíoch ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad atá ag déanamh cumarsáid thar ceann a bhall agus is fostaí íoctha nó sealbhóir oifige an chomhlachta a dhéanann an teachtaireacht.
    • Comhlacht tathanta ag a bhfuil fostaí amháin ar a laghad atá ann go príomha chun tabhairt faoi shaincheisteanna ar leith agus is fostaí íoctha nó sealbhóir oifige an chomhlachta atá ag déanamh cumarsáid ar na saincheisteanna sin.
    • Duine ar bith atá ag déanamh cumarsáid ar fhorbairt talún nó ar chriosú talon.

Cé hiad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe?

Is iad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe:

  • Airí agus Airí Stáit
  • TDanna agus Seanadóirí
  • FPEnna le haghaidh toghcheantar sa Stát seo
  • Baill d’údaráis áitiúla
  • Comhairleoirí Speisialta
  • Ard-Rúnaí agus Ard-Rúnaí Cúnta sa státseirbhís
  • Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus stiúrthóir seirbhísí in údarás áitiúil

Cad atá i gceist le "ní ábartha"?

Is éard is ní ábhartha ann ní a bhaineann le:

  • Tionscnamh, forbairt nó mionathrú beartais phoiblí nó clár poiblí ar bith
  • Ullmhú agus leasú dlí ar bith
  • Dámhachtain deontais, iasachta, conartha ar bith, nó ceadúnais nó údaráis ar bith eile a bhaineann le cistí poiblí

seachas cur chun feidhme beartais, cláir, achtaithe nó dámhachtana dá leithéid nó ní ar bith de chineál teicniúil amháin.

Cé na cumarsáidí “eiscthe” (díolmhaithe)?

Is cumarsáidí “eiscthe” (díolmhaithe) iad na nithe seo a leanas agus, dá bhrí sin, ní mheastar gur gníomhaíochtaí brústocaireachta iad (i.e. ní cumarsáidí iomchuí iad):

  • Gnóthaí príobháideacha: Cumarsáidí a dhéanann duine aonair nó a dhéantar thar ceann duine aonair a bhaineann lena g(h)nóthaí príobháideacha féin, ach amháin i gcás go mbaineann siad le haon talamh a fhorbairt nó a chriosú.  I gcás go ndéanann duine aonair cumarsáid faoi thalamh arb ionann í agus a p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach a chriosú nó a fhorbairt agus nach mó achar na talún ná acra amháin, is cumarsáid dhíolmhaithe í an chumarsáid.  Tá treoirlínte mionsonraithe maidir le brústocaireacht i dtaca le talamh a fhorbairt agus a chriosú ar fáil ag www.lobbying.ie.  I ndáil leis sin, is díolmhaithe a bheidh méid suntasach cumarsáidí clinic toghlaigh idir ionadaithe tofa agus na daoine ina dtoghcheantar i gcás go mbaineann an ní le gnóthaí príobháideacha duine aonair. Mar shampla, ní cumarsáidí iomchuí iad cumarsáidí i dtaca le hincháilitheacht duine aonair le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh, teach údaráis áitiúil nó cárta leighis nó i dtaca le teidlíocht duine aonair ina leith sin.
  • Caidreamh taidhleoireachta: Cumarsáidí a dhéanann tír iasachta nó críoch iasachta, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe nó aon eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta eile nó a dhéantar thar a gceann.  Tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine seo ach amháin maidir le cumarsáidí arna gceadú ag na hoifigigh ó thír nó cúlchríoch eile; duine aonair a chónaíonn i dtír eile agus nach bhfuil aon údarás eile aige/aici, ní cháilíonn sé/sí don díolúine.
  • Faisnéis fhíorasach: Cumarsáidí lena n-iarrtar faisnéis fhíorasach nó lena soláthraítear faisnéis fhíorasach mar fhreagairt ar iarraidh ar an bhfaisnéis (mar shampla, cuideachta a fhiafraíonn de sheirbhíseach poiblí conas is féidir léi cáiliú le haghaidh deontas fiontraíochta agus a fhaigheann freagra; duine a dhéanann fiafraí faoi na rialacha i dtaca le pleanáil agus a fhaigheann freagra; faisnéis fhíorasach a sholáthraíonn comhlacht ionadaitheach do roinn rialtais mar fhreagairt ar iarraidh ón roinn).
  • Aighneachtaí foilsithe: Cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a fhoilsíonn sé (mar shampla, aighneachtaí a fhaightear mar fhreagairt ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhfoilsíonn an comhlacht poiblí iad ina dhiaidh sin.) D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoir níos mionsonraithe maidir le próisis chomhairliúcháin phoiblí sa rannán ceisteanna coitianta dá shuíomh Gréasáin.
  • Caibidlí ceardchumainn: Cumarsáidí is cuid de chaibidlí, nó a bhaineann go díreach le caibidlí, ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ghabhann ionadaithe ceardchumainn de láimh thar ceann a chomhaltaí Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil feidhm ag an díolúine ar leith seo maidir le ceardchumann mar atá sainmhínithe san Acht.  Is féidir nach dtiocfaidh gach comhlacht ionadaitheach fostaithe faoin sainmhíniú ar cheardchumann atá leagtha amach san Acht agus, dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag an díolúine maidir leo.
  • Sábháilteacht agus slándáil: Cumarsáidí a bhféadfadh sé gur bhagairt ar shábháilteacht aon duine nó ar shlándáil an Stáit iad a nochtadh.
  • Coistí Oireachtais: Cumarsáidí a dhéantar in imeachtaí coiste de cheachtar Teach den Oireachtas.  Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an díolúine seo ach amháin maidir le himeachtaí foirmiúla coiste a thaifeadtar agus/nó a scríobhtar miontuairiscí orthu de ghnáth.  Níl feidhm aici maidir le cumarsáidí a dhéantar lasmuigh d’imeachtaí foirmiúla.
  • Cumarsáidí ó oifigigh phoiblí ainmnithe nó ó sheirbhísigh phoiblí: Is cumarsáidí díolmhaithe iad na cumarsáidí a dhéanann oifigeach poiblí ainmnithe ina c(h)áil mar oifigeach den sórt sin. (Mar shampla, ní hionann agus brústocaireacht na cumarsáidí a sheolann comhairleoirí contae chuig bainisteoirí údaráis áitiúil nó chuig seirbhísigh phoiblí eile.)  Mar an gcéanna, is cumarsáidí díolmhaithe freisin iad na cumarsáidí a dhéanann seirbhísigh phoiblí (nó na daoine sin atá fruilithe ar conradh ag comhlacht seirbhíse poiblí) sa cháil sin agus a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta seirbhíse poiblí. Tá seirbhísigh phoiblí fostaithe ag comhlachtaí seirbhíse poiblí nó sealbhaíonn siad oifig sna comhlachtaí sin.  Tá “comhlacht seirbhíse poiblí” sainmhínithe san Acht.  Tríd is tríd, tá siad ina gcomhlachtaí Stáit nach comhlachtaí tráchtála Stáit iad.  D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte ar leith d’oifigigh phoiblí ainmnithe, ina bpléitear ar bhealach níos mine leis an díolúine.
  • Rialachas comhlachtaí tráchtála Stáit: Cumarsáidí ó chomhlacht tráchtála Stáit, nó thar ceann comhlacht tráchtála Stáit, a dhéantar le hAire den Rialtas a shealbhaíonn scaireanna sa chomhlacht, nó a bhfuil feidhmeanna reachtúla aige/aici i ndáil leis an gcomhlacht, nó le hoifigigh phoiblí ainmnithe atá ag fónamh i roinn an Aire sin, i ngnáthchúrsa ghnó an chomhlachta. (Mar shampla, cumarsáidí áirithe idir Iarnród Éireann agus an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.)  D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoir níos mionsonraithe maidir leis an díolúine ar leith seo sa rannán ceisteanna coitianta den suíomh Gréasáin lobbying.ie, go háirithe treoir maidir leis na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gnáthchúrsa gnó comhlachta tráchtála Stáit.
  • Grúpaí oibre beartais: Cumarsáidí idir comhaltaí de “chomhlacht iomchuí” arna gceapadh ag Aire, nó ag comhlacht seirbhíse poiblí, chun athbhreithniú, measúnú nó anailís a dhéanamh ar aon saincheist beartais phoiblí d’fhonn tuarascáil a thabhairt don Aire nó don chomhlacht seirbhíse poiblí maidir léi. Is é is “comhlacht iomchuí” ann ná comhlacht a gceapann Aire nó comhlacht seirbhíse poiblí a chomhaltaí, áit a n-áirítear leis an gcomhaltas duine amháin nó níos mó ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad agus duine amháin nó níos mó nach seirbhísigh phoiblí iad ná nach bhfuil fruilithe chun críocha comhlachta seirbhíse poiblí.  (Mar shampla, grúpaí comhairleacha, sainghrúpaí, grúpaí oibre, grúpaí athbhreithnithe nó coimisiúin.) Níl feidhm ag an díolúine seo ach amháin i gcás go seolann an comhlacht iomchuí a ghníomhaíochtaí de réir an Chóid Trédhearcachta. Tá an Cód Trédhearcachta ar fáil ag https://www.lobbying.ie/help-resources/information-for-public-bodies/transparency-code/. D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin nóta treorach níos mionsonraithe maidir le grúpaí comhairleacha, etc., agus Brústocaireacht a Rialáil freisin. D’fhéadfadh go mbeadh an nóta treorach sin úsáideach d’eagraíochtaí a sholáthraíonn rúnaíocht d’oifigeach poiblí ainmnithe nó do ghrúpaí oifigeach poiblí ainmnithe agus a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta.